Maidir le Iarnród Éireann Irish Rail

Is fochuideachta de Chóras Iompair Éireann, é Iarnród Éireann a sholáthraíonn seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus seirbhísí lasta iarnróid. Tá sé i gceannas ar Rosslare Europort chomh maith.

Féach ar roinn na gCeisteanna Coitianta chun na ceisteanna is coitianta a chuirtear ar Iarnród Éireann a léamh. Mura n-éiríonn leat freagra a aimsiú, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

Tá an Roinn Réadmhaoine Grúpa freagrach as punann náisiúnta réadmhaoine CIÉ. Áirítear anseo ligean ar cíos agus díol réadmhaoine nach bhfuil ag teastáil d’úsáid oibríochtúil. D’fhéadfaí go n-áireofaí i réadmhaoin atá le ligean ar cíos idir airsí iarnróid agus aonaid siopa ag stáisiúin bus agus iarnróid.

Is é an Príomhinnealtóir Sibhialta atá freagrach as cothabháil agus athnuachan an iarnróid, na struchtúr agus fhoirgnimh Iarnród Éireann. Tá sé freagrach as rianta, droichid, crosairí comhréidhe, stáisiúin, ardáin, tolláin, gearradh & claífoirt.

I láthair na huaire, tá infheistíocht shuntasach á déanamh ag Iarnród Éireann i dtraenacha, stáisiúin agus sa ghréasán, rud a chuirfidh ar ár gcumas seirbhísí breise agus feabhsaithe a chur ar fáil amach anseo.

Soláthraíonn Iarnród Éireann seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus seirbhísí lasta iarnróid, agus tá sé freagrach as roinnt fosheirbhísí lena n-áirítear Rosslare Europort.