Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin

Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin
Áirithintí Suíocháin Amháin

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád. Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go ticéad sa Chéad Ghrád an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Lastais Iarnród Éireann

Cibé acu ar iarnród nó ar bhóthar, tabharfaidh Lastais Iarnród Éireann tú ansin.

Is rannán ar leithligh de Iarnród Éireann é Lastais Iarnród Éireann. Soláthraímid raon cuimsitheach seirbhísí lasta iarnróid do na margaí Bulclastais, Idirmhodúla agus Lastais Ar Aghaidh.

I dtimpeallacht iomaíoch atá ag dul i méid, is tosaíocht d'aon ghnólacht é costas loingseoireachta agus iompair a laghdú. Is féidir le húsáid iompair ilmhódaigh costais a laghdú go mór trí mhodhanna éifeachtacha iompair a chur le chéile. Seo áit a bhfuil Iarnród Éireann ina phríomhimreoir a chuireann seirbhísí Traenach Lastais ar fáil d’umair / coimeádáin chomh maith le móriompar.

Sa lá atá inniu ann, is réaltacht é an t-athrú aeráide nach féidir le gnóthaí neamhaird a dhéanamh air agus cinntí tráchtála straitéiseacha á ndéanamh acu. Is féidir le aistriú go beartas iompair Ilchuspóireach / Iarnróid cuidiú le lorg CO2 do ghnó a laghdú chomh maith leis an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Gach bliain, sábháltar os cionn 9000 turas bóthair trí úsáid a bhaint as lastiompar iarnróid in Éirinn.

Tá buntáistí móra ag baint le hiompar d'iarnród, amhail ualaí traenacha iomlána umar, coimeádáin nó bulclastas ar nós mianta mianra agus táirgí admhaid a aistriú ar phraghas aniomaíoch. Tá sé an-oiriúnach d’iompar fad-achair. Déantar na línte idir Béal an Átha agus calafort Bhaile Átha Cliath agus calafort Phort Láirge a ghlanadh chun coimeádáin ciúb atá 9 troigh 6 orlach a airde a iompar ar vaigín urláir caighdeánach. Feidhmíonn seirbhís iarnróid ó Luan go Satharn a thugann solúbthacht agus nasc díreach iontaofa le trácht muirí. Tá iompar iarnróid oiriúnach freisin chun earraí guaiseacha a bhogadh toisc go laghdaíonn sé an baol
timpistí.

Iarnród Éireann Freight

Is féidir le húsáid iompair Iarnróid imeall oibríochta a sholáthar. Is féidir le seirbhísí iarnróid sceidealta cabhrú le hoibreoirí lóistíochta agus le heaspórtálaithe iontaofacht an tslabhra soláthair a fheabhsú toisc go bhfeidhmíonn trácht iarnróid de réir an amchláir agus nach mbíonn tionchar ag drochaimsir agus ag brú tráchta ar an mbóthar air.

Más mian leat labhairt linn faoi do riachtanais lóistíochta, iompair easpórtála nó iompórtála, déan teagmháil linn:

Priontáil

Trí shuíomh gréasáin Iarnród Éireann a úsáid, toilíonn tú le húsáid fianán de réir ár mBeartais maidir le Fianáin Beartas maidir le Fianáin.