Eolas faoi Rothair maidir le Taisteal ar Iarnród

Chun cabhrú leat do thuras a phleanáil le do rothar, tá an treoir seo curtha le chéile againn chun cabhrú leat. Tá eolas ar fáil ar an méid seo a leanas:

Tá eolas ar fáil ar an leathanach seo maidir le taisteal le rothair, chun eolas a fháil ar scútair leictreacha, féach ar ár CCanna maidir le beartas scútair leictreacha.  

Rothair ar Thraenacha Idirchathrach

Fáiltíonn Iarnród Éireann roimh rothair ar gach ceann dár seirbhísí ach cuirtear srianta áirithe i bhfeidhm i rith na n-amanna taistil is gnóthaí. Ní ghearrtar aon táille ar shuíochán a chur in áirithe ná ar thaisteal le rothair ar bord aon chinn dár seirbhísí. Is féidir rothair atá fillte agus clúdaithe a iompar ar bord na seirbhísí go léir saor in aisce

Tá áiseanna iompair rothar ar na traenacha Idirchathrach go léir.  TTá stóráil ar fhormhór na seirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh agus ar gach traein ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste atá suite i limistéar ar leith amach ó limistéar paisinéirí na traenach.

Ar gach bealach Idirchathrach eile, tá na spásanna rothair laistigh de limistéar na bpaisinéirí. Ní cheadaítear rothair a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí mura bhfuil spás dóibh sa raca rothar ar bord. Ní gá rothair 'Fillte" a fhágáil sa raca rothar. Ní cheadaítear a leithéidí 'Trírothach' a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí. For bike space dimensions, please see below section.

Beidh ar chustaiméirí a bhfuil ticéad ina seilbh acu cheana agus gur mian leo taisteal lena rothar an rothar a chur in áirithe ar líne saor in aisce, trí úsáid a bhaint as an rogha 'Pas Saorthaistil nó ticéad bailí' ar an bPleanálaí Turais.

Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré, ar líne ag bPleanálaí Turas.

Seirbhísí a thaistealaíonn isteach i Stáisiún Heuston (seirbhísí Idirchathrach agus comaitéirí Phort Laoise)

Tá ár gcuid seirbhísí faoi lánacmhainneacht ag buaic‐am taistil, dá réir sin, ní cheadaítear rothair ag na hamanna sonraithe idir an Luan - an Aoine mura bhfuil an rothar curtha in áirithe ar sheirbhís Idirchathrach roimh ré. Taispeánfar na seirbhísí ar féidir iad a chur in áirithe ar ár bPleanálaí Turas.

  • Seirbhísí a bhaineann Stáisiún Heuston amach idir 07.00 uair agus 09.30 uair
  • Seirbhísí a fhágann Stáisiún Heuston idir 16.00 uair agus 19.00 uair

Áirithintí Rothair

Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré tríd an bPleanálaí Turais thuas

Rothair ar Thraenacha DART agus Comaitéara

Fáiltíonn Iarnród Éireann roimh rothair ar sheirbhísí DART agus Comaitéara lasmuigh de na hamanna taistil is gnóthaí agus níl aon chostasair seo. Is féidir rothair atá fillte agus clúdaithe a iompar ar gach seirbhís DART agus Comaitéara agus ní chuirtear aon srianta ama orthu.

Ní cheadaítear rothair ar sheirbhísí DART agus Comaitéara idir 07:00 agus 10:00 uair agus idir 16:00 uair agus 19:00 uair ó Luan go hAoine. Is féidir le custaiméirí taisteal le rothair an lá go léir Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

  • Síneann seirbhís DART ó Na Clocha Liatha agus Bré trí Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Mullach Íde agus Binn Éadair 
  • Síneann seirbhís Comaitéara Thuaidh Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath trí Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Dún Dealgan
  • Síneann seirbhís comaitéireachta Phort Laoise/Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún Heuston Bhaile Átha Cliath go stáisiúin chomh fada le Port Laoise
  • Síneann seirbhís Comaitéara ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Longfort ó Stáisiún an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath trí Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go an Longfort
  • Síneann seirbhísí Bhaile Átha Cliath go Dún Búinne / Bealach na Pháirce M3 ó Stáisiún Cheantar na nDugaí/ Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath trí Chluain Saileach go Dún Búinne/ Bealach na Páirce M3
  • Síneann seirbhís Comaitéara Theas Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Stáisiún Ghuaire
  • Síneann seirbhísí Comaitéara Mala - Corcaigh - an Cóbh - Mainistir na Corann ó Mhala go Corcaigh, ó Chorcaigh go dtí an Cóbh nó Mainistir na Corann

Má tá tú ag taisteal le do rothar, tabhair an méid seo a leanas faoi deara, le do thoil:

  • Tabhair faoi deara, le do thoil, tá an ceart ar cosaint ag Iarnród Éireann a dhiúltú chun breis agus dhá rothar a iompar mura bhfuil ach dhá spás rothair ar fáil ar sheirbhís Idirchathrach. Mar sin, moltar chun spás a chur in áirithe roimh ré ar líne
  • Is faoi fhoireann an stáisiúin a bhíonn sé chun rothair a iompar ar sheirbhísí Comaitéara
  • B'fhéidir nach mbeifear in ann a cheadú rothair a iompar ar sheirbhísí DART nó Comaitéara ag amanna áirithe (e.g. nuair a bhíonn cluichí spóirt / ceolchoirmeacha móra ar siúl)
  • Ba cheart do chustaiméirí siúl lena rothair nuair atá siad sa stáisiún. Ní cheadaítear rothaíocht i stáisiúin ná ar ardáin
  • Ba cheart do chustaiméirí rampaí agus ardaitheoirí a úsáid seachas staighrí laistigh de stáisiúin chun ardáin a bhaint amach
  • Níor cheart do chustaiméirí a rothair a fhágáil ar bord traenacha
  • Ní féidir le leanaí neamhthionlactha rothair a thabhairt ar thraenacha
  • Úsáid na spásanna stórála rothair a chuirtear ar fáil i gcónaí
  • Ná cuir bac ar bhealaí amach ná ar phasáistí. Tá an ceart ar cosaint ag Iarnród Éireann Irish Rail chun rothair abhaint má bhraitheann an fhoireann go bhfuil bac á chur aige ar chustaiméirí eile nó má cheapann siad go gcruthaíonn sé baol sábháilteachta
  • Is féidir rothar atá 1.8 méadar ar fad agus 0.865 méadar ar leithead, ar a mhéid, a iompar.
  • Ní cheadaítear rothair a bhfuil leantóirí ceangailte leo ach ar sheirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh a bhfuil limistéar ar leith stórála rothar iontu
  • "Is féidir le spásanna rothar ar an gCarr Iarnróid Idirchathrach (ICR) freastal ar rothair leis na toisí seo a leanas: Fad foriomlán - 1800mm Leithead foriomlán - 865mm Leithead uasta na mbonn - 65mm"
  • Freastalóidh na toisí thuas ar gach cineál rothar camchuairte bóthair, sléibhe, agus feistithe go réasúnta. Ar an drochuair, ní féidir freastal ar 'rothair le boinn leithne' le leithead boinn níos mó ná an leithead sonraithe sin inár raca(í) rothar

Páirceáil Rothar ag Stáisiúin Iarnród Éireann

Is féidir le custaiméirí úsáid saor in aisce a bhaint as racaí rothair, nuair a chuirtear ar fáil iad ag stáisiúin Iarnród Éireann.

Mar rogha air sin, tá taisceadáin rothair ar fáil, chomh maith, ar cíos ag roinnt stáisiún. Oibríonn dhá chuideachta taisceadáin rothair laistigh de roinnt dár stáisiúin. Chun teacht ar eolas breise, féach Apcoa - Bike Locker Rental. Téigh go dtí an mhír Eolas Stáisiúin roghnaigh do stáisiún agus tiocfaidh tú ar na háiseanna páirceála rothair atá ar fáil faoi 'Páirceáil agus Naisc Iompair'.

Rothair Infhillte ar bord Traenacha

Is féidir rothair infhillte a iompar ar bord na seirbhísí go léir saor in aisce. Cinntigh go bhfuil do rothar fillte i gceart roimh an traein a bhordáil.

SuíomhCuideachtaSeoladhFónSuíomh Gréasáin
Déantar iad a sheachadadh go dtí gach áit in ÉirinnHighNellyAn Chill Dubh, An tSeanphailís, Contae Luimnigh.(061) 388786 / 086 3967448www.bikehire24.com or www.foldingbikes.ie

Trikes

Customers are advised that trikes are not allowed on any Iarnród Éireann Irish Rail services.

Rothar a Fhruiliú

An mian leat taitneamh a bhaint as na rudaí is fearr a chuireann Tuath na hÉireann ar fáil i ndiaidh duit an traein a fhágáil? Más mian leat, is féidir leis na cuideachtaí éagsúla fruilithe rothar* thíos an tsaoirse sin a chur ar fáil duit ar do luas féin - rothar a fháil ar cíos. Tá eolas forleathan áitiúil acu agus tá siad ar fáil chun cabhrú le haon cheisteanna a fhreagairt a d'fhéadfadh bheith agat maidir le rothaíocht in Éirinn. Chomh maith leis sin, cuirfidh siad lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad ar fáil ar rothar a fhruiliú do chustaiméirí Iarnród Éireann, cibé acu más spéis leat rothar a fháil ar cíos ar feadh uair an chloig, lae nó seachtaine. Ná bíodh moill ort mar sin! Suas ar an diallait leat!

Scéim Rothar Bhaile Átha Cliath

Tá dhá stáisiún nasctha de chuid Scéim Rothar Bhaile Átha Cliath suite ag Stáisiún Heuston. Tabhair cuairt, le do thoil, ar dublinbikes.ie chun teacht ar bhreis faisnéise.

SuíomhCuideachtaSeoladhFónEolas
An ClárMichael Tierney17 Sráid na Mainistreach,
Inis, an Clár
Fón: (065) 29433 nó Ríomhphost: enniscycles@eircom.net€20 sa lá/ €80 sa tseachtain.
Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann.
CorcaighCity View Wheels31‐36 Sráid na Blarnan, CorcaighFón: (021) 4304547Is féidir rothar leictreach Kalkhoff a fháil ar cíos ar €25 sa lá/€125 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann.
CorcaighRoycroft Cycles -Rent-A-BikeCúirt Heron, Carrchlós Fields, An Sciobairín, Corcaigh.Fón: (028) 21235Ríomhphost: roycroftcycles@eircom.net€14/€16/€18 sa lá. 7 rotharbhealach ainmnithe. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann.
CorcaighCycle Scene396 Sráid na Blarnan, CorcaighFón: (021) 4301183Ríomhphost: cyclescene@gmail.com €15 sa lá/€80 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. Teastaíonn éarlais slándála. Moltar áirithint roimh ré a dhéanamh.
Baile Átha CliathBikes or Bicycles47 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath 8Fón: (01) 5610638€20 sa lá/€80 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann
Baile Átha CliathBleeperMerchants Quay Dublin 8

Fón: (01) 437 0930

customercare@bleeperactive.com

Bleeper: Public On-Street Bike Rental

or

LeaseBike: E-Bike Rental Service. Hire an e-bike from as little as €19.99 per week, including repairs and maintenance.

Baile Átha CliathIrish Centre for CyclingCaisleán Mhullach Íde, Mullach Íde, Contae Bhaile Átha CliathFón: (01) 8168345Ríomhphost: info@irishcentreforcycling.ieSuite díreach taobh le stáisiún DART Mhullach Íde ar thailte Chaisleán Mhullach Íde stairiúil. Rothair ar cíos agus turais ar rothar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí. Cuirtear clogad agus veist ard-infheictheachta ar fáil saor in aisce. Rothair de mhúnla Giant ar an gcaighdeán is fearr atá sna rothair go léir a ligtear ar cíos. Is fiú go mór lán na súl a bhaint as tailte áille an chaisleáin agus as na bealaí cósta atá i ngar. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann
Baile Átha CliathNeill's Wheels - Rothair ar Cíos agus TuraisNeill Treacy, Lána na Bó, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2Fón: (085) 1530648Ríomhphost: neill@rentabikedublin.com€10 sa lá nó €60 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann.
Baile Átha CliathRiver CyclesGatekeeper Hut, Ascaill Chesterfield, Baile Átha Cliath 8Fón: (086) 2656258Ríomhphost: paul@rivercycles.comStandard Bikes
2 uair an chloig - €4
Tráthnóna - €5
Lá Iomlán - €10
GaillimhWest Ireland CyclingAonad 1, Cúirt Bridgewater,
Bóthar Chnoc an Dalláin
Íochtarach, Gaillimh
H91E2X5
Fón: (087) 1768480Ríomhphost: admin@westirelandcycling.comRogha de rothair ardchaighdeáin hibride Trek, rothair bhóthair Trek, rothair leictreacha, rothair ghairbhéil, rothair thandaim. Áit a chur in áirithe ar líne. Tá seirbhís bhailithe agus fágála ar fáil ar iarraidh sin.
Ciarraí
(Trá Lí)
O'Halloran Cycles83 An Bhóthar Buí, Trá Lí, Ciarraí.Fón: (066) 22820€10 sa lá/ €50 sa tseachtain. 250 méadar ó Stáisiún Thrá Lí. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann
Laois -Port LaoiseMl KavanaghSráid an Iarnróid, Port Laoise, LaoisFón: (057) 068621357Tréimhse Chíosa: Mei‐M.F. €8 in aghaidh an lae
LuimneachEmerald Appliances21 Sráid an Róistigh, LuimneachFón: (061) 416983 nó Ríomhphost: emeraldalpi@eircom.netTugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann sna séasúir sheachbhuaice
LuimneachPedal Pursuits Bike HireGleann Darach, An Caisleán Nua
Luimneach, V42XT53
Fón: (353) (0)86 813 4061Ríomhphost: pedalpursuitsbikehire@gmail.comTá fáil ar rothair ar cíos ó €5 an rothar. Rothair ar cíos do pháistí idir €10 - €15, rothair ar cíos d'aosaigh €25. Is féidir leat rothair leictreacha a fháil ar cíos freisin ar €45 in aghaidh an lae. Cuirtear clogaid ar fáil le gach rothar
An tAonach
(Tiobraid
Árann)
Moynans4 Cecil Walk, an tAonach, Tiobraid ÁrannFón: (067) 31293Ríomhphost: info@moynans.comTeastaíonn éarlais €50 in aghaidh an rothair agus is gá rothair a chur in áirithe trí seachtaine sula dtabharfar ar cí
Sligeach / LiatroimNorthwest Adventure ToursSligeachRíomhphost: northwestadventuretours@gmail.comCosnaíonn sé ar a laghad €15 ar rothar a fháil ar cíos. Cuirtear lascainí ar fáil do ghrúpa agus cuirimid seirbhís áisiúil bhailithe agus fágála ar fáil do rothair atá ar cíos. Tá turais bhóthair threoraithe ar an mbóthar agus turais easbhóthair ar fáil chomh maith. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann.
Cathair na MartThe Westport Bike ShopThe Paddock, Bóthar Bhaile Uí Fhiacháin, Cathair na MartFón: (098) 24966Ríomhphost: info@westportbikeshop.ie Cosnaíonn rothar a fháil ar cíos €15 sa lá agus is féidir leat rothair leictreacha a fháil ar cíos, chomh maith, ar €30 sa lá. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann.
Cathair na MartWestport Bikes 4 HireAn Cheathrú Bhán, Cathair na Mart, Contae Mhaigh EoFón: (086) 0880882Ríomhphost: info@westportbikes4hire.comCosnaíonn rothar a fháil ar cíos €15 sa lá do dhuine fásta agus €10 do leanbh. Tugtar lascaine a mhéid le 15 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann.

*Caithfear spásanna rothair a chur in áirithe roimh ré

**Tabhair faoi deara, le do thoil, níl Iarnród Éireann agus CIÉ cleamhnaithe leis na cuideachtaí thuas.

Taisceadáin Rothar

An bhfuil suim agat Taisceadáin Rothar a fháil ar cíos?

Féach na sonraí thíos, le do thoil, chun tuilleadh eolais a fháil.

Fón - 0818462899
Ríomhphost - info@apcoa.ie
Suíomh gréasáin - Lockers2Rent.apcoa.ie

An t-eolas thíos i gceart amhail an 16/01/2026

Suíomh
Baile an Ásaigh
Baile Átha Í
Baile Átha Luain
Baile Brigín
Baile an Bhóthair
Bré
Ceatharlach
Caisleán Cnucha
Cluain Dolcáin Cnoc an Fhuaráin
Cluain Saileach
Stáisiún Uí Chonghaile
Cúil Mhín
Corcaigh
Domhnach Bat 
Droichead Átha
Dún Dealgan
Dun Laoghaire
Inis
Gaillimh
Collchoill & Cill Droichid
Heuston
Gabhal Bhinn Éadair
Cill Dara
Cill Chainnigh
Léim an Bhradáin (Droichead Louisa)
Luimneach
Ollpháirc M3
Mullach Íde
Maigh Nuad
An Muileann gCearr
Droichead Nua
Cúil an tSúdaire
Portlaoise
Port Mearnóg
An Ros & Lusca
Na Sollain
Na Sceirí
Cill Fhionntain
Sligeach
Tulach Mhór
Cathair na Mart
Iomlán
Top