Dlíthiúil
Léigh an t-eolas thíos go cúramach le do thoil. Leagtar amach sna téarmaí agus coinníollacha seo (mar aon leis na doiciméad dá dtagraíonn siad) an bonn ar a bhfuil tú i dteideal Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann a rochtain agus a úsáid.
Trí Ardáin Dhigiteacha Iarnróid Éireann a úsáid, deimhníonn tú go nglacann tú leis na téarmaí agus coinníollacha seo (na “téarmaí úsáide”) agus go gcomhaontaíonn tú cloí leo. Mura gcomhaontaíonn tú leis na téarmaí úsáide seo, níor cheart duit an suíomh gréasáin a úsáid.

Fodhlíthe CIE
Is é is cúis le Fodhlíthe CIÉ ná a bheith in ann taisteal ar sheirbhísí Iarnród Éireann, úsáid agus oibriú ár n-iarnród uile a rialáil, agus ord a choimeád orthu freisin.

Beartas maidir le Fianáin
Déanann Iarnród Éireann príobháideacht cuairteoirí uile chun ár suíomh gréasáin a urramú. Leagtar amach sa Bheartas seo maidir le Fianáin ár mbeartas maidir le fianáin a úsáid ar Shuíomhanna Gréasáin uile de chuid Iarnród Éireann.

Coinníollacha Iompair
An t-eolas ar fad atá uait agus tú ag taisteal le Iarnród Éireann.

Iarnród Éireann - Inrochtaineacht na dTraenacha
Déanann Iarnród Éireann gach iarracht cabhrú le custaiméirí a bhfuil a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe dul i mbun taistil ar ár seirbhísí iarnróid. A mhéid faisnéise atá againn maidir leis an gcúnamh a dteastaíonn uait, is é is fearr a bheimid in ann cabhrú leat.

Iarnród Éireann Aip
Úsáideann ár n-aipeanna gnéithe áirithe teileafóin chun eispéireas an úsáideora a fheabhsú. Tá achoimre tugtha againn thíos ar na gnéithe gléis a úsáideann na haipeanna agus an réasúnaíocht atá na gnéithe sin á n-úsáid againn.

Eolas Tábhachtach
Leagtar amach in eolas dlíthiúil tábhachtach Iarnród Éireann ár bhFógra Dlíthiúil, Iarratais, Sainmhínithe Beartais agus Clárú Cuideachta.

Scéim Teanga
Is í seo an chéad Scéim Teanga arna hullmhú ag Iarnród Éireann faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar chuid de Ghrúpscéim i gcoitinne CIÉ.


Cairt Phaisinéirí
Tá Iarnród Éireann tar éis a Chairt Chustaiméirí féin a fhorbairt ina leagtar amach na leibhéil agus na caighdeáin seirbhíse atá tú i dteideal a bheith ag súil leo mar chustaiméir de chuid Iarnród Éireann.
.jpg?ext=.jpg)
Ráiteas Príobháideachais
Déanann Iarnród Éireann do phríobháideacht a urramú agus tá sé tiomanta don phríobháideacht sin a chosaint. Is é is cúis lenár Ráiteas Príobháideachais ná tú a chur ar an eolas maidir leis na sonraí a bhaineann leatsa a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil lenár nArdáin Dhigiteacha agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a bhainimid as na sonraí sin.


Téarmaí Úsáide
Ceadaítear ár nArdáin Dhigiteacha a úsáid ar chúiseanna brabhsála agus chun ár seirbhísí a úsáid. Tá diantoirmeasc ar úsáid ar bith eile a bhaint as an ábhar agus as na bogearraí atá ar ár nArdáin Dhigiteacha, lena n-áirítear ábhar ar na hArdáin Dhigiteacha a atáirgeadh, a mhionathrú, a scaipeadh, a tharchur, a athfhoilsiú nó a chur ar taispeáint gan cead sainráite a fháil uainn.

Conas teagmháil a dhéanamh linn
Sula ndéanann tú teagmháil linn, molaimid athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas ar fad thuasluaite toisc go bhféadfaidh na freagraí atá uait a bheith ann.

Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin Iarnród Éireann
Cé go bhfuil ár ndícheall deánta againn Irishrail.ie a réiteach le bheith inrochtaineach do gach uile úsáideoir láithreáin gréasáin, d'fhéadfadh go mbeadh roinnt cásanna ann ina bhféadfadh úsáideoirí lagamhairc a gcuid taithí a fheabhsú trí fhorlíontáin bhrabhsálaí agus gnéithe a mionchoigeartú. Anseo, gheobhaidh tú treoir maidir le conas do bhrabhsálaí nó do chóras oibriúcháin a chumrú chun an chodarsnacht a shocrú le bheith níos airde ar irishrail.ie.