Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Polasaí Chóras Iompair Éireann um Príobháideachais agus Fianáin

Déanann Córas Iompair Éireann (CIÉ) do phríobháideachas a urramú.

Déanann grúpa cuideachta CIÉ (CIÉ) do phríobháideachas a urramú agus tá sé tiomanta don phríobháideachas sin a chosaint. Tá an Ráiteas Príobháideachais seo á chur ar fáil ag CIÉ chun tú a chur ar an eolas maidir lena Pholasaí Príobháideachais agus cleachtais maidir le príobháideachais, agus maidir leis na roghanna is féidir leat a dhéanamh i ndáil leis na bealaí a bhailítear d’fhaisnéis ar líne agus conas a úsáidtear an fhaisnéis sin. Go ginearálta, tá ár suíomhanna gréasáin leagtha amach ar bhealach gur féidir le daoine féachaint ar shuíomhanna gréasáin CIÉ gan iad féin a shainaithint nó gan an iomarca faisnéise pearsanta a nochtadh. Bíonn an fógra seo le fáil go héasca ar ár leathanach baile agus ag bun gach leathanaigh gréasáin de chuid CIÉ.

Suíomhanna Gréasáin arna gcumhdach ag an Ráiteas Príobháideachais seo

Baineann an Ráiteas Príobháideachais seo le suíomhanna gréasáin agus fearainn uile de chuid Grúpa Cuideachta CIÉ (Córas Iompair Éireann) agus de chuid ár bhfochuideachtaí ar lánúinéireacht, i.e. Bus Éireann, Bus Átha Cliath, CIÉ Tours International agus Iarnród Éireann.

Naisc chuig Suíomhanna Gréasáin nach Suíomhanna Gréasáin CIÉ iad

Ar shuíomhanna gréasáin CIÉ uaireanta, cuirtear naisc ar fáil chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí mar chabhair agus mar eolas duit. Níl CIÉ freagrach as na cleachtais phríobháideachais ná as an ábhar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin seo ná as polasaithe agus cleachtais phríobháideachais tríú páirtithe eile.

Na Cineálacha Faisnéise a Bhailímid:

Faisnéis Phearsanta - is éard atá i bhfaisnéis phearsanta ná faisnéis a bhaineann le d’ainm nó le do chéannacht phearsanta. Úsáideann CIÉ faisnéis phearsanta chun tuiscint níos fearr a fháil ar do riachtanais agus ar d’ábhair spéise agus chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil duit. Má thugann tú faisnéis phearsanta dúinn, is féidir a bheith cinnte nach n-úsáidfear í ach chun do chaidreamh le CIÉ a thacú. Táimid lándáiríre faoin muinín atá agat asainn. Ní dhéanfaidh CIÉ d’fhaisnéis phearsanta a dhíol, a thabhairt ar cíos nó a thabhairt ar léas do dhaoine eile.
Ar shuíomhanna gréasáin áirithe de chuid CIÉ, is féidir táirgí nó seirbhísí a ordú, eolas a iarraidh, síntiús a íoc le haghaidh ábhar margaíochta nó ábhar tacaíochta, tú féin a chlárú, nó iarratas a dhéanamh ar phost le CIÉ. Féadfaidh an fhaisnéis seo a leanas a bheith i measc na faisnéise a chuirtear ar fail dúinn ar na leathanaigh sin: ainm; seoladh poist; uimhir teileafóin; seoladh ríomhphoist; ID úsáideora agus pasfhocail; faisnéis billeála agus idirbhearta; faisnéis maidir le cárta creidmheasa; sainroghanna teagmhála; sonraí maidir le cúlra oideachais agus fostaíochta; agus ábhar spéise i ndáil le poist.

Chun ár suíomhanna gréasáin, seirbhísí agus cumarsáid a phearsantú agus ár dtáirgí agus seirbhísí a fheabhsú, féadaimid iarraidh ort faisnéis a thabhairt dúinn maidir le d’ábhar spéise pearsanta nó gairmiúla, déimeagrafaic, agus eispéiris lenár dtáirgí agus seirbhísí. Tá sé de rogha an úsáideora an fhaisnéis seo a chur ar fáil.

Sonraí Cárta Cliste - is éard atá i sonraí cárta cliste ná sonraí a bhaineann le húsáid idirbhearta an chárta cliste. Déantar suíomhanna na n-idirbhearta a thaifead ar mhaithe le híocaíochtaí cearta a dhéanamh. Is féidir le sealbhóir an charta cliste agus úsáideoir cláraithe an chárta cliste na sonraí maidir le húsáid an chárta a fheiceáil.

Faisnéis Neamhphearsanta - is éard atá i sonraí neamhphearsanta ná sonraí maidir le húsáid agus feidhmiú seirbhíse nach mbaineann le céannacht phearsanta shonrach. Déanann CIÉ faisnéis neamhphearsanta a bhailiú agus a anailísiú chun measúnú a dhéanamh ar conas a úsáideann cuairteoirí suíomhanna gréasáin CIÉ.
Féadfaidh na cineálacha sonraí seo a leanas a bheith i measc na faisnéise neamhphearsanta a bhailímid: na leathanaigh ar a dtugtar cuairt ar shuíomhanna gréasáin CIÉ; URLs1 uathúla ar a dtugtar cuairt laistigh de shuíomhanna gréasáin CIÉ; cineál brabhsálaithe; seoladh IP2; agus pátrúin na gcuairteanna ó thaobh dáta/ama. Bailítear an chuid is mó de shonraí neamhphearsanta trí fhianáin nó trí theicneolaíochtaí anailíse eile. Úsáideann leathanaigh gréasáin CIÉ fianáin. Chun tuilleadh eolais a fháil, léigh ‘An Leas a bhaineann CIÉ as Fianáin’ thíos.

Príobháideachas Leanaí

Tá CIÉ tiomanta do riachtanais phríobháideachais leanaí a chosaint agus molaimid do thuismitheoirí agus caomhnóirí ról gníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus ábhar spéise ar líne a leanaí. Ní bhailíonn CIÉ faisnéis go feasach ó leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois agus ní dhírítear suíomhanna gréasáin CIÉ ar leanaí faoi bhun 13 bliana d'aois.

Úsáid Fianán i CIÉ

Is éard atá i bhfianáin ná téacschomhaid bheaga a úsáideann suíomh gréasáin chun aithint a dhéanamh ar chuairteoirí a thugann athchuairt ar shuíomh gréasáin ionas gur féidir an rochtain agus an úsáid leanúnach a bhaineann siad as an suímh gréasáin a éascú. Ligeann sé do rianú a dhéanamh ar iompar úsáide agus sonraí comhbhailithe a thiomsú ionas gur féidir fógraíocht níos dírithe agus ábhar níos fearr a éascú. De ghnáth, agus fianáin á n-úsáid, sanntar uimhir uathúil don chuairteoir. Bealach simplí amháin chun úsáid fianán a chosc ná an tsaoráid atá ar fáil sa chuid is mó brabhsálaithe gréasáin a chur ar siúl maidir le fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú. Ba cheart do chuairteoirí a thuiscint áfach go bhféadfadh gá a bheith le fianáin airithe chun gnéithe áirithe a chur ar fáil do chuairteoirí, amhail soláthar saincheaptha faisnéise áirithe.

Conas a úsáideann CIÉ d’fhaisnéis?

Úsáideann CIÉ d’fhaisnéis phearsanta chun táirgí nó seirbhísí a chur ar fáil duit agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar do riachtanais agus ar d’ábhar spéise. Go sonrach, úsáidimid d’fhaisnéis chun cabhrú leat idirbhearta nó orduithe a chur i gcrích, chun cumarsáid a dhéanamh leat, chun seirbhís agus tacaíocht a chur ar fáil, chun eolas chun dáta a chur ar fáil duit maidir le seirbhísí agus leasa, chun pearsantú a dhéanamh ar thairiscintí promóisin agus chun roinnt suíomhanna gréasáin CIÉ a phearsantú. Anois is arís, féadaimid d’fhaisnéis a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leat ar chúiseanna taighde margaidh maidir le táirgí nó seirbhísí CIÉ. Tabharfaimid deis duit do roghanna príobháideachais a roghnú maidir lena leithéid de chumarsáid.

Ní úsáidtear faisnéis cárta creidmheasa ach amháin chun íocaíochtaí a phróiseáil agus calaois a chosc. Ní úsáideann ár soláthraithe seirbhísí airgeadais ná CIÉ faisnéis cárta creidmheasa ná sonraí pearsanta íogair ar chúis ar bith eile agus ní choimeádtar í ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na seirbhísí i gceist a chur ar fáil, ach amháin i gcás go n-iarrann tú orainn d’fhaisnéis cárta creidmheasa a choinneáil le haghaidh ceannachán amach anseo.

Is féidir sonraí pearsanta a thugtar do CIÉ a aistriú thar teorainneacha stát agus tíortha eile ar mhaithe le sonraí a chomhdhlúthú agus a stóráil, agus chun bainistiú simplithe a dhéanamh ar fhaisnéis custaiméirí. Nuair a dhéantar d’fhaisnéis phearsanta nó d’fhaisnéis airgeadais a aistriú thar teorainneacha stát nó tíortha eile, déanfaidh CIÉ cinnte go n-aistreofar an fhaisnéis de réir an Pholasaí Príobháideachais seo agus mar a cheadaítear in Achtanna na hÉireann um Chosaint Sonraí.

Déantar faisnéis neamhphearsanta a chomhiomlánú ar mhaithe le tuairisciú a dhéanamh ar úsáideacht, feidhmíocht agus éifeachtúlacht shuíomh gréasáin CIÉ. Úsáidtear í chun feabhas a chur ar éispéireas custaiméirí, ar úsáideacht agus ar ábhar suímh gréasáin.

Cé leis a gcomhroinneann CIÉ d’fhaisnéis?

Ní dhéanfaidh CIÉ d’fhaisnéis phearsanta a dhíol, a thabhairt ar cíos nó a thabhairt ar léas do dhaoine eile. Ní chomhroinnfidh CIÉ d’fhaisnéis phearsanta le tríú páirtithe ach amháin chun d’iarratais ar tháirgí nó seirbhísí a fhreagairt. Lorgófar do chead nuair a chuireann tú d’fhaisnéis isteach. Féadfaidh CIÉ faisnéis custaiméirí a chomhroinnt ar fud eintiteas gnó atá faoi úinéireacht CIÉ agus cuideachtaí a oibríonn thar ceann CIÉ.

Déanann CIÉ conarthaí le soláthraithe seirbhíse agus soláthraithe táirgí tríú páirtí chun táirgí agus seirbhísí iomlána a chur ar fáil. Ceanglaítear ar sholáthraithe táirgí agus ar sholáthraithe seirbhíse an fhaisnéis a fhaightear thar ceann CIÉ a choimeád faoi rún agus gan í a úsáid ar chúis ar bith eile seachas chun na seirbhísí a dhéanann siad thar ceann CIÉ a dhéanamh. Féadfaidh athrú teacht ar na soláthraithe seirbhíse seo nó féadfaimid conradh a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse breise chun seirbhís níos fearr a thabhairt dár gcustaiméirí. Ní chomhroinnfidh CIÉ faisnéis phearsanta le tríú páirtithe eile gan cead a fháil uait, ach amháin má cheanglaítear orthu é sin a dhéanamh faoi chaingean fhorfheidhmiú an dlí, faoi subpoena nó faoin dlí áitiúil.

Má sheirbheálann tríú páirtí subpoena nó doiciméad eile dlí ar CIÉ a cheanglaíonn air d’aitheantas a nochtadh, déanfaidh CIÉ a dhícheall fógra a thabhairt duit maidir leis an seoladh is suas chun dáta inár gcomhaid. Níl CIÉ freagrach mura bhfuil do shonraí pearsanta reatha aige nó mura bhfuil CIÉ in ann fógra a thabhairt ar chúis ar bith eile.

Do Roghanna

Tugann CIÉ rogha duit faiséis éagsúla a fháil a chuireann lenár dtáirgí agus seirbhísí. Is féidir suibscríobh a dhéanamh chun eolas sonrach a fháil maidir le táirgí agus seirbhísí ar leith agus maidir le cumarsáid margaíochta ar fud CIÉ. Féadfaidh eolas maidir le táirgí nua CIÉ, tairiscintí speisialta, nó cuireadh chun páirt a ghlacadh i dtaighde margaidh a bheith i measc chumarsáid CIÉ. Tugaimid rogha duit maidir le cumarsáid CIÉ a chur chugat tríd an bpost, tríd an ríomhphost nó ar an teileafón. Déanfaimid gach iarracht do roghanna a chomhlíonadh. Ní bhaineann an rogha seo le cumarsáid a dhéantar chun orduithe a chur i gcrích.

Do Rogha Príobháideachais agus Díliostáil

I measc samplaí d’úsáid neamhghaolmhar, cuirtear amach cumarsáid a bhaineann le tairiscintí speisialta, eolas faoi tháirgí agus teachtaireachtaí margaíochta. Is féidir rogha a dhéanamh, áfach, na cineálacha seo cumarsáide a fháil trí na treoracha a leanúint ag an am atá d’fhaisnéis phearsanta á cur isteach (“liostáil”).

Chun díliostáil ó chumarsáid atá iarrtha go sonrach agat (amhail nuachtlitreacha tríd an ríomhphost; nuashonraithe bogearraí, etc.) bain leas a ceann ar bith de na modhanna seo a leanas:

  • Roghnaigh an nasc “díliostáil” ar ríomhphoist chun deireadh a chur leo, nó lean na treoracha maidir le díliostáil a áirítear i ngach cumarsáid a bhaineann le suibscríbhinní.
  • Fill ar an leathanach/na leathanaigh gréasáin ar a gcláraigh tú do roghanna an chéad lá riamh agus lean na treoracha ansin maidir le díliostáil
  • Scríobh chuig Rannóg na mBealaí Digiteacha - bí cinnte go gcuireann tú d’ainm, do ríomhphost agus do sheoladh poist ar fáil, chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le do clárúcháin le CIÉ.

Rochtain ar d’fhaisnéis agus Cruinneas d’fhaisnéise

Déanann CIÉ gach iarracht d’fhaisnéis a choinneáil cruinn beacht. Táimid tar éis teicneolaíocht, próisis bainistíochta agus polasaithe a chur i bhfeidhm chun cruinneas sonraí custaiméirí a chinntiú. Tabharfaimid rochtain duit ar d’eolas, lena n-áirítear iarracht réasúnach a dhéanamh chun rochtain ar líne a chur ar fáil duit mar aon le deis chun d’fhaisnéis a athrú. Chun do phríobháideachas agus slándáil a chosaint, glacfaimid bearta réasúnacha chun do chéannacht a bhailíochtú, amhail pasfhocal agus ID úsáideora, roimh rochtain a thabhairt duit ar do shonraí. Féadfaidh go mbeidh rochtain theoranta ar chodanna áirithe de shuíomhanna ag daoine ar leith trí phasfhocail agus aitheantóirí pearsanta eile a bheith ag teastáil.

D’fhaisnéis a choinneáil slán

Tá CIÉ tiomanta don fhaisnéis a chuireann tú ar fáil a choinneáil slán. Chun rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe a chosc, chun cruinneas sonraí a choinneáil, agus chun úsáid iomchuí na faisnéise a chinntiú, tá CIÉ tar éis nósanna imeachta fisiciúla agus bainistíochta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a bhailímid a chosaint.

Nuair a cheannaítear ticéid taistil ar líne nó nuair a fhaightear rochtain ar do phróifíl phearsanta, is féidir é sin a dhéanamh trí fhreastalaí slán. Le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán a úsáid, ciallaítear go ndéantar faisnéis phearsanta uile, amhail uimhir do chárta creidmheasa/dochair, a chriptiú agus í ag taisteal ó do ríomhaire chuig Ineall Áirithinte Ar Líne CIÉ. Nuair a fhaightear í, déantar an fhaisnéis a dhíchriptiú agus a phróiseáil sa bhealach céanna a dhéantar gnáth-idirbheart cárta a phróiseáil ar an teileafón. Tá an beart slándála seo ag oibriú nuair a fheiceann tú siombail d’eochair bhriste nó glas dúnta (ag brath ar do bhrabhsálaí) ag bun fhuinneog do bhrabhsálaithe.

Má thacaíonn do bhrabhsálaí le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán agus má tá tú tar éis dul isteach ar ár suíomh trínár bhfreastalaí slán a rochtain, déanfar cosaint ar aon traschur a dhéantar ar shonraí íogaire. Mura dtacaíonn do bhrabhsálaí le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán, molaimid duit uasghrádú a dhéanamh chuig an leagan is déanaí de bhrabhsálaí ar bith chun slándáil idirbhearta todhchaí a chosaint; thairis sin, seans nach mbeidh tarchur d’fhaisnéise pearsanta cosanta agus ní bheidh CIÉ freagrach sa chás sin.

Athruithe ar an bhFógra seo

Má bhaineann nuashonruithe le téarmaí Ráiteas Príobháideachais CIÉ, déanfaimid na hathruithe sin a phostáil agus dáta athbhreithnithe an doiciméad seo a nuashonrú, agus mar sin, beidh tú ar an eolas i gcónaí maidir leis an eolas a bhailímid ar líne, conas a úsáidimid í agus na roghanna atá agat.

Teagmháil a dhéanamh linn

Is mór ag CIÉ do thuairimí. Má tá tuairimí nó ceisteanna agat maidir lenár bPolasaí Príobháideachais, seol chuig Rannóg na mBealaí Digiteacha iad nó scríobh chugainn ag an seoladh seo a leanas:

Rannóg na mBealaí Digiteacha
Iarnród Éireann Irish Rail
Stáisiún Uí Chonghaile
Baile Átha Cliath 1
Éire

R-phostdigital@irishrail.ie

Athbhreithniú: Deireadh Fómhair 2004

  1. Is éard atá in URL (aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne) ná seoladh domhanda doiciméad agus acmhainní eile ar an nGréasán Domhanda. Mar shampla, is é https://www.cie.ie an URL le haghaidh leathanaigh baile CIÉ.
  2. Is éard atá i seoladh IP ná aitheantóir ríomhaire nó gléis ar ghréasán Prótacal Rialaithe Tarchurtha/Prótacal Idirlín (TCP/IP), amhail an Gréasán Domhanda. Úsáideann gréasáin an prótacal TCP/IP chun faisnéis a ródú bunaithe ar sheoladh IP an chinn scríbe. Is é sin le rá, is uimhir í seoladh IP a shanntar go huathoibríoch do do ríomhaire am ar bith atá tú ag scimeáil ar an Idirlíon a ligeann do fhreastálaithe Gréasáin do ríomhaire a aimsiú agus a shainaithint. Bíonn seoltaí IP ag teastáil ó ríomhairí ionas gur féidir le húsáideoirí cumarsáid, brabhsáil agus siopadóireacht a dhéanamh ar líne.

Polasaí Iarnród Éireann maidir le Fianáin

Déanann Iarnród Éireann príobháideacht cuairteoirí uile chun ár suíomh gréasáin a urramú. Leagtar amach sa Bheartas seo maidir le Fianáin ár mbeartas maidir le fianáin a úsáid ar Shuíomhanna Gréasáin uile de chuid Iarnród Éireann.

Féadaimid ár mBeartas maidir le Fianáin a nuashonrú chun athruithe ar bith a tharlaíonn ó thaobh na teicneolaíochta nó sa reachtaíocht cosanta sonraí a léiriú. Léireofar ar an leathanach seo nuashonruithe nó athruithe ar bith a fhéadfaidh difear a dhéanamh don mbealach a bhainimid úsáid as fianáin nó don bhealach is féidir leat fianáin a bhainistiú mar úsáideoir.

Cad is Fianáin ann?

Is éard atá i bhfianáin ná téacschomhaid bheaga a úsáideann suíomh gréasáin chun aithint a dhéanamh ar chuairteoirí a thugann athchuairt ar shuíomh gréasáin ionas gur féidir an rochtain agus an úsáid leanúnach a bhaineann siad as an suímh gréasáin a éascú. Ligeann fianáin do rianú a dhéanamh ar iompar úsáide agus sonraí comhbhailithe a thiomsú ionas gur féidir fógraíocht níos dírithe agus ábhar níos fearr a éascú. De ghnáth agus fianáin á n-úsáid, sanntar uimhir uathúil don chuairteoir. Bealach simplí amháin chun úsáid fianán a chosc ná an tsaoráid atá ar fáil sa chuid is mó brabhsálaithe gréasáin a chur ar siúl maidir le fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú. Ba cheart do chuairteoirí a thuiscint áfach go bhféadfadh gá a bheith le fianáin airithe chun gnéithe áirithe a chur ar fáil do chuairteoirí, amhail soláthar saincheaptha faisnéise áirithe.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin ar www.aboutcookies.org agus ar www.allaboutcookies.org

Fianáin ar shuíomhanna gréasáin Iarnród Éireann

Socraíonn Iarnród Éireann na cineálacha fianán seo a leanas ar do ghléas nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna gréasáin;

Fianáin atá fíor-riachtanach

Déanann na fianáin seo seirbhísí a lorg tú go sonrach a chumasú. Áirítear leo fianáin seisiúin a ligeann d’úsáideoirí fanacht logáilte isteach agus nascleanúint á dhéanamh acu tríd an suíomh gréasáin agus tascanna riachtanacha a dhéanamh amhail míreanna a chur sa chiseán nuair atá ticéid á gceannach ar ár suíomh gréasáin.

De ghnáth, ní bhíonn faisnéis ar bith a shainaithneodh an duine sna fianáin seo agus socraíonn Iarnród Eireann iad chun seirbhísí sonracha a chur ar fáil, amhail idirbhearta ríomhthráchtála.

Fianáin feidhmíochta agus anailísíochta

Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis staitistiúil a bhailiú maidir le cuairteoirí chuig an suíomh gréasáin agus na leathanaigh ar a bhféachann siad. Ní bhailíonn na fianáin seo faisnéis lena shainaithneofar cuairteoirí. Comhiomlánaítear agus úsáidtear go hanaithnid an fhaisnéis uile a bhailíonn na fianáin seo. Socraíonn Iarnród Éireann fianáin Google Analytics chun an fhaisnéis staitistiúil seo a úsáid.

Fianáin dírithe agus fógraíochta

Úsáidtear na fianáin seo chun fógraíocht a bhaineann leatsa agus le d’ábhair spéise a sholáthar. Úsáidtear iad freisin chun teorann a chur leis an méid ama a fheiceann tú fógra, chomh maith le cabhrú chun éifeachtúlacht an fheachtais fógraíochta a thomhas.

I measc na seirbhisí a úsáideann na cineálacha fianán sin tá Google AdSense nó DoubleClick.

Fianáin eile tríú páirtí

Cuid de na fianáin a shocraítear ar ár suíomhanna gréasáin, ní bhaineann siad le hIarnród Éireann. Nuair a thugann tú cuairt ar leathanach ar a bhfuil ábhar ó thríú páirtí leabaithe, amhail YouTube, Twitter nó Facebook, féadfaidh na soláthraithe seirbhíse seo a bhfianáin féin  a shocrú ar do bhrabhsálaí gréasáin.

Ní rialaímid úsáid na bhfianán seo agus ní féidir linn iad a rochtain toisc nach mbíonn rochtain ag páirtí ar bith eile ar fhianáin ach ag na páirtithe a shocraíonn iad an chéad lá riamh.  Ba cheart suíomhanna gréasáin tríú páirtí a sheiceáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin agus beartas fianán na dtríú páirtithe seo.

Fianáin a rialú agus a dhíchumasú

Bealach simplí amháin chun úsáid fianán a chosc ná an tsaoráid atá ar fáil sa chuid is mó brabhsálaithe gréasáin a chur ar siúl maidir le fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú. Ba cheart do chuairteoirí a thuiscint áfach go bhféadfadh gá a bheith le fianáin airithe a chur ar fáil chun gnéithe áirithe a chur ar fáil do chuairteoirí, amhail ticéid a cheannach.

Cliceáil ar an nasc chun  tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin a bhainistiú, lena n-áirítear conas díliostáil ó fhianáin feidhmíochta a fháil.

Cliceáil ar an nasc chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas díliostáil as Google Analytics a fháil.

Aipeanna Oifigiúla Iarnród Éireann

Úsáideann ár n-aipeanna gnéithe áirithe teileafóin chun eispéireas an úsáideora a fheabhsú. Tá achoimre tugtha againn thíos ar na gnéithe gléis a úsáideann na haipeanna agus réasúnaíocht atá na gnéithe sin á n-úsáid againn.  

Am ar bith, má theastaíonn uait nach n-úsáideann an aip aon cheann de na gnéithe thíos a thuilleadh, téigh chuig socruithe do ghléas Apple nó chuig do Bhainisteoir Ceaduithe Android chun rochtain a leasú.

Stóráil -Tá cead ag teastáil chun an aip a bhogadh chuig an cárta SD. Caithfidh an aip seo a bheith in ann a sonraí féin a léamh agus a scríobh ina dhiaidh sin. Is gné Android é seo a ligeann d’úinéir an fhóin chliste an méid is mó cuimhne inmheánach / cuimhne gléis agus is féidir a ghlanadh nó a chabhraíonn leo má athraíonn siad go sásláimhe nua.

Cumarsáid Gréasáin - Tá gá leis seo toisc go gcaithfidh an aip nascadh lenár bhfreastalaithe nuair a ritear ceisteanna a chuireann a torthaí ar ais chuig an bhfón cliste maidir le faisnéis fhíor-ama agus faisnéis maidir le traenacha ina stad. Bainimid úsáid as sonraí beo toisc nach féidir leagan as líne a fheidhmiú i bhfianaise chineál na timpeallachta iarnróid. Is ann do sheiceáil freisin maidir le cibé an bhfuil nasc idirlín ar fáil nó nach bhfuil.

Do Láthair - Tá gné san aip a thugann rogha stáisiúin in aice láimhe a thaispeáint trí Léarscáileanna agus Geoichlibeáil a úsáid; mar sin is gá láthair an úsáideora a bheith ar eolas againn chun an ghné sin a fheidhmiú. Seoltar comhordanáidí amha chuig ár bhfreastalaithe chun liosta de na stáisiúin sa cheantar a fháil. Ní úsáidtear an láthair sin ach aon uair amháin agus ní stóráiltear go buan í.

D’fhaisnéis phearsanta - Ligeann an cead seo don aip sonraí a léamh agus a scríobh isteach i bhféilire an ghléis. Is féidir leis an úsáideoir turais a shábháil ar a fhéilire agus, mar sin, is gá gur féidir linn na himeachtaí a stóráil. Úsáidimid an cead léitheoireachta chun liosta a fháil de na féilirí uile atá ar fáil toisc gur féidir níos mó ná féilire amháin a bheith ar fáil; mar sin, is féidir leis an úsáideoir rogha an féilire ar a shábháiltear an turas a roghnú. Ní dhéanaimid iontrálacha féilire atá ann cheana féin a léamh nó a láimhseáil.

Ligeann an cead sin don úsáideoir aicearraí a chur ar scáileán baile an ghléis ionas go mbeidh rochtain tapa acu ar cheisteanna áirithe. Mar sin, ní bhíonn ar an úsáideoir túsphointe agus ceann scríbe a chur isteach arís le haghaidh gach turas.

Barr