Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Taisteal Mórthimpeall na hÉireann ar an Traein le hIarnród Éireann

ICR Fleet

Is é Iarnród Éireann Irish Rail, an Soláthróir Náisiúnta Iarnróid in Éirinn, agus tá bealach simplí, áisiúil agus compordach á chur ar fáil aige chun taisteal mórthimpeall ar ár dtír álainn. Is cuma más ag taisteal achar fada idir contaetha éagsúla atá tú, nó achar gearr idir ceantair uirbeacha, tá iompar poiblí den chéad scoth á chur ar fáil ag Iarnród Éireann is cuma cá bhfuil do thriall. Cén fáth nach gcaitheann tú súil ar á mapaí bealaigh chun cabhrú leat do thuras ar ár ngréasán iarnróid a phleanáil.
 
Más spéis leat turas níos faide a thabhairt mórthimpeall na hÉireann, is bealach compordach agus álainn iad ár seirbhísí réigiúnacha agus Idirchathracha chun taisteal ó chontae go contae. Tá roinnt áiseanna iontacha le fáil sna traenacha cosúil le WiFi, seirbhísí lónadóireachta agus soicéid chumhachta. Féach ar ár leathanach Intercity más spéis leat tuilleadh eolais faoinár seirbhísí Idirchathracha agus más spéis leat eolas faoinár seirbhísí lónadóireachta féach ar ár leathanach lónadóireachta .
 
Más spéis leat taisteal achar gearr do thurais lae nó chuig imeachtaí mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath, is fiú úsáid a bhaint as ár seirbhísí DART agus Comaitéireachta chun dul ó áit go háit. Bíonn an dá sheirbhís ar fáil gach 15 nóiméad agus tá siad ag freastal ar líon mór stáisiún thart ar Bhaile Átha Cliath agus sna contaetha taobh leis. Ritheann líne an DART feadh chósta Mhuir Éireann ó Mhullach Íde nó Binn Éadair i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath chomh fada ó dheas leis na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Tá radharc tíre álainn le feiceáil fad is atá an traein ag taisteal go tapa ó bhaile go baile. Tá na seirbhísí Comaitéireachta ag dul níos faide ná línte an DART, freastalaíonn siad ar na contaetha mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath, cosúil le An Lú, An Mhí, An Longfort, Cill Dara agus Cill Mhantáin. Féach ar ár leathanach Seirbhísí DART agus Comaitéireachta más spéis leat tuilleadh eolais. 

Taisteal mhórthimpeall na hÉireann ar an Traein

Ciallaíonn na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag Iarnród Éireann gur furasta taisteal mórthimpeall na hÉireann. Freastalaíonn ár ngréasán iarnróid ar Bhéal Feirste, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo, Sligeach, Port Láirge, Loch Garman agus go leor contaetha eile in Éirinn. Ceannaigh  'Trekker Pass' or 'Explorer Travel Ticket' agus bain lán do shúil as ár dtír álainn ar do shuaimhneas. Trínár dtáillí iontacha ar líne is féidir ticéid traenach lascanaithe a cheannach nuair a chuirtear ticéid in áirithe 7 lá nó níos mó roimh ré, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos saoire fós taitneamh a bhaint as an méid atá ar fáil inár dtír álainn!

Idir shléibhte agus lochanna Chill Airne i gCo. Chiarraí agus chósta creagach Chuan na Gaillimhe. Tabhair cuairt ar stad deiridh an Titanic sa Chóbh i gCo. Chorcaí, nó caith seal ag spaisteoireacht i gcathair stairiúil an Mharmair (Cill Chainnigh). Caith tamall i Loch Garman  agus i bPort Láirge más spéis leat áilleacht Oirdheisceart na hÉireann a fheiceáil.
 
Chomh maith le lán do shúl a bhaint as áilleacht nádúrtha an cheantair, bíonn féilte agus imeachtaí spleodracha ar siúl in Éirinn ó cheann ceann na bliana.
 
Mark 4
 

Cuir do thicéid in áirithe ar líne chun am agus airgead a shábháil

Tá lascaine ollmhór á tairiscint ag Iarnród Éireann ar thicéid a cheannaítear ar líne i gcomparáid le ticéid a cheannaítear inár n-oifig áirithinte inár stáisiúin. Nuair a chuireann custaiméirí ticéad in áirithe ar líne 7 lá níos mó roimh ré, bainfidh siad tairbhe as ár dtáillí is saoire ag brath ar éileamh. Más spéis leat tuilleadh eolais, féach ar ár leathanach táillí gréasáin .

Nuair a bhíonn áirithint á déanamh agat ar líne, is féidir leat tairbhe a bhaint as ár gcóras áirithinte suíocháin. Má tá tú ag taisteal le cairde nó baill teaghlaigh is féidir leat suíochán taobh lena chéile a roghnú ionas nach mbeidh sibh scartha óna chéile má bhíonn an traein plódaithe. Suigh siar ar do shuaimhneas agus bain taitneamh as comhluadar daoine eile fad is atá tú ag taisteal trínár dtír álainn.

Taisteal Teaghlaigh

Tá táillí teaghlaigh iontacha á dtairiscint ag Iarnród Éireann do theaghlaigh de suas le 2 Dhuine Fásta agus 4 Leanbh. Le haghaidh laethanta teaghlaigh ar an DART is féidir le teaghlach de 1 nó 2 dhuine fásta agus suas le 4 leanbh an méid taistil agus is mian leo a dhéanamh ar an DART nó ar thraein Fho-uirbeach le haghaidh €20 in aghaidh an lae.

Chomh maith leis sin, tá táillí teaghlaigh iontacha ar fáil ar ár seirbhísí Idirchathracha. Féach ar ár leathanach Taisteal Teaghlaigh más spéis leat eolas faoin méid airgid is féidir leat féin agus do theaghlach a shábháil.

Chun cabhrú linn cabhrú leat an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as do thuras féach ar:

Barr