Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Téarmaí agus Coinníollacha Iarnród Éireann i gcás Ticéad Ar Líne

Anuas ar na téarmaí thíos, tagann an úsáid a bhaineann tú as áirithintí ar líne Iarnród Éireann faoi réir na dTéarmaí agus Coinníollacha úsáide a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo. Trí sheirbhís áirithintí ar líne Iarnród Éireann a úsáid, tá tú ag comhaontú agus ag cur do chomhaontaithe in iúl go dtoilíonn tú a bheith faoi cheangal ag na téarmaí thíos agus ag na Téarmaí agus Coinníollacha maidir le hÚsáid sin.

Rialacha maidir le hAthruithe agus Cealuithe

Tríd an suíomh gréasáin seo nó trí sheirbhís áirithintí ár lárionad glaonna, is féidir ticéid Leathsholúbtha, Ticéid Iomlán Sholúbtha agus Ticéid den Chéad Ghrád a leasú agus a chealú faoi réir na rialacha ticéad agus táillí is infheidhme. Cuirtear na rialacha ticéad sin i láthair agus aon cheann de na ticéid atá ar fáil duit le haghaidh do thurais á roghnú agat.

Leasuithe nó Cealuithe

  • Bailigh ag Meaisín Ticéad - ní féidir ticéad/ticéid a bhailítear ó Mheaisín Díola Ticéad a chur ar ceal nó a leasú nuair a phriontáiltear é
  • Íoslódáil Ticéid QR - is féidir iad a leasú faoi réir choinníollacha an chineáil ticéid a ceannaíodh nuair nach bhfuil an Ticéid QR bailíochtaithe ie scanta ag bailíochtóir i stáisiún nó ag ball foirne ar bord seirbhíse

Tabhair faoi deara go gcaithfear áirithintí a leasú ar líne tríd an rannán 'Mo Chuntas' nó 'M’Áirithintí' ar an suíomh gréasáin. Ní ghlacfar le hiarratais ar chealuithe nó ar leasuithe trí ríomhphost. Is féidir le custaiméirí a bhfuil fadhbanna acu lena n-áirithint ar líne glaoch ar ár nIonad Glaonna.

Is féidir le custaiméirí rochtain a fháil ar a n-áirithint freisin tríd an nasc ‘Féach Téarmaí agus Coinníollacha ar fad anseo' ina ríomhphost deimhnithe áirithinte.

Leagtar amach thíos na coinníollacha a bhaineann le gach saghas ticéad;

Ticéid Táille Íseal

Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 48 uair an chloig roimh an turas amach, faoi réir 50 faoin gcéad móide an difríocht sa táille. 

Ticéid Leathsholúbtha

Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin. Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 24 uair an chloig roimh an turas amach, faoi réir 20 faoin gcéad móide an difríocht sa táille.

Ticéid Sholúbtha

Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin. Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 60 nóiméad roimh an turas amach.

Ticéid den Chéad Ghrád

Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin. Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 60 nóiméad roimh an turas amach.

Lascainí Grúpa

I gcás go gcuirtear lascainí i bhfeidhm ar líne, i.e. rátaí grúpa, cóid lascaine nó dearbháin, tá an táille cealaithe bunaithe ar phraghas comhiomlán an ticéid roimh lascaine ar bith a chur i bhfeidhm.

Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád agus sanntar suíochán atá curtha in áirithe i gcás ina bhfuil sé ar fáil. Ba chóir do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go dtí an Chéad Ghrád, an rogha seo a úsáid freisin. Mura gcuirtear ticéad bailí, aitheantas cuí nó formhuirear ar fáil nuair is gá, beidh fíneáil €100 mar aon leis an táille iomchuí neamhíoctha le híoc.

Ticéad d’Aosach óg/do Mhac Léinn

Is féidir le hAosaigh Óga atá idir 19 agus 25 bliain d'aois agus mic léinn ticéid a cheannach le Cárta Leap d’Aosach Óg (19-25 bliain) TFI, Cárta Leap do Mhic Léinn TFI nó le cárta Lascaine bailí Translink do Mhic Léinn in ainm an phaisinéara.Mura bhféadfaidh tú ticéad bailí agus aitheantas cuí mar mhac léinn a chur ar fáil nuair is gá, gearrfar fíneáil €100 ort mar aon leis an táille ábhartha neamhíoctha.

Bailiú Ticéid

  • Bailigh ag Meaisín Ticéad - Roimh dhul ar an traein, ní mór ticéad a bhailiú ó mheaisín díola ticéad i stáisún ar bith de chuid Iarnród Éireann (laistigh de Phoblacht na hÉireann)
  • Íoslódáil ticéid QR - is féidir le custaiméirí an PDF (lena n-áirítear a dticéad cód QR) a íoslódáil chuig a ngléas móibíleach, nó an ticéad PDF a phriontáil sa bhaile roimh thaisteal

Téigh chuig ár leathanach Eolas maidir le Ticéid a Bhailiú chun tuilleadh eolais a fháil.

Rothair a Iompar

  • I gcás gur féidir rothar a iompar, is é 1.8m ar fhad agus suas go 0.865m ar leithead uasmhéid na rothar is féidir a iompar.
  • Agus áirithint le haghaidh cathaoireach rothaí á ceannach agat, tabharfar eolas duit sa ríomhphost deimhnithe áirithinte a chabhróidh leat do thuras a phleanáil.

Fodhlíthe agus Coinníollacha Iompair

Mura féidir ticéad bailí nó comhartha aitheantais iomchuí a thaispeáint nuair a iarrtar ort, gearrfar fíneáil €100 ort, anuas ar an táille iomchuí neamhíoctha. I gcás ticéad atá millte, doléite, stróicthe, scoilte, caillte nó goidte, ní bheidh sé bailí le haghaidh taistil, ní thabharfar amach ceann eile ina áit agus ní bheidh an custaiméir i dteideal aisíocaíochta. Ní mór do chustaiméirí ticéad nua a cheannach chun taisteal.

***Bí i do shuíochán 20 nóiméad roimh an am imeachta, le do thoil***

Eisítear ticéid uile faoi réir Fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann agus Coinníollacha Iompair Iarnród Éireann. Chun cóip de na doiciméid seo a fháil, scríobh chuig: Iarnród Éireann, Ionad Eolais do Chustaiméirí, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1.

Déan teagmháil linn

Má tá ceist ar bith agat nó má tá cabhair uait chun áirithint ar líne a dhéanamh, déan teagmháil lenár Lárionad Glaonna ar (01) 8366 222. Uaireanta Oscailte: Luan - Aoine 08:30 - 18:00 (seachas Laethanta Saoire Poiblí)

Go raibh maith agat as taisteal le hIarnród Éireann.

Barr