Friday 31st October, Saturday 1st and Sunday 2nd November - Due to Engineering works between Heuston/Newbridge and Dun Laoghaire/Greystones, service amendments will be in place including bus transfers. Please check our Journey Planner prior to travel.
Ba cheart iompar frithshóisialta a thuairisciú leis an Seirbhís Téacs. Is éard is Iompar Frithshóisialta ann ná iompar atá mar chúis ciaptha, imní suntasaí nó leanúnaí, míshuaimhnis, eagla nó imeagla do dhuine eile nó a d’fhéadfadh na nithe sin a chúiseamh do dhuine eile, iompar a gcuireann isteach ar dhuine a gcuid maoin a úsáid, nó iompar a chuireann isteach ar dhuine maoin DART nó Iarnród Éireann a úsáid ar bhealach suntasach nó leanúnach.
Áirítear an méid seo a leanas (mar aon le nithe eile) leis an iompar frithshóisialta ar féidir iad a thuairisciú leis an Seirbhís Téacs: meisce in áit phoiblí, iompar mí-ordúil, loitiméireacht, agus iompar ionsaitheach nó maslach.
Nuair a chuireann tú TRAIN chuig 51444 i dtéacs, faigheann ár soláthraí seirbhíse, Sendmode do theachtaireacht téacs (ar dtús), agus ansin cuirtear ar aghaidh í chuig foireann ainmnithe de chuid Iarnród Éireann, é sin nó bíonn rochtain acu uirthi.
Tagann sé seo faoi réir aon fhadhbanna córais nó líonra, nó moilleanna ama, a bheith ann i gcónaí.
Gheobhaidh ár soláthraí seirbhíse téacs, Sendmode, do shonraí chun cabhrú linn Seirbhís Téacs Iarnróid Éireann a chur ar fáil.
Ag brath ar nádúr na heachtra, tá seans ann go n-iarrfaí ar Iarnród Éireann do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig na Gardaí, go háirithe más rud é go bhfuil na Gardaí ag fiosrú gníomhaíochta choiriúla ar an DART, nó ag aon stáisiún DART agus más finné thú ar choir.
Mar aon leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh orainn do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig ár n-árachóirí nó chuig ár gcomhairleoirí dlí mar pháirt de haon éileamh a bhaineann leis an eachtra a tuairiscíodh.
I gcás ina roinntear sonraí beidh sé á rialú ag conradh i gcomhréir le Beartas Cosanta Sonraí Iarnróid Éireann, Bealtaine 2018.
Seol an t-eochairfhocal “TRAIN”, mar aon le do chur síos ar an iompar frithshóisialta, chuig 51444
Tá sé tábhachtach go mbainfidh tú úsáid an eochairfhocal ‘TRAIN’, ós rud é gur Seirbhís Téacs Roinnte is ea an uimhir téacs 51444 – cuirfear an téacs chuig Iarnród Éireann nuair a úsáidtear an focal “TRAIN”.
Má bhaineann d’iarratas le gníomhaíocht choiriúil cuir tuairisc chuig An Garda Síochána agus tiocfaidh siad i gcomhairle le hIarnród Éireann chun fístéipeanna CCTV a rochtain.
Má bhaineann d’iarratas CCTV le do chuid íomhánna pearsanta féin, déan teagmháil le dpo@irishrail.ie le d’iarratas.
Níl an tseirbhís téacs saor in aisce mar gur cuireadh in iúl d’Iarnród Éireann go bhféadfadh go bhfaighfí níos mó téacsanna bréige nó téacsanna nach bhfuil i ndáiríre dá mbeadh an tseirbhís téacs saor in aisce.
Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís téacs eispéireas an chustaiméara a fheabhsú, gan cur isteach ar an tseirbhís ag déileáil le téacsanna cleasa.
Tá costas ann chun an téacs a sheoladh.
Tá costas an téacs ag braith ar oibritheoir gutháin an úsáideora agus ar an bplean acu.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an ngnáthchostas a bhaineann le téacs a sheoladh, déan teagmháil le d’oibritheoir gutháin.
155 Carachtar is ea gnáththéacs
Má tá ceist ar bith agat maidir leis an gcaoi ina ndéantar do chuid sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, féach ar ár bPolasaí Príobháideachais (lena n-áirítear eolas maidir le sonraí a bhailiú i gcomhthéacs Sheirbhís Téacs Iarnród Éireann).
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn freisin ag dpo@irishrail.ie
Ní ghlacann Iarnród Éireann, thar a cheann féin agus thar ceann aon chonraitheoir, fochonraitheoir, gníomhaire nó comhpháirtí, le haon fhreagracht as aon chliseadh nó mífheidhmiú teicniúil nó as aon fhadhb eile in aon líonra, seirbhís, freastalaí, soláthróir nó in aon áit eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le téacs arna sheoladh tríd an seirbhís ag dul ar strae, nó ina gcúis le téacs nár seoladh i gceart nó nach bhfuarthas é.
Tarscaoileann custaiméirí agus úsáideoirí eile na Seirbhíse a gceart chun aon éileamh a dhéanamh i gcoinne Iarnród Éireann ar aon dhliteanas, caillteanas, damáistí nó costais a eascraíonn ó aon fhadhbanna a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar nó i ndáil le húsáid na Seirbhíse.
Bainimid úsáid as 51444 mar uimhir téacs. Sendmode a chuireann an uimhir sin ar fáil dúinn. Baineann seirbhísí eile úsáid as an uimhir 51444, rud a chiallaíonn gur uimhir roinnte is ea í.
Cad é an bunús dlíthiúil a bhaineann le mo chuid sonraí pearsanta a phróiseáil nuair a bhainim úsáid as an seirbhís téacs frithshóisialta?
Ag seo thíos, an bonn dlí faoina ndéanaimid na sonraí pearsanta a ghabhann leat a bhailiú, a phróiseáil agus a aistriú:
• Chun comhlíonadh lenár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála faoi Fhodhlíthe CIÉ 1984 agus faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005
Tá Iarnród Éireann tiomanta don bhailiú sonraí dleathach, cothrom agus trédhearcach a chinntiú. Déanfar Sonraí Pearsanta a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin.Déanfar Sonraí Pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí Sa chás seo, tá leasanna dlisteanacha ann chun na sonraí seo a bhailiú.
Is é cuspóir na próiseála seo ná cur ar chumas Iarnróid Éireann iompar frithshóisialta ar an DART nó ag stáisiún traenach a rianú agus déileáil go cuí leis agus/nó chun damáiste do mhaoin a rianú agus déileáil go cuí leis sin.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoinár bpróiseáil sonraí pearsanta mar chuid den tSeirbhís Téacs Iarnróid Éireann, féach le do thoil ar ár bPolasaí Príobháideachais.
Níl sé i gceist againn stop a chur leis an tseirbhís mar thoradh ar iompar frithshóisialta a thuairiscítear.
Ach, i gcás eachtra éigeandála nó sábháilteachta, leanfaidh Iarnród Éireann | Irish Rail gnáthphrótacail agus d'fhéadfaí cur isteach ar sheirbhís nó ar sheirbhísí.
Ní nochtfar do shonraí pearsanta a fhaightear ón téacs don Fhoireann (seachas iad siúd atá ainmnithe chun an tSeirbhís a oibriú) ná do thríú páirtithe Is é aidhm na Seirbhíse téacs ná cuireadh a thabhairt do chustaiméirí téacs a chur go discréideach, chun eachtra d'iompar frithshóisialta a thuairisciú.
Ní bhainfidh. Ní roinnfidh Iarnród Éireann do shonraí pearsanta le tríú páirtithe ach amháin nuair is gá é chun aghaidh a thabhairt ar an eolas atá i do theachtaireacht téacs tríd an tSeirbhís Train Text agus mar a leagtar amach sna Téarmaí agus Ceisteanna Coitianta agus inár bPolasaí Príobháideachta.
Ní bhainfear úsáid as an eolas a chuireann tú ar fáil tríd an tseirbhís téacs Iarnróid Éireann chun margaíocht a chur chugat.
Mar a leagtar amach sna Téarmaí agus Ceisteanna Coitianta seo, tá conradh ag Iarnród Éireann le soláthraithe seirbhíse tríú páirtithe chun cabhrú leis an Seirbhís Téacs.
Our service providers are required to keep confidential the information received on behalf of Iarnród Éireann and may not use it for any purpose other than to carry out the services they are performing for Iarnród Éireann. These service providers may change or we may contract with additional service providers to better accommodate our customers.