Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Téarmaí Úsáide, Ráiteas Príobháideachais agus Beartas maidir le Fianáin de chuid Iarnród Éireann

Táimid tar éis ár dTéarmaí Úsáide, ár Ráiteas Príobháideachais, ár mBeartas maidir le Fianáin agus Eolas faoinár nAip a nuashonrú chun é a dhéanamh níos éasca d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an saghas faisnéise a bhailímid agus ar na cúiseanna a bhailímid í. 

Tá feabhas curtha againn ar an mbealach a dhéanaimid cur síos ar ár gcleachtais agus mar is féidir leat do shonraí a rialú. Tá na nuashonruithe seo á ndéanamh againn de réir agus atá rialacháin nua um chosaint sonraí ag teacht i bhfeidhm san Aontas Eorpach agus tá an deis á tapú againn feabhsúcháin a dhéanamh le haghaidh úsáideoirí uile Iarnród Éireann.

Fianáin a Fheiceáil agus a Bhainistiú

Fógra Dlíthiúil Tábhachtach

Léigh go cúramach na Téarmaí Úsáide, an Ráiteas Príobháideachais agus an Beartas maidir le Fianáin seo a leanas. Leagtar amach sna téarmaí agus coinníollacha seo (mar aon leis na doiciméid dá dtagraíonn siad) an bonn ar a bhfuil tú i dteideal Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann a rochtain agus a úsáid.

Trí Ardáin Dhigiteacha Iarnróid Éireann a úsáid, deimhníonn tú go nglacann tú leis na téarmaí agus coinníollacha seo (na “téarmaí úsáide”) agus go gcomhaontaíonn tú cloí leo.  Mura gcomhaontaíonn tú leis na téarmaí úsáide seo, níor cheart duit an suíomh gréasáin a úsáid.

Feidhmchláir Eile

Ba cheart na téarmaí úsáide, an ráiteas príobháideachais agus an Beartas maidir le Fianáin seo a leanas a úsáid in éineacht leis na téarmaí agus na coinníollacha arna gcomhaontú ag am na híocaíochta;

Sainmhínithe 

  • Tagraíonn ‘táimid’, ‘déanaimid’ ‘uainn’, ‘againn’, ‘sinn’, ‘ár’, srl. d’Iarnród Eireann.
  • Tagraíonn ‘tú/tusa’, ‘custaiméir’, ‘paisinéir’, ‘úsáideoir’ do dhuine ar bith seachas ball foirne a dteastaíonn uathu leas a bhaint as ár seirbhísí.
  • Is éard is ciall le hArdáin Dhigiteacha sna téarmaí agus coinníollacha seo ná sócmhainní amhail ‘Suíomh(anna) Gréasáin’, aip(eanna), taispeántas faisnéise le haghaigh custaiméirí, ‘Wi-Fi’, ‘nuachtlitir’ nó ‘meáin shóisialta’ arna bhfeidhmiú nó arna n-úsáid ag Iarnród Éireann.

Clárú na Cuideachta

Is éard atá i gceist le hArdáin Dhigiteacha ná ardán ar bith atá faoi úinéireacht Iarnród Éireann nó atá á oibriú ag Iarnród Éireann, Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath 1. Uimhir Chláraithe na Cuideachta: 119571 Uimhir CBL: IE 4812851 O.

Baineann na Téarmaí Cuideachta seo le hArdáin Dhigiteacha uile atá faoi úinéireacht Iarnród Éireann nó atá á n-oibriú ag Iarnród Éireann.

 Ar mhaithe le d’éascaíocht tá liosta thíos de na téamaí úsáide ar fad.

Téarmaí Úsáide

Ardáin Dhigiteacha a Úsáid

Ceadaítear ár nArdáin Dhigiteacha a úsáid ar chúiseanna brabhsála agus chun ár seirbhísí a úsáid. Tá diantoirmeasc ar úsáid ar bith eile a bhaint as an ábhar agus na bogearraí ar ár nArdáin Dhigiteacha, lena n-áirítear ábhar ar na hArdáin Dhigiteacha a atáirgeadh, a mhionathrú, a scaipeadh, a tharchur, a athfhoilsiú nó a chur ar taispeáint gan cead sainráite a fháil uainn.

Níl cead na hArdáin Dhigiteacha nó aon chuid de na hArdáin Dhigiteacha a atáirgeadh, a chóipeáil, a dhíol, a athdhíol nó a shaothrú ar chúiseanna tráchtála nach bhfuil ceadaithe go sainráite againn.

Níor chóir mí-úsáid a bhaint as na hArdáin Dhigiteacha trí víreas, traíoch, péist, buama loighce nó ábhar ar bith eile atá mailíseach nó díobhálach a thabhairt isteach go feasach nó go meargánta. Níor chóir iarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a fháil ar na hArdáin Dhigiteacha, ar an bhfreastalaí ar a bhfuil na hArdáin Dhigiteacha stóráilte nó ar fhreastalaí, ríomhaire nó bunachar sonraí ar bith atá ceangailte leis na hArdáin Dhigiteacha. Níor cheart ionsaí a dhéanamh ar na hArdáin Dhigiteacha trí ionsaí diúltaithe seirbhíse nó ionsaí scaipthe diúltaithe seirbhíse a dhéanamh.

Coimeádaimid an ceart againn féin rochtain ar na hArdáin Dhigiteacha agus/nó ar na seirbhísí istigh iontu a dhiúltú dár rogha féin, lena n-áirítear, gan teorann, má táimid den tuairim go sáraíonn an t-iompar sin an dlí is infheidhme, má tá sé díobhálach dár leasa nó má sáraíonn sé na Téarmaí Úsáide seo.

Maoin Intleachtúil

Is linne nó is lenár gceadúnóir é an t-ábhar ar fad a áirítear ar na hArdáin Dhigiteacha, amhail téacs, grafaicí, lógónna, íocóin cnaipe, íomhánna, gearrthóga fuaime agus bogearraí agus tagann sí faoi chosaint dhlíthe an chóipchirt agus/nó dlíthe eile maoine intleachtúla is infheidhme. Admhaíonn tú nach bhfuil cead agat ábhar ar bith a léirítear ar na hArdáin Dhigiteacha a úsáid ach amháin mar atá údaraithe againne agus comhaontaíonn tú thairis sin gan an t-ábhar sin a chóipeáil, a atáirgeadh, a tharchur, a scaipeadh nó gan oibreacha díorthacha di a chruthú gan cead i scríbhinn a fháil uainn roimh ré.

Teorannú ar Dhliteanas agus Séanadh

Admhaíonn agus comhaontaíonn tú leis seo go bhfuil ár nArdáin Dhigiteacha ar fáil lena n-úsáid ‘mar atá siad’ agus ‘mar atá siad ar fáil’ gan ráthaíochtaí ar bith de chineál ar bith agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, ní dhéanaimid ráthaíocht ar bith i ndáil le, agus ní bheidh freagracht ar bith orainn i ndáil le, cruinneas, infhaighteacht, iontaofacht, slándáil, oiriúnacht don fheidhm nó feidhmíocht na nArdán Digiteach ná a bhfuil iontu.

Admhaíonn agus comhaontaíonn tú go bhféadfaimis do rochtain ar ár nArdáin Dhigiteacha a chur ar fionraí go sealadach ar chúis ar bith gan fógra a thabhairt, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do nuair a bhíonn cliseadh, earráid, locht nó mífheidhm in aon chuid de na hArdáin Dhigiteacha.

Ach amháin mar a leagtar amach go sainráite sna Téarmaí Úsáide seo, ní chuirtear san áireamh leis seo a mhéid is féidir a cheadaítear leis an dlí, léiriúcháin, ráthaíochtaí, téarmaí agus coinníollacha uile, sainráite nó intuigthe, i ndáil leis na hArdáin Dhigiteacha nó an fhaisnéis a thugtar iontu.

Ós rud é nach féidir linn ráthaíocht a thabhairt go mbeidh na hArdáin Dhigiteacha gan locht nó go mbeidh an fhaisnéis a thugtar ar na hArdáin Dhigiteacha i gceart, comhaontaíonn tú nach mbeimid faoi dhliteanas ar bith i leith caillteanas nó damáiste ar bith a eascraíonn as na hArdáin Dhigiteacha nó a bhfuil iontu, nó ina dtaobh, cibé an bhfuil sé sin faoi theoiricí conartha, tort (lena n-áirítear faillí), diandliteanas nó eile.

Réimsí Idirghníomhacha

Mar chuid dár nArdáin Dhigiteacha, féadfaidh go mbeidh fóraim díospóireachta, cláir feasacháin, athbhreithnithe ó úsáideoirí nó fóraim eile inar féidir leatsa nó tríú páirtithe ábhar a phostáil. Teachtaireachtaí, ábhar nó ábhar eile ar an Ardán Digiteach (“Réimsí Idirghníomhacha”). Má tá a leithéid de Réimsí Idirghníomhacha ar fáil, is tusa atá freagrach as an úsáid a bhaineann tú astu agus is ar do phriacal féin a úsáideann tú iad. Trí Réimsí Idirghníomhacha a úsáid, comhaontaíonn tú go sainráite gan aon cheann de na rudaí seo a leanas a phostáil, a tharchur, a scaipeadh, a stóráil, a chruthú nó a fhoilsiú ar aon bhealach eile tríd an Ardán Digiteach:

  • Teachtaireacht, sonraí, faisnéis, téacs, ceol, fuaim, grianghraif, grafaicí, cód nó ábhar ar bith eile (“Ábhar”) atá neamhdhleathach, leabhlach, clúmhillteach, gáirsiúil, pornagrafach, mígheanasach, graosta, ionsaitheach, ciapach, bagrach, maslach, gríosaitheach, calaoiseach, sáraitheach ar chearta príobháideachais nó ar chearta poiblíochta nó inlochtaithe ní míchuí ar bhealach ar bith eile.
  • Ábhar arbh ionann é, a spreagfadh nó a sholáthródh treoracha do thabhairt faoi cion coiriúil, a sháródh cearta aon pháirtí, nó a sháródh aon dlí infheidhme ar bhealach eile;
  • Ábhar a d'fhéadfadh aon phaitinn, trádmharc, rún ceirde, cóipcheart nó aon mhaoin intleachtúil nó ceart dílsithe eile aon pháirtí a shárú;
  • Ábhar a dhéanann pearsanú ar aon duine nó aonán nó a dhéanann mí-ionadaíocht, ar bhealach eile, ar an mbaint atá agat le duine nó le haonán;
  • Promóisin gan iarraidh, feachtasaíocht pholaitiúil, fógraíocht nó sirtheoireacht;
  • Ábhar a d'fhéadfadh cearta príobháideachais tríú páirtí a shárú;
  • Víris, sonraí truaillithe nó comhaid eile dhíobhálacha, shuaiteacha nó mhillteacha; nó
  • Ábhar, a mheasaimid féin, a bhféadfaí cur ina choinne nó a leagann srian nó cosc ar aon duine eile ó úsáid nó sult a bhaint as na Réimsí Idirghníomhacha nó as an Ardán Digiteach seo, nó a d’fhéadfadh sinn nó ár n-úsáideoirí a nochtadh d’aon díobháil nó dliteanas d’aon sórt.

Ní ghlacaimid aon fhreagracht agus níl aon dliteanas orainn as Ábhar ar bith d’aon saghas a chuirtear in airde, a stóráiltear nó a uaslódálann tusa nó aon tríú páirtí ar an Ardán Digiteach seo, nó as aon chaillteanas nó díobháil a dhéantar mar thoradh air sin.  Mar sholáthraí seirbhísí idirghníomhacha, níl dliteanas orainn as aon ráiteas, ionadaíocht nó Ábhar a sholáthraíonn úsáideoirí an Ardáin Dhigitigh seo in aon Réimse Idirghníomhach nó ar aon fhóram poiblí eile.  Cé nach bhfuil aon dualgas orainn scagadh nó eagarthóireacht nó monatóireacht a dhéanamh ar aon chuid den Ábhar a phostáiltear nó a scaiptear trí aon Réimse Idirghníomhach, coimeádaimid an ceart againn féin, agus tá sé de lánrogha againn, aon Ábhar a phostáiltear nó a stóráiltear ar Ardán Digiteach ar bith am ar bith agus ar chúis ar bith, a bhaint, a scagadh nó a chur in eagar agus is tusa amháin atá freagrach as cóipeanna cúltaca a chruthú d ‘Ábhar ar bith, nó as Ábhar ar bith a phostálann nó a stórálann tú a ionadú ar aon Árdán Digiteach ar do chostas féin amháin.

Má bhaintear aon úsáid as na Réimsí Idirghníomhacha nó as codanna eile de na hArdáin Dhigiteacha, seachas i gcomhréir leis na Téarmaí agus Coinníollacha úsáide seo, i measc rudaí eile, is féidir an rochtain atá agat ar na Réimsí Idirghníomhacha agus/nó ar na hArdáin Dhigiteacha a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí. D’fhonn ordú cúirte dlínse inniúla a chomhlíonadh nó chun ár gcórais nó úsáideoirí na nArdán Digiteach a chosaint, d’fhéadfaimis aon fhaisnéis atá á coimeád againn a phróiseáil agus a nochtadh maidir le húsáideoir na nArdán Digiteach seo a phostálann nó a uaslódálann Ábhar míchuí nó Ábhar inlochtaithe, lena n-áirítear, gan teorainn, ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh IP, stair úsáide agus Ábhar postáilte.

Dlíthe is infheidhme a chomhlíonadh

De bharr chineál domhanda an Idirlín, comhaontaíonn tú cloí le dlíthe uile an cheantair áitiúil maidir le hiompar ar líne. Comhaontaíonn tú freisin cloí le rialacha ar bith is infheidhme maidir le sonraí teicniúla ar bith a easpórtáil ó thír ar bith.

Naisc chuig Ardáin Dhigiteacha eile

Féadfaidh naisc áirithe chuig ardáin dhigiteacha atá á n-oibriú ag tríú páirtithe a bheith ar Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann.  Is mar éascaíocht duitse a chuirtear na naisc sin ar fáil. Níl rialú ar bith againn ar na hArdáin Dhigiteacha seo agus nílimid freagrach as a n-infhaighteacht nó as an ábhar nó as na cleachtais a bhaineann leo. Trí naisc go hArdáin Dhigiteacha eile a sholáthar ar an Ardán Digiteach, níl moladh á thabhairt ar ábhar ar bith a léirítear ar na hArdáin Dhigiteacha sin ná níl baint ar bith againn lena n-oibreoirí.

Nascadh lenár nArdáin Dhigiteacha

Is féidir nasc a chur ar fáil chuig ár leathanach baile má dhéanann tú é ar bhealach atá cothrom agus dleathach, gan dochar a dhéanamh dár gclú ná gan buntáiste a bhreith as. Níor cheart nasc a bhunú ar bhealach ar bith a thugann baint, ceadú nó moladh ónár dtaobh le fios i gcás nach bhfuil a leithéid ann. Níor cheart nasc a bhunú ar aon Ardán Digiteach chuig aon Ardán Digiteach eile nach leis an úsáideoir féin é. Níor cheart go mbeadh na hArdáin Dhigiteacha frámaithe ar aon suíomh eile, ná níl cead agat nasc a chruthú chuig aon chuid eile de na hArdáin Dhigiteacha seachas an leathanach baile. Coimeádaimid an ceart againn féin cead nasctha a aistarraingt gan fógra a thabhairt.

Más mian leat úsáid a bhaint as ábhar ar bith ar na hArdáin Dhigiteacha seachas an úsáid thuasluaite, déan teagmháil linn.

Athruithe

Féadfaimid na Téarmaí Úsáide seo agus doiciméad ar bith dá dtagraítear iontu a leasú ó am go ham. Sonrófar ar na hArdáin Dhigiteacha an dáta is déanaí ar a ndearnadh leasú ar na téarmaí úsáide.

Dlí Rialaithe

Déanfar na Téarmaí Úsáide seo a rialú agus a fhorléiriú de réir dlíthe na hÉireann agus leis seo, glacann tú le dlínse eisiatach Chúirteanna na hÉireann.

Ráiteas Príobháideachais

Déanann Iarnród Éireann do phríobháideachas a urramú agus tá sé tiomanta don phríobháideachas sin a chosaint. Is é is cúis lenár Ráiteas Príobháideachais ná tú a chur ar an eolas maidir leis na sonraí a bhaineann leatsa a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil lenár nArdáin Dhigiteacha agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a bhainimid as sonraí dá leithéid sin.

Má tá ceist ar bith agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn

Sonraí Pearsanta a Dhéanaimid a Bhailiú agus a Phróiseáil

Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo agus as ár gcaidreamh leat. Tá na cineálacha sonraí pearsanta seo a leanas i measc na gcineálacha sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil dúinn:

Ticéad a Cheannach

  • Teideal
  • Teagmhálaí:
  • Ríomhphost:
  • Uimhir Theagmhála:
  • Céadainm(neacha):
  • An ticéad a ceannaíodh
  • Eolas faoin tseirbhís
  • Seoladh Prótacal Idirlín (IP) do ghléas
  • Seoladh Ríomhphoist an Phaisinéara (roghnach)
  • Uimhir Theagmhála an Phaisinéara (roghnach)
  • Ainm úsáideora (roghnach - sealbhóir cuntas amháin, ní cuairteoir)
  • Pasfhocal (roghnach - sealbhóir cuntas amháin, ní cuairteoir)
  • Dáta Breithe (roghnach - sealbhóir cuntas amháin, ní cuairteoir)
  • Seoladh (roghnach - sealbhóir cuntas amháin, ní cuairteoir)
  • Rogha Teagmhála (roghnach - sealbhóir cuntas amháin, ní cuairteoir)
  • Faisnéis ar bith eile a bhaineann leat a thugann tú dúinn nó a ghinimid fút i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as ár nArdáin Dhigiteacha

Fógra um Pionós Socraithe

  • Ainm
  • Fireann/Baineann
  • Seoladh
  • Dáta Breithe
  • Cruth
  • Neas-aois
  • Neas-airde
  • Spéaclaí
  • Gruaig
  • Tréithe eile
  • Deimhnithe ag
  • ID ceadaithe
  • Stáisiúin is Cóngaraí
  • Áit bordála
  • Ceann scríbe
  • Faisnéis maidir leis an tseirbhís

Faisnéis Íocaíochta

  • Ainm ar an gCárta
  • Uimhir an Chárta
  • Mí agus Bliain Éaga an Chárta
  • Uimhir CVV (má tá sé ar fáil)

Ár nAip

  • Suíomh
  • Faisnéis Phearsanta - féilire agus teagmhálaithe
  • Féach mír na haipe chun tuairisc iomlán a fháil.

Ríomhphost/ Teileafón/ Aiseolas ar na Meáin Shóisialta, Gearáin nó Ceisteanna

Chun cabhrú le custaiméirí i gcás ceisteanna ginearálta, gearáin nó chun aiseolas ginearálta a thabhairt dúinn, is féidir linn cuid de na sonraí thíos a lorg chun a bheith in ann cabhair níos fearr agus freagra níos tapúla a thabhairt:

  • Ainm
  • Ríomhphost:
  • Uimhir Theagmhála:
  • Seoladh
  • IP
  • Brabhsálaí, gléas nó córas oibríochta
  • Uimhir an Áirithinte/Fógra Íocaíochta Seasta
  • Na chéad 6 uimhir agus na 4 uimhir deireanacha den fhaisnéis íocaíochta 
  • Nóta ginearálta nó míniú ar an aiseolas
  • Sonraí an turais/ticéid
  • Ní lorgóimid faisnéis uait ach amháin má tá sí ag teastáil chun cabhrú leat, agus ní úsáidfear í ach amháin chun déileáil leis an gcumarsáid.

Faisnéis Eile

  • Taighde margaidh, Aiseolas agus Comórtais - féadfaidh go mbeidh sonraí teagmhála ag teastáil, más gá
  • Seoladh Prótacal Idirlín (IP) as a ndéanann tú an tArdán a rochtain agus
  • Faisnéis ar bith eile a bhaineann leat a thugann tú dúinn nó a ghinimid fút i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as ár nArdáin Dhigiteacha.

Faisnéis Neamhphearsanta

Bailímid agus déanaimid anailísiú ar fhaisnéis áirithe staitistiúil maidir leis an úsáid (“faisnéis neamhphearsanta”). Nuair a thugann tú cuairt ar ár nArdáin Dhigiteacha, féadfaidh go gcoinnítear an fhaisnéis neamhphearsanta seo a leanas maidir leis an gcuairt:

  • An t-ardán deireanach óna bhfuair tú rochtain ar ár suíomh;
  • Aitheantas ineall cuardaigh ar bith a úsáidtear chun ár n-ardáin a rochtain, agus téarmaí cuardaigh ar bith a úsáidtear;
  • Seoladh IP aon nasc a úsáidtear chun ár n-ardán a rochtain;
  • Cineál an bhrabhsálaithe, cineál an ghléis agus cineál an chórais oibríochta a úsáidtear;
  • Dáta agus am na rochtana;
  • Liosta de na leathanaigh ar fad ar tugadh cuairt orthu; agus
  • An leathanach óna dtéann tú amach as an ardán

Bailítear an chuid is mó d’fhaisnéis neamhphearsanta trí fhianáin nó trí theicneolaíochtaí anailíse eile. Féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an úsáid a bhaineann Iarnród Éireann as fianáin.

Príobháideachas Leanaí

Tá Iarnród Éireann tiomanta do riachtanais príobháideachais leanaí a chosaint agus molaimid do thuismitheoirí agus caomhnóirí ról gníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus ábhar spéise ar líne a leanaí. Ní bhailíonn Iarnród Éireann faisnéis go feasach ó leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois agus ní dhírítear suíomhanna gréasáin Iarnród Éireann ar leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois.

An úsáid a bhaineann Iarnród Éireann as do shonraí pearsanta agus as d’fhaisnéis neamhphearsanta

Úsáideann Iarnród Éireann d’fhaisnéis phearsanta chun táirgí nó seirbhísí a chur ar fáil duit agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar do riachtanais agus ar d’ábhar spéise. Go sonrach, úsáidimid d’fhaisnéis chun cabhrú leat idirbhearta nó orduithe a chur i gcrích, chun cumarsáid a dhéanamh leat, chun seirbhís agus tacaíocht a chur ar fáil, chun eolas nuashonraithe a chur ar fáil duit maidir le seirbhísí agus leasa, chun fógraíocht iompraíochta ar líne a dhéanamh i gcomhréir lenár mBeartas maidir le Fianáin, chun pearsantú a dhéanamh ar thairiscintí promóisin agus chun roinnt Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann a phearsantú.

Anois is arís, féadaimid d’fhaisnéis a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leat ar chúiseanna taighde margaidh maidir le táirgí nó seirbhísí Iarnród Éireann. Tabharfaimid deis duit do roghanna príobháideachais a roghnú maidir lena leithéid de chumarsáid.

Ní úsáidtear faisnéis cárta creidmheasa ach amháin chun íocaíochtaí a phróiseáil agus calaois a chosc. Ní úsáideann ár soláthraithe seirbhísí airgeadais nó Iarnród Éireann ár bhfaisnéis íocaíochta ar chúis ar bith eile.

Déantar faisnéis neamhphearsanta a chomhiomlánú ar mhaithe le tuairisciú a dhéanamh ar úsáideacht, feidhmíocht agus éifeachtúlacht shuíomh gréasáin Iarnród Éireann. Úsáidtear í chun feabhas a chur ar éispéireas custaiméirí, ar úsáideacht agus ar ábhar suímh gréasáin.

An bunús dlí ar a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta

Is iad seo a leanas na bunúis dlí ar a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta:

  • Go bhfuil sé riachtanach chun tascanna a dhéantar chun leas an phobail a chur i gcrích nó chun an údarás oifigiúil atá dílsithe ionann faoin dlí a chur i bhfeidhm;
  • Go bhfuil sé riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhaineann linn a chomhlíonadh;
  • Go bhfuil sé riachtanach chun an conradh atá againn leat a chomhlíonadh; nó
  • Go bhfuil tú tar éis an phróiseáil a thoiliú.

Cé leis a chomhroinneann Iarnród Éireann d’fhaisnéis

Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na críocha thuasluaite, lena n-áirítear:

  • Chuig tríú páirtithe a mbímid i dteagmháil leo chun seirbhísí a sholáthar dúinn i ndáil lenár nArdáin Dhigiteacha, amhail soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe, comhairleoirí agus iniúchóirí gairmiúla; Féach Liosta de na Soláthraithe Reatha - Formáid PDF
  • Chuig baill eile dár ngrúpa corparáideach;
  • Chuig úinéirí nó oibreoirí comharba an ardáin dhigitigh; agus
  • Chuig údaráis agus comhlachtaí eile poiblí nuair is gá nó nuair a cheadaítear faoin dlí, amhail an Garda Síochána nó údaráis eile forfheidhmithe dlí chun críocha na coireachta a chosc, a iniúchadh nó a bhrath.
  • Ní dhéanfaidh Iarnród Éireann d’fhaisnéis phearsanta a dhíol, a thabhairt ar cíos nó a thabhairt ar léas do dhaoine eile.

Coinneáil

Ní choinneofar do shonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Coinneoimid do shonraí pearsanta fad is a dteastaíonn sé uainn agus ar na cúiseanna a ndéantar cur síos orthu, nó chun cloígh lenár ndualgais faoin dlí infheidhmithe agus chun déileáil le haon éileamh nó aighneas a d’fhéadfadh teacht aníos eadrainn, má tharlaíonn a leithéid.

If you have opted into receiving news, updates, offers and promotional material from Iarnród Éireann the retention period on transactional data will only be applied if you opt out.

Beartas Coinneála
Leagan Tuairisc ar an athrú
Díolachán Ticéad Ar Líne (Aoi) Sonraí idirbheartaíochta 84 mí*
Díolachán Ticéad Ar Líne (Cuntas) 84 mí ón idirbheart is déanaí ar an gcuntas*. Is féidir cuntais a dhúnadh am ar bith tríd n mír Mo Chuntas.
Fógra Íocaíochta Seasta 84 mí ón am a dhúntar an gearán*
Rannóg na Bainistíochta ar Chaidreamh le Custaiméirí - Gearáin ó Chustaiméirí 84 mí ón am a dhúntar an gearán*
Ceisteanna, Cabhair agus Aiseolas i gcás Custaiméirí 84 mí ón am a dhúntar an gearán*
DART+ Programme - Stakeholder Feedback Until End of 2026
Imeacht Ticket Tailor 4 sheachtain i ndiaidh imechta

 * Féadfaidh taifid a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ag brath ar iniúchadh nó díospóid a bheith fós ar siúl. Más rud é gur roghnaigh tú nuacht, , an t-eolas is deireanaí, agus ábhar bolscaireachta a fháil ó Iarnród Éireann ní chuirfear an tréimhse choinneála ar shonraí idirbheartaíochta i bhfeidhm ach amháin má athraíonn tú an cinneadh iad a fháil.

Aistrithe

I ndáil leis an méid thuasluaite, féadaimid do shonraí pearsanta a aistriú go háiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithnítear ag an gCoimisiún Eorpach mar áit a gcuireann an méid céanna cosanta ar fáil le haghaidh sonraí pearsanta mar a fhoráiltear dó san Aontas Eorpach, mar shampla, is uirlis taighde custaiméirí ar líne arna cur ar fáil ag cuideachta i SAM é surveymonkey agus úsáidtear é chun taighde margaidh a dhéanamh ar ár dtáirge nó seirbhísí.

Má dhéanfaimid é sin, agus a mhéid a dhéanfaimid é sin, cinnteoimid go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun comhlíonadh a dhéanamh ar ár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a rialaíonn a leithéid d’aistrithe. Féadfar a áireamh iontu sin conradh a rialaíonn an t-aistriú ina bhfuil ‘clásail chonarthacha chaighdeánacha’ arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún Eorpach chun na críche sin nó, i gcás aistrithe chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, a chinntíonn go gcumhdaíonn creat Sciath Phríobháideachais AE-SAM an t-aistriú.

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe agus faoi réir srianta áirithe, maidir le de shonraí pearsanta:

  • An ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain;
  • An ceart chun leasú agus/nó scriosadh a lorg ar do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun srian a chur ar an leas a bhaintear as do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun cur i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun do shonraí pearsanta a chur tú ar fáil dúinn a fháil i bhformáid atá struchtúrtha agus a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín, agus ba cheart a cheadú na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhacainn; agus
  • An ceart chun do thoiliú a tharraingt siar maidir le do shonraí pearsanta a phróiseáil, i gcás go bhfuil do thoiliú ag teastáil chun do shonraí a phróiseáil.

Do Roghanna Margaíochta

Tugann Iarnród Éireann rogha duit go seolfar chugat faiséis éagsúil a chuireann lenár dtáirgí agus seirbhísí. Is féidir suibscríobh a dhéanamh chun eolas sonrach a fháil maidir le táirgí agus seirbhísí ar leith agus maidir le cumarsáid margaíochta de chuid Iarnród Éireann. Féadfaidh eolas maidir le táirgí nua, tairiscintí speisialta, nó cuireadh chun páirt a ghlacadh i dtaighde margaidh a bheith i measc chumarsáid Iarnród Éireann. Tugaimid rogha duit maidir le cumarsáid Iarnród Éireann a fháil tríd an bpost, tríd an ríomhphost nó ar an teileafón. Déanfaimid gach iarracht do roghanna a chomhlíonadh. Ní bhaineann an rogha seo le cumarsáid a dhéantar chun orduithe a chur i gcrích.

Is féidir leat rogha a dhéanamh, áfach, na cineálacha seo cumarsáide a fháil trí na treoracha a leanúint ag an am atá d’fhaisnéis phearsanta á cur isteach (“liostáil”).

Chun díliostáil ó chumarsáid a iarradh go sonrach (amhail nuachtlitreacha tríd an ríomhphost; nuashonraithe bogearraí, etc.) bain leas as ceann ar bith de na modhanna seo a leanas:

  • Roghnaigh an nasc “díliostáil” ar ríomhphoist chun deireadh a chur leo, nó lean na treoracha maidir le díliostáil a áirítear i ngach cumarsáid a bhaineann le suibscríbhinní.
  • Má tá cuntas agat, níl le déanamh ach logáil isteach agus do rogha a aistriú.
  • Déan Teagmháil Linn- bí cinnte go gcuireann tú d’ainm, do sheoladh ríomhphost agus do sheoladh poist ar fáil, chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le céard ba mhaith leat a dhéanamh.

Rochtain ar d’fhaisnéis agus Cruinneas d’fhaisnéise

Déanann Iarnród Éireann gach iarracht d’fhaisnéis a choinneáil cruinn beacht. Táimid tar éis teicneolaíocht, próisis bainistíochta agus polasaithe a chur i bhfeidhm chun cruinneas sonraí custaiméirí a chinntiú. Tabharfaimid rochtain duit ar d’eolas, lena n-áirítear iarracht réasúnach a dhéanamh chun rochtain ar líne a chur ar fáil duit mar aon le deis chun d’fhaisnéis a athrú.

  • Is féidir le Sealbhóirí Cuntais a sonraí a athbhreithniú, a leasú nó a scriosadh tríd an mír Mo Chuntas. Caithfidh úsáideoirí ainm úsáideora / seoladh ríomhphost agus pasfhocal a bheith acu chun an córas a rochtain.
  • Aoi-úsáideoirí - ní féidir le haoi-úsáideoirí áirithint a leasú ach amháin faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an ticéad a ceannaíodh trí chliceáil ar an nasc laistigh den dearbhú áirithinte nó tríd an mír M’Áirithintí a Bhainistiú.

D’fhaisnéis a choinneáil slán

Tá Iarnród Éireann tiomanta don fhaisnéis a chuireann tú ar fáil a choinneáil slán. Chun rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe a chosc, chun cruinneas sonraí a choinneáil, agus chun úsáid iomchuí na faisnéise a chinntiú, tá Iarnród Éireann tar éis nósanna imeachta fisiciúla agus bainistíochta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a bhailímid a chosaint.

Nuair a cheannaítear ticéid taistil ar líne, nuair a íoctar fógra íocaíochta seasta nó nuair a fhaightear rochtain ar do phróifíl phearsanta, is féidir é sin a dhéanamh trí fhreastalaí slán. Le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán a úsáid, ciallaítear go ndéantar faisnéis phearsanta uile, amhail uimhir do chárta creidmheasa/dochair, a chriptiú agus í ag taisteal ó do ríomhaire chuig inneall ináirithinte nó íocaíochta Iarnród Éireann. Nuair a fhaightear í, déantar an fhaisnéis a dhíchriptiú agus a phróiseáil sa bhealach céanna a dhéantar gnáth-idirbheart cárta a phróiseáil ar an teileafón. Tá an beart slándála seo ag oibriú nuair a fheiceann tú siombail d’eochair bhriste nó glas dúnta (ag brath ar do bhrabhsálaí) ag bun fhuinneog do bhrabhsálaithe.

Má thacaíonn do bhrabhsálaí le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán agus má tá tú tar éis dul isteach ar ár suíomh trínár bhfreastalaí slán a rochtain, déanfar cosaint ar aon traschur a dhéantar ar shonraí íogaire. Mura dtacaíonn do bhrabhsálaí le teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán, molaimid duit uasghrádú a dhéanamh chuig an leagan is déanaí de bhrabhsálaí ar bith chun slándáil idirbhearta todhchaí a chosaint; thairis sin, seans nach mbeidh tarchur d’fhaisnéise pearsanta cosanta agus ní bheidh Iarnród Éireann freagrach sa chás sin.

Polasaí Iarnród Éireann maidir le Fianáin

Déanann Iarnród Éireann príobháideachas cuairteoirí uile chun ár suíomh gréasáin a urramú. Leagtar amach sa Bheartas seo maidir le Fianáin ár mbeartas maidir le fianáin a úsáid ar Shuíomhanna Gréasáin uile de chuid Iarnród Éireann.

Féadaimid ár mBeartas maidir le Fianáin a nuashonrú chun athruithe ar bith a tharlaíonn ó thaobh na teicneolaíochta de nó sa reachtaíocht cosanta sonraí a léiriú. Léireofar ar an leathanach seo nuashonruithe nó athruithe ar bith a fhéadfaidh difear a dhéanamh don mbealach a bhainimid úsáid as fianáin nó don bhealach is féidir leat fianáin a bhainistiú mar úsáideoir.

Cad is Fianáin ann?

Is éard atá i gceist le fianáin ná comhaid téacs bheaga arna gcur ar do ríomhaire nó ar do ghléas atá cumasaithe don Idirlíon ag suíomhanna gréasáin chun cur lena bhfeidhmiúlacht. Is féidir fianán a úsáid ionas gur féidir le suíomh gréasáin nó le suíomhanna gréasáin tríú páirtí ríomhaire úsáideora, nó a g(h)léas atá cumasaithe don Idirlíon, a shainaithint. Ligeann sé seo do shuíomhanna gréasáin feabhas a chur ar an mbealach a oibríonn siad, amhail cuimhneamh ar roghanna arna n-úsáid ag úsáideoir nó rianú a dhéanamh ar chúiseanna staitistiúla ar an úsáid a bhaineann úsáideoir as suíomh gréasáin. De ghnáth agus fianáin á n-úsáid, sanntar uimhir uathúil don chuairteoir. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin ar www.aboutcookies.org agus ar www.allaboutcookies.org

Fianáin ar shuíomhanna gréasáin Iarnród Éireann

Socraíonn Iarnród Éireann na cineálacha fianán seo a leanas ar do ghléas nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna gréasáin;

  • Fianáin atá fíor-riachtanach
  • Fianáin feidhmíochta agus anailísíochta
  • Fianáin dírithe agus fógraíochta

Is meascán iad na fianáin seo d’fhianáin céad pháirtí, a shocraímid féin, agus fianáin tríú páirtí a shocraíonn soláthraithe seirbhíse tríú páirtí.

Fianáin atá fíor-riachtanach

Tá géarghá le fianáin Chéad Pháirtí lena cheadú duit teacht ar ár láithreáin ghréasáin, aistriú idir leathanaigh agus chun na seirbhísí a d’iarr tú a chur ar fáil duit.

Áirítear leis na fianáin seo fianáin seisiúin a ligeann d’úsáideoirí fanacht logáilte isteach agus nascleanúint á dhéanamh acu tríd an suíomh gréasáin agus tascanna riachtanacha a dhéanamh, amhail míreanna a chur sa chiseán nuair atá ticéid á gceannach ar ár suíomh gréasáin.

De ghnáth, ní bhíonn faisnéis ar bith a shainaithneodh an duine sna fianáin seo agus socraíonn Iarnród Eireann iad chun seirbhísí sonracha a chur ar fáil, amhail idirbhearta ríomhthráchtála.

Fianáin feidhmíochta agus anailísíochta

Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis staitistiúil a bhailiú maidir le cuairteoirí chuig an suíomh gréasáin agus maidir leis na leathanaigh ar a bhféachann siad. Ligeann na fianáin seo d’úsáideoirí eispéireas ardchaighdeáin a fháil trí thairiscintí oiriúnaithe a chur ar fail dóibh agus trí shainaithint agus réiteach thráthúil a éascú i gcás saincheisteanna ar bith a thagann chun cinn. Is iad seo a leanas na fianáin feidhmíochta a úsáidtear ar ár suíomhanna gréasáin:

Déantar faisnéis arna bailiú ag na fianáin seo a chomhiomlánú agus a úsáid go hanaithnid. *I gcás go gcuirtear faisnéis phearsanta ar fáil, amhail ainm, seoladh ríomhphost, logáil isteach meán shóisialta nó uimhir theagmhála, ní úsáidtear í ach chun críche na cumarsáide ach chun teagmháil a dheanamh leat maidir leis an ábhar faoina ndearna tú teagmháil linn. 

Fianáin dírithe agus fógraíochta

In éineacht lenár gcomhpháirtnéirí agus ár bhfógróirí, úsáidimid fianáin chun fógraí a mheasaimid a bhaineann leat agus le d’ábhair spéise a chur ar taispeáint. Féadfaidh fógróirí agus comhpháirtnéirí tríú páirtí anailís a dhéanamh ar shonraí a bhailíonn siad faoin úsáid a bhaineann úsáideoirí as ár suíomhanna gréasáin ionas gur féidir leo fógraí a thaispeáint duit ar ár suíomhanna gréasáin nó ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí. Oibrímid freisin le fógróirí chun fógraí dár gcuid féin a thaispeáint ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí, bunaithe ar fhianáin a shocraítear ar do chuairt chuig ár suíomhanna gréasáin. Féadfaidh fógróirí úsáid a bhaint freisin as faisnéis a bhaineann le do ghníomhaíocht roimhe seo ar an idirlíon chun na fógraí a thaispeántar ar ár suíomhanna gréasáin a oiriúnú. Is féidir fianáin fógraíochta/dírithe a úsáid freisin chun na freagairtí a thug tú ar fhógraí áirithe a rianú, rud a chabhraíonn le fógróirí a chinntiú go bhfeiceann tú na fógraí is ábhartha amach anseo, idir fhógraí ar ár suíomhanna gréasáin féin agus fhógraí ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí. Is iad seo a leanas na fianáin dírithe/fógraíochta a úsáidtear ar an Suíomh Gréasáin:

Fianáin eile tríú páirtí

Cuid de na fianáin a shocraítear ar ár suíomhanna gréasáin, ní bhaineann siad le hIarnród Éireann ar chor ar bith. Nuair a thugann tú cuairt ar leathanach ar a bhfuil ábhar ó thríú páirtí leabaithe, amhail YouTube, Twitter nó Facebook, féadfaidh na soláthraithe seirbhíse seo a bhfianáin féin  a shocrú ar do bhrabhsálaí gréasáin

Ní rialaímid úsáid na bhfianán seo agus ní féidir linn iad a rochtain toisc nach mbíonn rochtain ag páirtí ar bith eile ar fhianáin ach ag na páirtithe a shocraíonn iad an chéad lá riamh. Ba cheart suíomhanna gréasáin tríú páirtí a sheiceáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin agus Beartas maidir le Fianáin na dtríú páirtithe seo.

Fianáin rialaithe agus díchumasaithe

Chun na fianáin ar fad a fheiceáil ag obair ar ardán, is ann do roinnt uirlisí úsáideacha a ligfear duit féachaint ar cad atá á rianú agus tugann cuid díobh rogha duit rianú a dhíchumasú saor in aisce mura bhfuil sé ag teastáil uait.

Cliceáil 'Fianáin a Fheiceáil agus a Bhainistiú' chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin a bhainistiú, lena n-áirítear conas díliostáil ó fhianáin feidhmíochta a fháil.

Through Your Browser

If you do not want your browser to accept cookies, you can turn off the cookie acceptance option in your browser settings through the 'Privacy and Security' section. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas glacadh fianán a chasadh as, tagair don fheidhm 'Cabhair' i do bhrabhsálaí.

Má dhíchumasaítear tacaíocht fianán, tabhair do d’aire go bhfuil seans ann nach bhfeidhmeoidh an Suíomh gréasáin i gceart agus seans nach mbeidh tú in ann na gnéithe agus na seirbhísí ar fad atá air a úsáid ina n-iomláine.

Through irishrail.ie

To manage your cookies on irishrail.ie you can click 'Fianáin a Fheiceáil agus a Bhainistiú' button below or you can click on the Cookie Privacy Trigger icon at the botton of the screen. 

Fianáin a Fheiceáil agus a Bhainistiú

Eolas breise maidir lenár nAip

Úsáideann ár nAipeanna gnéithe áirithe teileafóin chun eispéireas an úsáideora a fheabhsú. Tá achoimre tugtha againn thíos ar na gnéithe gléis a úsáideann na haipeanna agus ar an réasúnaíocht atá na gnéithe sin á n-úsáid againn.  

Am ar bith, má theastaíonn uait nach n-úsáideann an aip aon cheann de na gnéithe thíos a thuilleadh, téigh chuig socruithe do ghléas Apple nó chuig do Bhainisteoir Ceaduithe Android chun rochtain a leasú.

Stóráil - Tá cead ag teastáil chun an aip a bhogadh chuig an gcárta SD. Caithfidh an aip seo a bheith in ann a sonraí féin a léamh agus a scríobh ina dhiaidh sin. Is gné Android é seo a ligeann d’úinéir an fhóin chliste an méid is mó cuimhne inmheánach / cuimhne gléis agus is féidir a ghlanadh nó a chabhraíonn leo má athraíonn siad go sásláimhe nua.

Cumarsáid Gréasáin - Tá gá leis seo toisc go gcaithfidh an aip nascadh lenár bhfreastalaithe nuair a ritear ceisteanna a chuireann a torthaí ar ais chuig an bhfón cliste maidir le faisnéis fhíor-ama agus faisnéis maidir le traenacha ina stad. Bainimid úsáid as sonraí beo toisc nach féidir leagan as líne a fheidhmiú i bhfianaise chineál na timpeallachta iarnróid. Is ann do sheiceáil freisin maidir le cibé an bhfuil nasc idirlín ar fáil nó nach bhfuil.

Do Láthair - Tá gné san aip a thugann rogha stáisiúin in aice láimhe a thaispeáint trí Léarscáileanna agus Geoichlibeáil a úsáid; mar sin is gá láthair an úsáideora a bheith ar eolas againn chun an ghné sin a fheidhmiú. Seoltar comhordanáidí amha chuig ár bhfreastalaithe chun liosta de na stáisiúin sa cheantar a fháil. Ní úsáidtear an láthair sin ach aon uair amháin agus ní stóráiltear go buan í.

D’fhaisnéis phearsanta - Ligeann an cead seo don aip sonraí a léamh agus a scríobh isteach i bhféilire an ghléis. Is féidir leis an úsáideoir turais a shábháil ar a fhéilire agus, mar sin, is gá gur féidir linn na himeachtaí a stóráil. Úsáidimid an cead léitheoireachta chun liosta a fháil de na féilirí uile atá ar fáil toisc gur féidir níos mó ná féilire amháin a bheith ar fáil; mar sin, is féidir leis an úsáideoir rogha an féilire ar a shábháiltear an turas a roghnú. Ní dhéanaimid iontrálacha féilire atá ann cheana féin a léamh nó a láimhseáil.

Ligeann an cead sin don úsáideoir aicearraí a chur ar scáileán baile an ghléis ionas go mbeidh rochtain tapa acu ar cheisteanna áirithe. Mar sin, ní bhíonn ar an úsáideoir túsphointe agus ceann scríbe a chur isteach arís le haghaidh gach turas.

Déan teagmháil linn

Roimh theagmháil a dhéanamh linn, déan athbhreithniú ar an eolas thuasluaite. 

Faisnéis in Easnamh, Ceisteanna Ginearálta nó Aiseolas Gearáin nó Iarratais um Chosaint Sonraí
Iarnród Éireann - Bealaí Digiteacha
Sráid Amiens,
Baile Átha Cliath 1.
D01 V6V6
digital@irishrail.ie

Iarnród Éireann - Oifigeach Cosanta Sonraí
Sráid Amiens,
Baile Átha Cliath 1.
D01 V6V6
dpo@irishrail.ie

Naisc Úsáideacha

Leaganacha roimhe sin

Bhí leaganacha níos luaithe de Théarmaí Úsáide, Ráiteas Príobháideachais agus Beartas Fianán Iarnród Éireann | Irish Rail ar fáil anseo roimhe seo. Bhí na PDFanna seo á marcáil ag ár n-uirlis inrochtaineachta suíomh gréasáin agus ag dul i bhfeidhm ar ár scór inrochtaineachta agus baineadh iad dá bhrí sin.

Leaganacha roimhe sin
Leagan Athruithe Bailí ó Bailí go dtí
Téarmaí úsáide (V.1) 09/03/2018 27/03/2018 -
Téarmaí úsáide (V.2) Leathanach cothrom le dáta chun séanadh breise a chur san áireamh. 27/03/2018 24/05/2018 
Téarmaí úsáide (V.3) Leathanach nuashonraithe chun polasaí a thabhairt ar aon dul le rialacháin GDPR 24/05/2018 20/08/218
Téarmaí úsáide (V.4)  Leathanach cothrom le dáta chun séanadh breise a chur san áireamh. 20/08/2018 25/10/2019
Téarmaí úsáide (V.5) Leathanach nuashonraithe le Fianáin Chéad agus Tríú Páirtí aonair 25/10/2019 24/05/2021
Téarmaí úsáide (V.6) Baintear táblaí scríofa ina liostaítear fianáin agus cuirtear atreoruithe leis an Leathanach Bainistigh Fianáin inar féidir gach fianán a fheiceáil agus a bhainistiú 24/05/2021 14/06/2021
Téarmaí úsáide (V.7) Leathanach nuashonraithe chun liosta na soláthróirí seirbhísí chuig Iarnród Éireann a uaslódáil ó Mheitheamh 2021 14/06/2021 29/01/2024
Téarmaí úsáide (V.8) Retention Policy timeframe updated from 60 months to 84 months 29/01/2024 30/01/2024
Téarmaí úsáide (V.9) Page updated on how to control and disable cookies on irishrail.ie 30/01/2024 20/02/2024
Téarmaí úsáide (V.10) PDF's with previous versions of Terms of Use page removed from webpage 20/02/2024 Faoi láthair
Barr