Seirbhísí DART agus Comaitéara

I mBaile Átha Cliath, is bealach tapaidh éasca dul timpeall Bhaile Átha Cliath an córas iarnróid leictreach ar a dtugtar DART (Mear Líne Átha Cliath). Ritheann sé feadh chósta Mhuir Éireann ó Mhullach Íde nó ó Bhinn Éadair i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath ó dheas chomh fada leis na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin.

  • Automatic PA and passenger information systems
  • Wifi
  • Air conditioning
  • Wheelchair areas
  • Onboard CCTV
13572b73-1f90-4216-b0a8-f437288b946b.jpg

Traein: EMU (Il-Aonad Leictreach)

Ligeann an DART duit cuid de na radharcanna agus na nithe is díol spéise atá i mBaile Átha Cliath a fheiceáil idir tránna gainimh, páirceanna, amharclanna, sráidbhailte cois cuan, iarsmalanna agus i bhfad níos mó.

Tá raon ticéad agus táillí DART ann a thugann luach iontach do chustaiméirí.

Feidhmíonn seirbhísí DART gach 10 nóiméad gach lá. Is féidir clár ama an DART a fháil sa mhír amchláir clóbhuailte nó trí shonraí do thuras a iontráil thuas agus cliceáil ar GO.

Is é Cabhlach Il-Aonad Leictreach Iarnród Éireann (EMU) a fheidhmíonn gach seirbhís DART.

  • Automatic PA and passenger information systems
  • Wifi
  • Air conditioning
  • Wheelchair areas
  • Onboard CCTV
  • Toilets
29ccebf6-ab06-42c9-8c63-499ac935ef8e.jpg

Is bealach scíthe agus gan stró é taisteal ar an traein in Éirinn chun taisteal idir na príomhchathracha agus bailte. Is féidir clár ama na seirbhíse comaitéara a fháil sa mhír amchláir clóbhuailte nó trí shonraí do thuras a iontráil thuas agus cliceáil ar GO.

Traein: DMU (Il-Aonad Díosail)

  • Síneann seirbhís Chomaitéara Thuaisceart Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath trí Stáisiún Bhaile Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath go Dún Dealgan
  • Síneann seirbhís Chomaitéara Bhaile Átha Cliath Port Laoise siar ó Stáisiún Heuston Bhaile Átha Cliath go stáisiúin chomh fada le Port Laoise.
  • Síneann seirbhís Chomaitéara Bhaile Átha Cliath Longfoirt ó Stáisiún an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath trí Stáisiún Bhaile Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath go dtí an Longfort
  • Síneann na seirbhísí Baile Átha Cliath Dún Búinne/ M3 Bealach na Páirce ó Dhugthailte Bhaile Átha Cliath / Stáisiún Uí Chonghaile trí Chluain Saileach go Dún Búinne / Bealach na Páirce M3.
  • Feidhmíonn seirbhís Comaitéara Deiscirt Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Stáisiún Ghuaire.
  • Síneann seirbhísí comaitéara Mala-Corcaigh - Cóbh - Mainistir na Corann ó Mhala go Corcaigh, Corcaigh go Cóbh nó go Mainistir na Corann.
  • Feidhmíonn seirbhísí Comaitéireachta Pháirc an Fhionnuisce idir Phort Laoise agus Duga na Canálach Móire, agus téann siad trí Thollán Pháirc an Fhionnuisce.
Top