Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí
Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád. Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go ticéad sa Chéad Ghrád an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Roghnaigh gach aon phaisinéir a bhfuil an cineál ticéid seo uathu

Grúpaí Scoile ag Taisteal ar an Traein

De bharr Covid-19, níl rátaí do ghrúpaí ná lascainí ar fáil go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
 

Tosaíonn lá lán spraoi do do ghrúpa scoile le turas ar an traein. Bíonn sceitimíní ar leanaí scoile agus ar mhúinteoirí araon nuair is cuid den turas scoile é turas traenach. Tá táblaí ag gach suíochán agus tá neart spáis ar fáil ionas gur féidir le gach duine a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an aistear, agus san am céanna taitneamh a bhaint as an taobh tíre le linn an aistir, agus cá bhfios, b’fhéidir go mbeadh am do chluiche nó tráth na gceist ar an mbealach chomh
maith.

Cuireann Iarnród Éireann rátaí lascaine 18% ar fáil d'áirithintí grúpaí scoile de 11 dhalta nó níos mó.

Tá na lascainí grúpa bunaithe ar ár dtáille gréasáin Leathsholúbtha, táille a ligeann do roinnt solúbthachta chun áirithint do scoile a leasú más gá, suas go 24 uair an chloig roimh thaisteal i gcás nach bhfuil na ticéid priontáilte fós. Tabhaíonn cealuithe agus leasuithe táille 20%.

School Groups Train Travel 2019 

Anseo thíos tá roinnt samplaí de na Táillí is mó tóir do Ghrúpaí Scoile.

*Samplaí de Tháillí do Ghrúpaí Leanaí Scoile
Gaillimh go Baile Átha Cliath - €16.40 in aghaidh an linbh
Cill Airne go Fóite - €16.81 in aghaidh an linbh
Durlas go Baile Átha Cliath - €18.02 in aghaidh an linbh
Cathair na Mart go Baile Átha Cliath - €18.45 in aghaidh an linbh
Corcaigh go Baile Átha Cliath - €25.42 in aghaidh an linbh
*Is táillí fillte iad seo bunaithe ar lascaine 18% a bheith á fáil ag 11 – 24 paisinéir

Chun do thuras traenach do ghrúpa scoile a chur in áirithe téigh ar líne nó glaoigh orainn  (01) 8366 222 nó déan teagmháil le d’fhoireann díolacháin áitiúil:

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait amharc ar nó íoslódáil ár mBróisiúr Taistil do Ghrúpaí Scoile nó má tá smaointe á lorg agat maidir le ceann scríbe seiceáil ár Smaointe do Thurais Scoile

Smaointe do Thurais Scoile ar an Traein

Má tá turas scoile á phléanáil nó á eagrú agat, lig dúinn cabhrú leat! Tá gréasán iarnróid scaipthe ar fud na hÉireann, agus is féidir an deis a thabhairt do leanaí scoile Éire ar fad a fheiceáil! Féach ar na cinn scríbe anseo.

Priontáil