Smaointe Thuras Scoile ar an Traein

Má tá tú ag pleanáil turais scoile, ba bhreá linn thú a thabhairt ann! Le gréasán leathan ar fud na hÉireann, is féidir le daltaí an tír ar fad a fheiceáil! Breathnaigh ar na cinn scribe thíos,

Ag pleanáil turais scoile go dtí aon cheann de na cinn scribe thuas? Téigh go dtí ár dTuras Ghrúpa Scoile ar an Iarnród i gcomhair na rátaí taistil is fearr.

Músaem Imircíochta na hÉireann, EPIC

Tabharfaidh an músaem digiteach idirghníomhach seo treoir duit ar aistear chunscéalta imircíochta na nÉireannach ar fud an domhain a fheiceáil, ó na laethanta isluaithe go dtí an lá atá inniu ann.

D'imigh os cionn 10 milliún daoine ón tír seo agus ag EPIC is féidir leat dul go dtí 20 dánlann téamaithe chun foghlaim cén fáth ar fhág na daoine sin, cén tionchar a imir siad sna tíortha inár chónaigh said, agus fáil amach faoin nasc idir a sliocht agus Éire an lae inniu.

Tá EPIC díreach 5 nóiméad siúil ó Stáisiún Uí Chonghaile Bhaile Átha Cliath, I gcomhair a thuilleadh eolais agus chun ticéidí a chur in áirithe cinntigh go dtéann tú ar Shuíomh Gréasáin EPIC.

Epic, The Irish Emigration Museum, Dublin City Docklands_TI71CKY.jpg

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Is é an institiúid mhúsaem is mó na hÉireann é Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tar leo I gcomhair aistir iontach tríd na blianta, chun bailiúcháin a fheiceáil maidir le stair na hÉireann, ón réamhstair go dtí an lá atá inniu ann.

Nuair a thugann tú cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann, feicfidh tú go leor maidir le oidhreacht, cultúr agus traidisiúin na tíre ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Beidh rochtain agat ar thaispeántais iontacha agus cleachtaí idirghníomhacha a thabharfaidh thú ar aistear ar laethanta is luaithe na hÉireann tríd an seandálaíocht, ealaíon agus stair nádúrtha na tíre.

Ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, tá go leor gníomhaíochtaí saor in aisce don teaghlach, le réimse leathan spáis don teaghlach agus acmhainní ar fáil. Reachtálann an Roinn Oideachais ócáidí ar bhonn rialto do theaghlaigh tríy Dhialann Ócáidí Ráithiúil. Is féidir le teaghlaigh dul ar réimse tiomnaithe rianta teaghlaigh, nó spáis gníomhaíochta a fháil thar ár 4 láthair chun idirghníomhú leis na bailiúcháin agus tuilleadh a fhoghlaim fúthu.

National Museum Kildare St Dublin County Dublin_TI73H2R.jpg

Is féidir le Ard-Mhúsaem na hÉireann a bheith ina uirlis oideachais luachmhar freisin do dhaltaí gach aois, ós rud é go gcuireann sé dearcadh níos doimhne ar fáil dóibh ar ábhair scoile. Breathnaigh ar leathanach oideachais an Mhúsaem i gcomhair a thuilleadh eilais maidir le gach uirlis oideachais ar féidir leat a úsáid chun timpeallacht spraoiúil spreagúil foghlama a chur ar fáil do dhaltaí, idir acmhainní do mhúinteoirí scoile agus faisnéis faoi conas an tairbhe is mó a bhaint as do chuairt ann.

Lonnaithe i gcroílár na cathrach agus díreach 25 nóiméad siúil ó Stáisiún Heuston agus 10 nóiméad siúil ó Stáisiún an Phiarsaigh, is turas ar ais in am é Ard- Mhúsaem duit i stair na hÉireann. Beidh iontas níos mó ort ar amlíne fíorspéisiúil na hÉireann i ndiaidh do chuairt. Féach leathanach faisnéise an mhúsaem le haghaidh uaireanta oscailte agus faisnéise eile.

Luimneach

Músaem Pháirc Thuamhan

Lean coiscéimeanna ár laochra na Mumhan agus breathnaigh ar chúl an stáitse ag Staid Pháirc Thuamhan. Téigh ar turas ar an staid chun áiteanna a fheiceáil nach bhfeiceann ach imreoirí agus oifigigh go rialta.

Idir shuíochán I seomra feistis baile agus siúlóid síos an tolláin, beidh deis uathúil agat mothú mar imreoir na Mumhan le linn cluichí ceannais. Sa turas iomlán ar an staid, is féidir leat dul ar cuairt ar an músaem, dul isteach i seomraí feistis baile agus cuairte, agus cuairtí ar thaobh na páirce, cró na Mumhan.

Lonnaithe díreach 25 nóiméad siúil ó Stáisiún Luimnigh (Colbert). Tar ar leathanach faisnéise Mhúsaem Pháirc Thuamhan le haghaidh uaireanta oscailte agus faisnéise eile.

Great Group Discounts

Customers can avail of great group discounts on all routes across our network, when you book 11 or more passengers on our Semi Flexible fare.

Top