Conas Brabhsálaí agus Córas Oibriúcháin a Nuashonrú
Do Bhrabhsálaí agus do Chóras Oibriúcháin a Nuashonrú
Éilíonn an córas áirithinte agus na haipeanna soghluaiste córas oibriúcháin agus leaganacha de bhrabhsálaithe ar íosleibhéal ionas gur féidir leis an gcustaiméir gnó a dhéanamh. Tá sé seo ar mhaithe leis an gcóras a chosaint, agus tú féin, mar chustaiméir. Seo a leanas na leaganacha de na brabhsálaithe lenar féidir le irishrail.ie tacú leo:
Leaganacha de Bhrabhsálaithe
- Chrome - Tacaítear leis an leagan is déanaí + 1 mhórleagan roimhe seo
- Safari - Tacaítear leis an leagan is déanaí + 1 mhórleagan roimhe seo
- Microsoft Edge - Tacaítear leis an leagan is déanaí + 1 mhórleagan roimhe seo
- Firefox - Tacaítear leis an leagan is déanaí + 1 mhórleagan roimhe seo
Córas Oibriúcháin (Feidhmchláir Mhóibíleacha)
Gheobhaidh custaiméirí a bhfuil nuashonrú ag teastáil ó na brabhsálaithe atá ar na gutháin, ar an taibléad nó ar an ríomhaire deisce atá acu an teachtaireacht seo ' Tá do bhrabhsálaí as dáta '. Le do thoil, lean na céimeanna thíos chun do bhrabhsálaí nó do chóras oibriúcháin a sheiceáil agus a nuashonrú más gá:
An brabhsalaí a nuashonrú
Conas is féidir do bhrabhsalaí a nuashonrú ar ríomhaire deisce nó ar ríomhaire glúine:
Cuirfidh an treoir céim ar chéim seo a leanas in iúl duit conas do bhrabhsálaí a nuashonrú ionas gur féidir leat ár suíomh gréasáin úrnua a úsáid.
Lean na treoracha ar leathanach tacaíochta Google Chrome chun Chrome a nuashonrú.
Lean na treoracha ar leathanach tacaíochta Apple chun Safari a nuashonrú.
Lean na treoracha ar leathanach tacaíochta Microsoft chun Edge a nuashonrú.
Lean na treoracha ar leathanach tacaíochta Firefox chun Firefox a nuashonrú.
Conas do bhrabhsálaí a nuashonrú ar ghléasanna móibíleacha agus ar thaibléid:
- Oscail an 'App Store'
- Cliceáil ar 'Updates' sa chúinne ag bun na láimhe deise
- Nuashonraigh an feidhmchlár brabhsálaithe atá in úsáid agat
- Nuair a bheidh an nuashonrú críochnaithe beidh do bhrabhsálaí suas chun dáta
- Oscail 'Play Store'
- Cliceáil ar 'Updates' sa chúinne ag bun na láimhe deise
- Roghnaigh 'my apps and games'
- Roghnaigh feidhmchlár an bhrabhsálaí is gá duit a nuashonrú
- Nuair a bheidh an nuashonrú curtha i grích beidh do bhrabhsálaí suas chun dáta
Má fhaigheann tú an teachtaireacht 'Caithfear nuashonrú a dhéanamh ar do chóras oibriúcháin' agus tú ag baint úsáide as ár bhfeidhmchláir, caithfidh tú na nuashonruithe riachtanacha a dhéanamh, chun rochtain a fháil ar ár suíomh gréasáin nua.
Nuashonrú ar an gCóras Oibriúcháin
Conas córas oibriúcháin a nuashonrú ar ghléasanna móibíleacha agus ar thaibléid (d'Fheidhmchláir Mhóibíleacha):
iOS - Bain úsáid as iOS 14+ le do thoil
Lean na treoracha ar leathanach tacaíochta Apple chun iOS ar iPhone a nuashonrú.
Android - Bain úsáid as Android 8.0 Oreo+ le do thoil
Lean na treoracha ar leathanach tacaíochta Google chun OS Android ar do ghuthán a nuashonrú.

