Treoir chun Cuntas a Chruthú

Cuntas a Chruthú ar an Leathanach Logála Isteach

Ar Ríomhaire Deisce

Céim 1: Cruthaigh Cuntas – Is féidir teacht ar an rogha ‘Cruthaigh Cuntas’ ar an leathanach ‘Logáil Isteach’, nuair a chliceálann tú air, tabharfar go dtí an chéad chéim eile thú. 

Céim 2: Sonraí Custaiméara - Líon isteach do chuid sonraí; cinntigh go bhfuil do sheoladh ríomhphoist ceart sula leanann tú ar aghaidh.

Céim 3: Clárúchán a Chríochnú - Seolfar ríomhphost chugat. Cliceáil ar 'Críochnaigh Clárúchán' laistigh den ríomhphost, le do thoil, tabharfaidh sé seo go dtí brabhsálaí thú chun pasfhocal nua a chruthú.

Céim 4: Pasfhocal a Chruthú - Tar éis duit an nasc a fuair tú i do ríomhphost a leanúint, tabharfar go dtí leathanach thú chun pasfhocal a chruthú. Cinntigh go sásaíonn do phasfhocal na riachtanais go léir agus críochnaigh cumrú do chuntais.

Nuair a bheidh do phasfhocal socraithe is féidir leat logáil isteach i do chuntas, áit a ndíreofar chuig Leathanach Baile 'Mo Chuntas' thú. 

Anseo, beidh tú in ann do thicéad iarnróid a chur in áirithint, cuardach a dhéanamh ar áirithintí, sonraí cuntais a fheiceáil, mar aon le nuacht, tairiscintí speisialta, srl. 

Ar Mhóibíl

Céim 1: Cruthaigh Cuntas - Roghnaigh an roghchlár hamburger sa chúinne ag barr ar dheis agus cliceáil ar an rogha 'Logáil Isteach' option. Tá an rogha 'Cruthaigh Cuntas' le fáil ar an leathanach 'Logáil Isteach sa Chuntas', nuair a chliceálann tú air, tabharfar go dtí an chéad chéim eile thú.


Féach ar 'Céim 2: Sonraí Custaiméara' thuas chun leanúint ar aghaidh le do chuntas a chumrú.

Cuntas a Chruthú agus Áirithint á Dhéanamh

  • Céim 1 - Cuir turas in áirithint ar Phleanálaí Turais Iarnród Éireann - Irish Rail, ag roghnú sonraí do thurais mar is gnáth.
  • Céim 2 - Le linn an phróisis áirithinte, tabharfar go dtí an leathanach Cuntais thú. Anseo, tabharfar rogha duit logáil isteach le do chuntas Iarnród Éireann - Irish Rail nó 'Lean ar aghaidh mar Aoi'. Cliceáil ar 'Lean ar aghaidh mar Aoi'.
  • Céim 3 - Cuir isteach do chuid sonraí custaiméara mar is gnáth. Faoi seo, tá trí bhosca seiceála. Is é an dara ceann acu ná 'Is mian liom cuntas Iarnród Éireann - Irish Rail a chruthú'. Cuir tic sa bhosca seo chun cuntas a chruthú leis an seoladh ríomhphoist a cuireadh ar fáil.
  • Céim 4 - Críochnaigh d'áirithint ar líne mar is gnách.
  • Céim 5 - Gheobhaidh tú ríomhphost le nasc chun do chuntas a chumrú, féach 'Céim 3: Críochnaigh Clárúchán' thuas agus lean ar aghaidh trí na céimeanna chun do chuntas a chumrú.
Barr