Níl ticéid ar fáil ar líne, cén fáth?

Tá roinnt cúiseanna ann nach mbeidh tú in ann turas atá roghnaithe agat a chur in áirithint.  Seo thíos roinnt de na cúiseanna nach bhfuil ticéid ar fáil:

  • Tá an t-iarratas ar áirithint á dhéanamh níos lú ná 60 nóiméad sula n-imeoidh an traein.
  • D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfuil na dátaí sin ar fáil mar gheall ar oibreacha innealtóireachta atá beartaithe. A luaithe is a fhoilseofar an sceideal athbhreithnithe beidh na seirbhísí sin ar fáil arís.
  • Níl seirbhísí ar fáil don dáta/na dátaí áirithinte atá roghnaithe. Roghnaigh dáta eile chun leanúint ar aghaidh - Ní féidir seirbhísí a chur in áirithint ar líne 90 lá nó níos mó roimh ré. Roghnaigh dáta laistigh de 90 lá ón taisteal.
  • Fadhbanna Teicniúla - D'fhéadfadh fadhb theicniúil a bheith ag ár gcóras áirithinte. Bain triail as ár bPleanálaí Turais malartach, le do thoil, mura bhfuil an príomh-Phleanálaí Turais ag feidhmiú mar is ceart.
  • Ní féidir ticéid a cheannach ach ag an stáisiún amháin - Tráth na fiosrúcháin ar an bPleanálaí Turais, seans nach mbeidh ticéid ar líne ar fáil le cur in áirithint ar chúiseanna éagsúla. Beidh ticéid ar líne ar fáil le cur in áirithint go luath. Iarrfaimid ar chustaiméirí a bheith foighneach agus fanacht go mbeidh ticéid ar líne ar fáil.
  • Áirithintí Cathaoireacha Rothaí agus Rothair - Mura bhfuil aon fhardal cathaoir rothaí nó rothair ar fáil ar sheirbhís InterCity, feicfidh tú teachtaireacht ag cur in iúl nach bhfuil aon chathaoir rothaí nó rothar ar fáil. Roghnaigh seirbhís eile, le do thoil, chun leanúint ar aghaidh le d'áirithint bheartaithe.
  • Seirbhísí DART agus Comaitéireachta - Ní féidir spásanna do chathaoireacha rothaí agus do rothair a chur in áirithint ar sheirbhísí DART agus Comaitéireachta. Má fheiceann tú an teachtaireacht nach bhfuil spás ar fáil do rothair nó do chathaoireacha rothaí, téigh ar aghaidh le do thaisteal gan áirithint ar líne, le do thoil.
  • Níl cead rothair a thabhairt ar sheirbhísí DART ná ar sheirbhísí Comaitéireachta idir 07:00 agus 10:00 ná idir 16:00 agus 19:00, Luan go hAoine. Is féidir le custaiméirí taisteal le rothair an lá ar fad ar an Satharn agus ar an Domhnach.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad na gCainéal Digiteacha

Barr