Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Bord Stiúrthóirí Iarnród Éireann

Steve Murphy, Chairman

Steve has been CEO for MTR UK since 2020, overseeing the delivery of full Elizabeth line services, the joint venture on South Western Railway and the start-up of both infrastructure and property development businesses, designed to bring new solutions to the UK Industry. Steve had previously led the award-winning train company MTR Elizabeth line (MTREL) as Managing Director, since its inception in 2015, achieving first place sector status for measurements as wide ranging as on time running, safety standards, workplace diversity and customer service. Steve has been credited as the driving force behind MTREL’s escalating success story.
From the start of his career over 30 years ago as a British Rail Graduate trainee and following leadership roles with Chiltern Railways, Irish Rail, Deutsche Bahn and London Overground, Steves approach has been the catalyst for dynamic growth in the Industry through constant innovation and an unwavering focus on safety, reliability and customer service.

Suzy Byrne

Tá Suzy Byrne ina Bhainisteoir Réigiúnach sa tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas agus tá sí ina Chomhchathaoirleach, Daoine faoi Mhíchumas na hÉireann. Is scríbhneoir agus craoltóir í Suzy freisin agus tá BA aici sa Shocheolaíocht agus sa Bheartas Sóisialta.

Ceapadh Denise Guinan ar Bhord CIÉ i mí Iúil 2018 faoi na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 2001, agus ar bhord Iarnród Éireann ag an am céanna. Chuaigh sí isteach sa ghrád cléireachais i mBus Átha Cliath i 1989 agus oibríonn sí i nGaráiste Bus na Rinne. Tá sí ina ball den Chumann Foirne Iompair agus Tuarastail.

Gwendoline Cazenave

Tá saineolas fairsing ag Gwendoline Cazenave sna tionscail iarnróid agus iompair níos leithne, agus tá sí ina POF ar Ghrúpa Eurostar ó mhí Dheireadh Fómhair 2022, áit a ndéanfaidh sí an Grúpa Eurostar nua a thógáil agus a fhorbairt ag tairiscint eispéireas taistil uathúil san Eoraip le Thalys agus Eurostar.

Tar éis 20 bliain de thaithí i nGrúpa SNCF, áit a raibh poist thábhachtacha aici i nGnó, Oibríochtaí, Straitéis agus Airgeadas, bhí sí ina comhpháirtí ag Olivier Wyman, comhlacht sainchomhairleoireachta straitéise, idir 2020 agus 2022.

Tá saineolas suntasach aici freisin ar rialachas corparáideach, trína róil mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ag an Union Financière de France agus Tallano Technologies.

Chomh maith leis sin, bhí Gwendoline i gceannas ar roinnt tionscnamh a bhain le comhionannas inscne agus de fhreagracht shóisialta agus chomhshaoil.

James Doran

Ceapadh James (Jimmy) Doran  chuig Bord CIÉ i mí na Nollag 2021 faoi na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 2001 agus chuig bord Iarnród Éireann an tráth céanna.

Chuir Jimmy a phrintíseacht leictreach isteach le CIÉ idir 1980-84 agus ansin tar éis dó a bheith ag obair ar shuíomhanna tógála i Londain ar feadh sé bliana d'fhill sé ar obair mar leictreoir do Bhus Átha Cliath i nGaráiste Chluain Tarbh in 1991, áit ar fhan sé ó shin. Togadh Jimmy mar ionadaí ceardchumainn in 1993. Tá sé ina bhall de Choiste Náisiúnta Feidhmithe den gCeardchumann Connect, tá sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Iompair, agus déanann sé ionadaíocht ar son an cheardchumainn ar an gCoiste Sláinte agus Sábháilteachta de chuid Comhdháil na gCeardchumann agus an Grúpa Iompair ICTU chomh maith.  Is traidisiún teaghlaigh é a bheith ag obair in earnáil na n-iompar poiblí do thrí ghlúin de mhuintir Doran, agus a bheith páirteach i ngníomhaíochas ceardchumainn chomh maith.  Sa bhliain 1920, bhí a sheanathair, fear a raibh an t-ainm céanna air mar bhaill bunaidh de na ceardchumainn IES agus FTU a bhí ann roimh Connect.

 

Pat O’Donoghue

Is innealtóir sibhialta é Pat O’Donoghue a d'oibrigh go forleathan in earnáil an bhonneagair iompair, chomh maith le hinfreastruchtúr uisce agus comhairleacht ar chonarthaí tógála, mar chuid de ghairm bheatha a mhair beagnach 50 bliain.

I rith na tréimhse ó 1997 go 2017, bhí baint mhór aige leis an gcóras Luas i mBaile Átha Cliath a fhorbairt, áit a raibh sé ina Stiúrthóir Deartha agus Tógála. Chlúdaigh sé seo gach gné ón dearadh tosaigh, ceadú reachtúil, soláthar, maoiniú, tógáil, coimisiúnú agus oibríochtaí as a dtagann an córas reatha.

Roimhe sin, chuir sé tús lena ghairme bheatha in CIÉ in 1974 sa rannóg bhuanbhealaigh, agus d'oibrigh sé ina dhiaidh sin ar mhórscéim soláthair uisce a sheachadadh go cathair Chorcaí agus go limistéar tionsclaíoch ó dheas, sular fhill sé ar an iarnród idir 1981 agus 1992 chun a bheith ag obair ar cothabháil agus athnuachan bonneagair, lena n-áirítear athnuachan rianta agus athshocrú comharthaí idir Gabhal Luimnigh agus Corcaigh, lena n-áirítear Stáisiún Chorcaí.

Ó 2017 i leith, tá sé dírithe ar obair chomhairleoireachta a bhaineann le conarthaí tógála.

Sarah Roarty

Le céim sa Cheimic, tá taithí fhairsing ag Sarah in earnálacha na heolaíochta, na teicneolaíochta míochaine agus na cógaisíochta ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí a fuarthas i dtionscail den scoth ar fud na hEorpa. Faoi láthair, tá sí ina Bainisteoir Forbartha Fiontair le Action Tuam. Bhí Sarah ina Leas-Uachtarán ar an mBord agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca do Chomhar Creidmheasa Naomh Iarlaith. Faoi láthair tá sí ina ball den choiste iniúchóireachta do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá Sarah mar bhunaitheoir agus mar Chathaoirleach ar an gcarthanas cláraithe Angelman Syndrome Ireland, lena gcuirtear chun cinn comhdheiseanna, cumhachtú agus inrochtaineacht dóibh siúd atá ag maireachtáil le Siondróm Angelman agus dá dteaghlaigh.

Thilde Restofte Pedersen

Thilde Restofte Pedersen was appointed to the Iarnród Éireann Board of Directors in September 2023 and contributes with extensive experience and expertise in managing large, complex programmes and organisations in the rail and transport industries.

She is currently the CEO and owner of Nordic Signals, a consultancy firm advising several clients in both North America and Europe on the implementation of new, digital signaling systems and programme management.
Previously, she served as Programme Director in Banedanmark (the Danish infrastructure manager) for the implementation of new digital signalling systems on both the nationwide rail network (ERTMS) and the Copenhagen S-bane (CBTC). The deliverables of the Danish Signalling Programme include both track side implementation, rolling stock fitment of more than 350 trains and an advanced traffic management system.

Prior roles in Banedanmark also include tenures as Head of Planning and Head of Programme Management Office in the Signalling Programme. Thilde is also a former lead auditor with Rigsrevisionen (the Danish State Audit Office).

Tommy Wynne

Ceapadh Tommy Wynne do Bhord CIÉ i mí Iúil 2013 faoi na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 2001, agus do bhord Iarnród Éireann ag an am céanna. Thosaigh Tommy ag obair le hIarnród Éireann i 1991 agus rinneadh tiománaí traenach dó sa bhliain 1994. Tá Ard-Dioplóma ag Tommy in Oibríochtaí Iarnróid Idirnáisiúnta ó Ollscoil Caledonia i nGlaschú. Faoi láthair tá sé ina Uachtarán ar Rannán TEAC de CSTGT agus ina Chathaoirleach den Earnáil Iompair i CSTGT. Faoi láthair tá sé ina Chathaoirleach den Earnáil Iompair agus den Rannán Fóntas agus Tógála de chuid CSTGT.

Cód Iompair do Chomhaltaí an Bhoird agus do na Stiúrthóirí

Ag an gcruinniú a bhí ar siúl an 3 Iúil 2002 thug an Bord CIÉ a fhaomhadh i ndáil le Cód Iompair do Chomhaltaí an Bhoird agus do Stiúrthóirí. Leasaigh an Bord é an 2 Samhain 2005, 3 Meán Fómhair 2008, 2 Meán Fómhair 2009, 30 Meitheamh 2010, 6 Deireadh Fómhair 2010, 3 Deireadh Fómhair 2013, 10 Nollaig 2014, 1 Iúil 2015, 5 Aibreán 2017 agus 13 Feabhra 2019 agus tá na modhnuithe sin ionchorpraithe thíos:

1. Beartas Ginearálta

Is é polasaí Ghrúpa CIÉ an dea-cháil a choinneáil don iompar eiticiúil agus do chothrom na féinne agus é i mbun a ghnó.

In a lán cásanna tá cinntí soiléire ann maidir leis an méid atá eiticiúil nó cothrom agus beidh siad soiléir do dhuine réasúnach ar bith. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh go mbeadh cúinsí ann ina n-eascraíonn gné amhrais nó débhrí. Chun cuidiú leis na himthosca sin agus chun Comhaltaí Boird aonair agus stiúrthóirí an Ghrúpa CIE a chosaint agus a threorú, is gá Cód Iompair i scríbhinn a bheith agat agus chun cloí leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú. Ní féidir soláthar a dhéanamh do gach cás sa Chód Iompair. Má tá amhras ann faoi ionracas aon cháis ar leith, caithfidh an duine lena mbaineann dul i gcomhairle leis an gCathaoirleach.

Chomh maith leis an gceanglas go n-iompródh Comhalta Boird nó stiúrthóir é féin nó í féin ar bhealach eiticiúil, ceanglaítear orthu freisin go gcomhlíonfaidh siad ceanglais Acht na gCuideachtaí 2014, ceanglais reachtaíochta ábhartha eile agus ceanglais an dlí choitinn (lena náirítear na dualgais sin atá leagtha amach sa doiciméad dar teideal “Róil agus Dualgais

Chomhaltaí Boird agus Stiúrthóirí Ghrúpa CIÉ”) agus i gcás gach duine a bhfuil stiúrthóireacht ainmnithe laistigh de chomhlacht stáit, cloí le forálacha ábhartha den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Beidh feidhm ag an gCód Iompair seo freisin maidir le baill sheachtracha de choistí an Bhoird.

2. Cuspóirí an Chóid Iompair

Is iad seo a leanas cuspóirí an Chóid Iompair:

(a) treoir a thairiscint do Chomhaltaí Boird Ghrúpa CIE agus do stiúrthóirí ina n-iompar gnó,

(b) sraith chomhaontaithe de phrionsabail eiticiúla a leagan amach,

(c) muinín agus iontaoibh sa Ghrúpa CIE a chur chun cinn agus a chothabháil; agus

(d) cosc a chur ar an bhforbairt agus an glacadh de chleachtais neamh-eiticiúla ag an nGrúpa CIE.

Baineann an Cód Iompair le gach Comhalta Boird agus stiúrthóir an Ghrúpa.

3. Prionsabail an Chóid Iompair

Is féidir achoimre a dhéanamh ar phrionsabail threoracha an Chóid Iompair faoi sheacht gceannteideal:

  •  Ionracas,
  •  Rúndacht Faisnéise,
  •  Oibleagáidí,
  •  Leasanna a nochtadh,
  •  Dílseacht,
  •  Cothroime agus
  •  Tuiscint don Timpeallacht Oibre/Sheachtrach.

(a) Ionracas

Táthar ag súil go gcloífidh gach Comhalta Boird agus stiúrthóir de chuid an Ghrúpa CIE leis na
caighdeáin macántachta agus ionracais is airde ina c(h)uid déileálacha gnó go léir. Chuige seo, mar Chomhalta Boird nó mar stiúrthóir, ní mór dó nó di:

  • tiomantas dul san iomaíocht go bríomhar agus go fuinniúil ach go heiticiúil agus go hionraic freisin
  • a chinntiú go ndéantar gníomhaíochtaí ceannaigh d’earraí/seirbhísí de réir deachleachtais ghnó agus de réir bheartas soláthair an Ghrúpa
  • a chinntiú go bhfuil cultúr ann de speansais a éileamh a bhaineann leis na riachtanais ghnó amháin agus de réir an dea-chleachtais san earnáil phoiblí i gcoitinne;
  • a chinntiú go léirítear go cruinn feidhmíocht an Ghrúpa ina chuntais/tuairiscí agus nach bhfuil siad míthreorach nó deartha d’fhonn a bheith míthreorach,
  • diúltú breabanna, bronntanais, fáilteachas, sochair nó tairiscintí cóireála fabhraí a d'fhéadfadh dul i gcion ar chumas duine breithiúnas neamhspleách a dhéanamh, agus aon chur chuige den sórt sin a thuairisciú i scríbhinn chuig an gCathaoirleach.
  • seachain mífhaisnéis a dhéanamh ar a staid trína bheith débhríoch nó míthreorach,
  • diúltú d'aon chleachtas gnó a d'fhéadfaí a mheas go réasúnach a bheith míchuí
  • ní bhainfidh siad úsáid as acmhainní ná am an Ghrúpa chun a t(h)airbhe féin, ná chun tairbhe na ndaoine/eagraíochtaí nach bhfuil ceangailte leis an nGrúpa ná lena ghníomhaíochtaí, nó chun tairbhe a iomaitheoirí
  • gealltanas a thabhairt gan faisnéis nó rúin ghnó a fháil trí mhodhanna míchuí
  • gan drochúsáid a bhaint as saoráidí taistil ná pribhléidí eile
  • agus ag gníomhú ina c(h)áil mar Chomhalta Boird nó mar stiúrthóir sa Ghrúpa CIÉ, gan gníomhú ar bhealach a d’fhéadfadh míchlú a tharraingt ar cháil Ghrúpa CIÉ

(b) Rúndacht Faisnéise

Tá sé de dhualgas anois ar chodanna áirithe den Ghrúpa faisnéis a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997. Ní mór aon iarratais ar fhaisnéis de bhun an Achta ó thríú páirtithe (lena n-áirítear an Roinn Iompair) a chur ar aghaidh chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise ábhartha má thagann siad laistigh de raon an Achta. Seachas sin ba chóir iad a chur ar aghaidh chuig Rúnaí an Ghrúpa nó chuig Rúnaithe Cuideachta d’aon cheann de na fochuideachtaí a chuirfidh, ina dhiaidh sin, an t-iarratas ar aghaidh chuig Rúnaí an Ghrúpa.

Ba cheart do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóirí an Ghrúpa a bheith ar an airdeall freisin faoi
oibleagáidí an Ghrúpa faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR) (AE) 2016/679 agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 agus aon iarratais ar fhaisnéis atá ag an nGrúpa nó maidir léi, atá faoi réir fhorálacha na nAchtanna seo, a chur ar aghaidh, ar an gcéad dul síos, chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí.

Ní mór do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóirí an Ghrúpa, áfach, tacú le soláthar rochtana ag an
nGrúpa ar fhaisnéis ghinearálta a bhaineann le gníomhaíochtaí an Ghrúpa ar bhealach atá oscailte agus a chuireann lena chuntasacht don phobal i gcoitinne. Mar sin féin, ní mór cloí le “Treoirlínte ar Scaoileadh Faisnéise” an Ghrúpa sa chomhthéacs seo. In iarracht faisnéis a sholáthar don phobal, foilsíonn an Grúpa faisnéis ar a ghníomhaíochtaí agus ar a fheidhmíocht ar a shuíomh gréasáin a nuashonraítear go rialta.

Tá dualgas rúndachta ag gach Comhalta Boird agus stiúrthóir an Ghrúpa ar an nGrúpa maidir le faisnéis íogair atá i seilbh an Ghrúpa. I gceist i bhfaisnéis íogair, mar shampla, bheadh:

  • aon fhaisnéis a bhaineann leis an nGrúpa CIÉ nach faisnéis phoiblí í,
  • faisnéis gnó nó a bheadh íogair ó thaobh tráchtála de (lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le beartais nó cleachtais ghnó),
  • aon fhaisnéis a bhaineann leis an nGrúpa CIÉ a ainmníonn sé a bheith mar fhaisnéis rúnda,
  • faisnéis phearsanta agus
  • faisnéis a fuair an Grúpa CIÉ faoi rún.

Ceanglaítear ar Chomhaltaí Boird agus ar stiúrthóirí a chinntiú nach nochtfar agus/nó nach mbainfear mí-úsáid aon fhaisnéis íogair a fhaigheann siad mar gheall ar bhallraíocht an Bhoird nó ar a stiúrthóireacht, cibé acu ag iomaitheoirí an Ghrúpa CIÉ nó ar shlí eile. D'fhonn an fhaisnéis sin a chosaint, ceanglaítear ar Bhaill an Bhoird agus ar stiúrthóirí

  • a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis sin cosanta go cuí,
  • cúram cuí a fheidhmiú maidir le faisnéis den sórt sin a chur in iúl agus aird chuí á tabhairt ar “Threoirlínte um Scaoileadh Faisnéise” an Ghrúpa ,
  • seachain úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin le haghaidh gnóthachain phearsanta agus
  • breathnú ar nósanna imeachta réamhchomhairliúcháin cuí le tríú páirtithe i gcás, go heisceachtúil, go bhfuil dualgas ar an CIÉ de réir dlí nó aon údaráis rialála, nó ar shlí eile, ar mhaithe le leas an phobail, faisnéis íogair a nochtadh..

Meabhraítear do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóirí go bhfuil dualgas sonrach orthu de bhun Alt 22 den Acht Iompair (Atheagrú de Chóras Iompair Éireann), 1986, gan faisnéis rúnda a nochtadh mura n-údaraíonn an Bord nó an chuideachta ábhartha í nó duine atá údaraithe chuige sin thar ceann an Bhoird nó na cuideachta. Sainmhínítear faisnéis rúnda san Acht mar fhaisnéis a luaitear a bheith rúnda maidir le faisnéis faoi leith nó maidir le faisnéis d’aicme nó de chur síos phraiticiúil. Is cion é an dleacht reachtúil seo a shárú, lena ngearrtar fíneáil ar é a chiontú go hachomair.

 

Ní mór do Chomhaltaí Boird / Stiúrthóirí cuimhneamh nach dtiocfaidh deireadh lena ndualgas rúndachta nuair a thiocfaidh deireadh le ballraíocht / stiúrthóireacht an Bhoird. Ba cheart go seachnófaí glacadh le ballraíocht bhreise ar bhoird nó le fostaíocht bhreise nuair a thagann coinbhleacht leasa chun cinn le linn tréimhse réasúnta ama tar éis deireadh a chur lena bhfeidhm i CIÉ. Maidir leis seo, ba chóir do Chomhaltaí Boird / stiúrthóirí a bheith airdeallach ar “Threoirlínte Iar-Fhoirceannadh Fostaíochta” an Ghrúpa .

Níor cheart do Chomhaltaí Boird / Stiúrthóirí doiciméadú, a fhaightear i rith a dtéarmaí mar Chomhalta Boird / Stiúrthóir, a choinneáil agus ba cheart dóibh na cáipéisí sin a thabhairt ar ais chuig Rúnaí an Ghrúpa / Cuideachta nó a chur in iúl ar shlí eile do Rúnaí an Ghrúpa / Cuideachta go ndearnadh na cáipéisí dá leithéid a bhí ina seilbh a dhiúscairt ar bhealach cuí. I gcás go mbíonn rochtain ar pháipéir an Bhoird ag teastáil ó iarchomhaltaí boird / iar-stiúrthóirí ó thráth a dtéarma ar an mBord, is féidir le Rúnaí an Ghrúpa / Cuideachta é seo a éascú

(c) Oibleagáidí

D'fhonn a chinntiú trí chomhlíonadh gnólachtaí ag CIÉ le gach Treoir Rialtais infheidhme, reachtaíocht na hÉireann agus an AE, éilítear ar Chomhaltaí Boird agus ar stiúrthóirí, sa mhéid agus a bhfuil sé laistigh dá gcumhacht:

  • a chinntiú nach nglacann an Grúpa CIÉ páirt in idirbhearta seachanta cánach “maslacha” (rud a chiallaíonn idirbhearta lena mbaineann úsáid an chóid chánach chun críche seachas na gcríoch a bhfuil sé beartaithe dóibh ag an Stát (lena náirítear úsáid neamhbheartaithe dreasachta cánach) agus mar aidhm aige an méid cánach atá le híoc ag an nGrúpa CIÉ nó ag páirtí in idirbheart ina bhfuil an Grúpa CIÉ rannpháirteach a laghdú),
  • na hoibleagáidí rialála agus maoirseachta go léir a fhorchuirtear ar CIÉ a chomhlíonadh,
  • loí le forálacha na nAchtanna Iompair, an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí, an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, Acht na gCuideachtaí 2014, na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988 agus riachtanais an dlí choitinn (lena n-áirítear na dualgais sin a bhfuil cur síos orthu sa doiciméad dar teideal “Róil agus Dualgais Chomhaltaí Boird agus Stiúrthóirí Ghrúpa CIÉ”), atá ábhartha dóibh mar stiúrthóirí,
  • comhoibriú le comhlachtaí rialála agus maoirseachta ábhartha,
  • seachaint iontrálacha bréagacha, míchruinne nó míthreoracha i dtaifid,
  • a chinntiú go gcloíonn an Grúpa CIÉ le reachtaíocht chánachais agus leasa,
  • a chinntiú go gcomhlíonann gníomhartha duine na hoibleagáidí conarthacha ábhartha,
  • iomaíocht éifeachtach agus chothrom a spreagadh i gcónaí,
  • a chinntiú go gcomhlíontar nósanna imeachta ceannaigh agus tairisceana an Ghrúpa agus leibhéil fhorordaithe údaráis chun aon chaiteachas ábhartha a cheadú,
  • seachaint gabháil d'aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla,
  • cloí leis na rialuithe chun calaois a chosc lena n-áirítear rialuithe leordhóthanacha chun a chinntiú go gcomhlíontar nósanna imeachta forordaithe maidir le speansais taistil gnó a éileamh,
  • cloí le nósanna imeachta a bhaineann le cásanna coinbhleachta leasa lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le:

(a) tar éis éirí as / dul ar scor ó ballraíocht / stiúrthóireacht an Bhoird agus

(b) ceapachán agus/nó sainchomhairliúchán de Chomhaltaí Boird agus stiúrthóirí ag an earnáil
phríobháideach

d’fhonn glacadh le poist tar éis bhallraíocht/stiúrthóireacht an Bhoird a sheachaint, a d'fhéadfadh
a bheith ina chúis le coinbhleachtaí leasa agus le hábhair imní rúndachta agus

  • cloí le beartas an Ghrúpa CIÉ maidir le hidirdhealú, ciapadh, ciapadh gnéasach agus bulaíocht

Ba chóir do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóirí a n-iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun freastal ar gach cruinniú Boird agus nuair is cuí, ar chruinnithe coiste.

(d) Nochtadh de Leasanna

Ceanglaítear ar Chomhaltaí Boird agus ar stiúrthóirí cloí leis na forálacha a bhaineann le nochtadh leasanna arna leagan amach i:

  •  Alt 7(6)(c) den Acht Iompair 1950,
  • Alt 20 den Acht um Páirteachas Lucht Oibre(Fiontair Stáit) 1977,
  • Alt 21 den Acht Iompair (Atheagrú Chóras Iompair Éireann) 1986,
  • Caibidil 2 de Chuid 5 d'Acht na gCuideachtaí 2014,
  • Alt 17 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995,
  • Alt 23 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (nuair is cuí),
  • na ceanglais nochta arna leagan amach i gCuid 6 den Chód Cleachtais chun
    Comhlachtaí Stáit a Rialú, agus
  • na nósanna imeachta a bhaineann le nochtadh leasanna arna bhunú ag an
    mBord agus
  • na nósanna imeachta arna leagan amach sa Chód seo

Ceanglaítear ar Chomhaltaí Boird agus ar stiúrthóirí sonraí faoi fhostaíocht / leasanna gnó nó leasanna d’aon duine dá mbaill teaghlaigh atá nó a d'fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le gnóthaí an Ghrúpa CIE a nochtadh do Rúnaí an Ghrúpa/Cuideachta.

I gcás go bhféadfadh cás coinbhleachta leasa teacht chun cinn i gcás Comhalta Boird nó stiúrthóra, ní mór dó/di déileáil leis an gconradh nó leis an gcás as a n-eascraíonn an choinbhleacht nó an choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann agus ní fhéadfaidh sé iarracht ar dhóigh ar bith tionchar a imirt ar chinntí ar an ábhar.

(e)  Dílseacht

Ní mór do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóirí

  • an fhreagracht maidir lena bheith dílis don Ghrúpa CIÉ a aithint agus a bheith tiomanta go hiomlán ina chuid gníomhaíochtaí gnó go léir agus aird a thabhairt go gcaithfidh an eagraíocht féin leasanna a scairshealbhóra a chur san áireamh i gcónaí agus
  • an dualgas atá ar chách le cloí leis na caighdeáin eitice is airde a aithint.

(f)  Cothroime

Ní mór do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóir:

  • comhlíonadh agus a chinnitú go gcomhlíonfaidh an Grúpa CIÉ an reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta agus um stádas comhionann,
  • gealltanas a thabhairt agus a chinntiú go bhfuil an Grúpa CIÉ tiomanta do chothroime i ngach déileáil ghnó agus
  • luach a chur ar chustaiméirí agus ar phaisinéirí agus caitheamh go cothrom le gach custaiméir agus paisinéir agus gach fostaí de chuid Ghrúpa CIÉ a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh.

(g) Tuiscint don Timpeallacht Oibre/Sheachtrach

Ní mór do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóirí:

  • a chinntiú go dtugann fostaithe Ghrúpa CIÉ tús áite dá sláinte agus dá sábháilteacht
    féin a chur chun cinn agus a chaomhnú chomh maith le tús áite a thabhairt do
    shláinte agus sábháilteacht na gcomhfhostaithe, custaiméirí agus tríú páirtithe eile a
    dtagann siad i dteagmháil leo le linn a mballraíochta Boird / stiúrthóireachta,
  • a chinntiú go ndéantar ábhair imní pobail a mheas go hiomlán agus
  • aon iarmhairt dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag oibríochtaí an Ghrúpa CIÉ ar an
    gcomhshaol a íoslaghdú.

4. Freagracht

Scaipeadh an Cód Iompair seo ina cuimsítear an beartas maidir le leasanna a nochtadh ar gach Comhalta Boird agus ar gach stiúrthóir a chaithfidh a dtuiscint ar an gcéanna a choinneáil, a dhearbhú agus a admháil go bhfuil sé faighte acu.

5. Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú ar an gCód Iompair seo gach dara bliain ar a laghad.

6. Treoirlínte maidir le Bronntanais nó Fáilteachas

Níor cheart do Chomhaltaí Boird agus do stiúrthóirí, ina gcáil mar Chomhaltaí Boird / stiúrthóirí, faoi réir na nósanna imeachta atá leagtha amach thíos, bronntanais chorparáideacha a ghlacadh nó a thabhairt, ná fáilteachas, cóireáil fhabhrach nó sochair a d'fhéadfadh difear a dhéanamh nó a dhealraíonn go mbeadh tionchar acu ar chumas an deontóra nó an fhaighteora breithiúnas neamhspleách a dhéanamh maidir le hidirbhearta gnó.

Bronntanais

Níor chóir do Chomhaltaí Boird / stiúrthóirí glacadh le bronntanais chorparáideacha ó  sholáthraithe nó ó chonraitheoirí a d'oibrigh le Grúpa CIÉ agus ba chóir iad a dhiúltú.

I ngach cás, ba chóir an bronntanas a chur ar ais chuig an seoltóir, le nóta air ina gcuirtear in iúl go mbeadh an glacadh leis contrártha do bheartas an Ghrúpa. Caithfear na bronntanais a cuireadh ar ais a chur in iúl don Chathaoirleach láithreach.

Fáilteachas

Glactar le cuirí chun lón agus dinnéar atá le linn gnáthchúrsa gnó.

Is féidir le Comhaltaí Boird / stiúrthóirí ina gcumas glacadh le fáilteachas measartha (lena náirítear imeachtaí spóirt agus turais gailf), ar choinníoll:

  • go bhfuarthas cead roimh ré ón gCathaoirleach,
  • nach bhfuil minicíocht agus méid an fháilteachais níos mó ná mar a bheifí ag súil go dtabharfadh an Grúpa CIE ar ais,
  • go bhfuil an líon foirne de chuid Ghrúpa CIÉ, Comhaltaí Boird nó stiúrthóirí a bhaineann leas as an fáilteachas á choinneáil go dtí an méid is lú, agus
  • nach n-áirítear cuirí soláthar taistil nó lóistín thar oíche agus nach aithnítear an Grúpa CIE ar bhealach poiblí le haon soláthraí nó conraitheoir ar leith de bharr leas a bhaint as an bhfáilteachas. Caithfear sonraí an fháilteachais a thairgtear sa chomhthéacs seo, a diúltaíodh, a chur in iúl láithreach don Chathaoirleach.

7. Comhairle Gairmiúil Neamhspleách

Nuair a mheasann aon Chomhalta Boird / stiúrthóir (nó grúpa de Chomhaltaí Boird / stiúrthóirí) de CIÉ go bhfuil cúinsí tagtha chun cinn a fhágann sé go mbeadh sé míchuí dó/di/dóibh dul i gcomhairle le comhairleoirí gairmiúla CIÉ agus go measann sé/sí/siad chun a dhualgais/dualgais/ndualgais chun cinn, go bhfuil gá le comhairle ghairmiúil neamhspleách, i gcásanna dá leithéid, ba chóir do Chomhaltaí Boird agus/nó stiúrthóirí na nósanna imeachta ábhartha a leanúint a scaipeadh orthu nó atá ar fáil ó Rúnaí Cuideachta an Ghrúpa.

Nóta: Déileálfaidh an Cathaoirleach le sáruithe ar an gCód Iompair seo. Déileálfar le haon sarú ar
an gCód seo má sháraíonn an Cathaoirleach an cód, má tharlaíonn an sárú i CIÉ, déileálfaidh
Cathaoirleach Choiste Iniúchóireachta agus Riosca Bhord CIÉ leis an sárú, agus má sháraíonn
Cathaoirleach d’fhochuideachta, is é an Cathaoirleach den Ghrúpa Athbhreithnithe Iniúchóireachta / Grúpa Iniúchta agus Athbhreithnithe Riosca / Coiste Iniúchta, Airgeadais agus Riosca na cuideachta sin a dhéileálfaidh leis an sárú.

Barr