Comhionannas agus Éagsúlacht ag Iarnród Éireann

Timpeallacht dhearfach a choinneáil do chách in Iarnród Éireann

Ár dtiomantas d'ionad oibre uilechuimsitheach agus seirbhís do chustaiméirí

Tá Iarnród Éireann tiomanta do chomhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre agus sna seirbhísí a sholáthraímid. Leanfaimid orainn ag obair lenár bhfostaithe, custaiméirí, gníomhaireachtaí seachtracha agus grúpaí comhoiriúnacha eile chun dea-chleachtas san ionad oibre a fhorbairt dár bhfostaithe agus dár gcustaiméirí. 

Maidir lenár bhfostaithe déanfaidh Iarnród Éireann:

  • beartais a sholáthar agus a fhorbairt lena gcinntítear cothroime, comhionannas, dínit agus meas do gach duine inár bhfostaíocht, cibé acu sealadach, páirtaimseartha nó lánaimseartha
  • comhdheiseanna a chinntiú inár gcleachtais fostaíochta
  • athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais agus ar nósanna imeachta fostaíochta nuair is gá chun cothroime a chinntiú, agus iad a nuashonrú freisin chun athruithe sa dlí nó sa dea-chleachtas a chur san áireamh
  • ár bhfostaithe go léir a spreagadh chun a lánacmhainneacht a bhaint amach
  • a chinntiú go dtugtar deis do gach fostaí forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh laistigh den Chuideachta ar bhonn cumais agus fiúntais

Maidir lenár bhfostaithe déanfaidh Iarnród Éireann:

  • leanúint ar aghaidh ag feabhsú agus ag forbairt inrochtaineachta ar ár seirbhísí
  • seirbhís a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais gach duine
  • a chinntiú go bhfuil rochtain ar thaisteal agus faisnéis faoi thaisteal ar fáil do níos mó saoránach
  • leanúint ar aghaidh ag dul i dteagmháil lenár bpaisinéir a bhfuil lagú soghluaisteachta orthu trínár bhfóraim ghrúpa úsáideoirí

Tá sé de fhreagracht ar ár mbainisteoirí agus ar ár bhfoireann a chinntiú go bhfuil gcuirtear fáilte roimh chustaiméirí agus a gcomhfhostaithe san ionad oibre, sna stáisiúin iarnróid agus sna traenacha.

Cinnteoimid go bhfuilimid comhsheasmhach maidir leis na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 -2015 1998-2015 agus leis na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000-2015 i soláthar seirbhísí dár gcustaiméirí. Sa dá Acht, cuirtear cosc ar idirdhealú i soláthar fostaíochta agus seirbhíse ar naoi bhforas ar leith, is iad sin Aois, Cine, Inscne, Creideamh, Míchumas, Stádas Teaghlaigh, Stádas Sibhialta, Claonadh Gnéasach agus Ballraíocht i bPobal an Lucht Siúil.

Aithnímid go dtugtar cearta bunúsacha dár bhfostaithe, d'fhostaithe ionchasacha, do chonraitheoirí agus dár gcustaiméirí leis an Acht um Dhualgas na hEarnála Poiblí 2014

  • go ndéileálfar leo le meas agus dínit
  • go gcaithfear go cóir leo maidir leis na nósanna imeachta go léir in Iarnród Éireann

Ina theannta sin leanfaimid orainn ag cinntiú go dtabharfaimid aird ar:

  • deireadh a chur le hidirdhealú,
  • comhionannas a chur chun cinn
  • cearta daonna dár mball foirne agus dár ndaoine a soláthraímid seirbhísí dóibh a chosaint

Creideann Iarnród Éireann go dtacófar lenár misean, lenár bhfís agus lenár luachanna, má chuirimid luach ar ár bhfoireann, ar ár gconraitheoirí agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad don chustaiméir Ar an mbonn seo leanfaimid orainn ag forbairt timpeallachta ina n-urramaítear éagsúlacht na foirne, na gconraitheoirí agus na gcustaiméirí.

Teagmháil

Ríomhphost: comhionannas@irishrail.ie

Top