Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin

Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin
Áirithintí Suíocháin Amháin

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád. Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go ticéad sa Chéad Ghrád an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Iarnród Éireann agus an Comhshaol

Is cinnte go mbeidh an iarmhairt cheaptha teasa ar cheann de na fadhbanna is tromchúisí a bheidh roimh an gcine daonna sa 21ú haois. Tá na héifeachtaí gan teorainn agus dochúlaithe araon

Ina measc tá athruithe aeráide, leibhéil farraige atá ag ardú agus gorta. Tarlaíonn an iarmhairt cheaptha teasa mar gheall ar astaíocht gás áirithe, go háirithe dé-ocsaíd charbóin, isteach san atmaisféar agus tá sé nasctha go díreach le húsáid daonna na mbreoslaí iontaise (ola, gual, srl.).

Tá an t-iompar ag croílár na faidhbe agus tá sé freagrach as an gcúigiú cuid de na hastuithe déocsaíde carbóin go léir sa lá atá inniu ann. Is as carranna agus leoraithe a thagann 80 nó 90% de na hastaíochtaí a shanntar don earnáil iompair. Ina theannta sin, tá na leibhéil astaíochtaí ag dul i méid níos tapúla ná an dul chun cinn teicneolaíoch mar gheall ar spleáchas iomlán ar bhóthar agus aeriompar ar ola agus ar an méadú ar thrácht.

In ainneoin na gcuspóirí foriomlána maidir le laghdú astaíochtaí atá beartaithe ag rialtais, nach leor iad de réir na saineolaithe eolaíochta, tá an córas iompair ag dul i dtreo staid doréitithe

 

Is féidir le hIompar Iarnróid cabhrú

Tá féidearthacht mhór ag iompar iarnróid chun an fhadhb a bhaineann le "soghluaisteacht nó comhshaol" a réiteach i bhfianaise na buntáistí comhshaoil aitheanta atá aige i gcomparáid le modhanna eile iompair.

  • Tá traenacha níos tíosaí ar fhuinneamh ná modhanna eile agus, trí leictreachas a úsáid, tá sé éasca dóibh dul in oiriúint d'fhoinsí éagsúla fuinnimh, go háirithe dóibh siúd atá in-athnuaite agus nach bhfuil chomh truaillithe sin
  • Tá cóimheas níos fearr ag traenacha maidir le hastaíochtaí CO2 i gcomparáid le modhanna eile.
Dart-Killiney

Ar an mbonn sin, is féidir le traenacha bealach iompair atá i bhfad níos éifeachtaí agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a thairiscint do:

  • seirbhísí paisinéirí uirbeacha agus áitiúla
  • seirbhísí idirchathrach agus, go háirithe, seirbhísí ardluais
  • seirbhísí lastais agus, go háirithe, iompar comhcheangailte

Dealraíonn sé, sna tíortha is forbartha, go bhfuil níos mó gá ann dul i dtreo modhanna iompair níos glaine agus, go háirithe, an traein a úsáid

Tá Iarnród Éireann tiomanta do bheith ag feidhmiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus chun leathnú iarnróid a spreagadh mar mhodh iompair do phaisinéirí agus lasta d'fhonn an iarmhairt cheaptha teasa agus cineálacha eile truaillithe a laghdú.

Ráiteas Beartais Chomhshaoil

Priontáil