Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Iarratas maidir le Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol chuig Iarnród Éireann

Cad iad na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (AIE) 2007-2018?

Soláthraíonn an chuid seo faisnéis ghinearálta ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol). Cuimsíonn sé faisnéis chúlra faoin reachtaíocht, conas iarratas AIE a dhéanamh, sonraí teagmhála agus táillí.

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (AIE) 2007 go 2011 (IR Uimh. 133 de 2007 agus IR Uimh. 662 de 2011) (dá ngairtear na Rialacháin AIE anseo feasta), cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Faoi na rialacháin seo, caithfear faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá á coinneáil ag údarás poiblí, nó thar ceann údaráis phoiblí, a chur ar fáil ar iarratas, faoi réir eisceachtaí áirithe.

Soláthraíonn na Rialacháin AIE sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil; tugtar breac-chuntas ar an gcaoi ar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus an bealach a gceanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais.

Sula gcinneann tú iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (AIE) 2007-2018 (AIE)

Sula gcinneann tú iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (AIE) 2007-2018 (AIE) ó Iarnród Éireann, cén fáth nach ndéanann tú iniúchadh nó seiceáil ar ár dtaifid iarratais maidir le Rochtain ar Fhaisnéis ar an gCokmhshaol? D’fhéadfadh go mbeadh an fhaisnéis atá á lorg agat ar fáil cheana féin.

Conas iarratas AIE a dhéanamh chuig Iarnród Éireann?

Agus iarratas AIE á dhéanamh agat, comhlánaigh an foirm iarratais agus seol ar aghaidh í chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise, Iarnród Éireann, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1, nó ríomhphost a sheoladh chuig foi@irishrail.ie.

Má theastaíonn cúnamh breise uait chun iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil le foi@irishrail.ie

Táillí

Níl aon táille tosaigh as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin AIE. Féadfaidh Iarnród Éireann táille réasúnta a ghearradh, áfach, as an bhfaisnéis a iarrtar a sholáthar. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo na costais a bhaineann le faisnéis a thiomsú, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil. Ní ghearrtar aon táille as iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.

Cosnaíonn achomharc chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil €50 nó €15 más sealbhóir nó cleithiúnaí sealbhóir cárta leighis an t-iarratasóir, nó tríú páirtí atá ag achomharc i gcoinne an chinnidh faisnéis áirithe a eisiúint

Ceanglais maidir le déileáil le hiarratais

Go ginearálta, éilítear ar Iarnród Éireann freagra a thabhairt ar iarratas AIE laistigh de mhí tar éis an iarraidh a fháil. I gcás, mar gheall ar chastacht nó mhéid na faisnéise a theastaíonn, nach féidir le hIarnród Éireann freagairt laistigh den chreat ama míosa, scríobhfaimid chuig an iarratasóir laistigh den mhí, ag léiriú cathain a eiseofar freagra. Níor chóir go mbeadh an dáta seo níos mó ná dhá mhí ó fuarthas an t-iarratas bunaidh.

Mura bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag Iarnród Éireann; féadfaidh sé an t-iarratas a aistriú chuig comhlacht eile nó comhairle a thabhairt don iarratasóir nuair a chreideann sé gur cheart an t-iarratas a threorú. I gceachtar cás, éilítear fógra a thabhairt don iarratasóir.

Cinneadh a achomharc

Faoi Airteagal 11 de na Rialacháin AIE tá sé de cheart agat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh tosaigh. Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a iarraidh freisin mura bhfuair tú freagra laistigh den chreat ama iomchuí. Ní mór athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí tar éis an cinneadh bunaidh a fháil (féadfaidh an t-údarás poiblí an creat ama seo a fhadú ach ní cheanglaítear air sin a dhéanamh). Ní ghearrtar aon táille as athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Is éard atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an ábhar ag ball d’fhoireann an údaráis phoiblí, a fhéadfaidh an cinneadh bunaidh a rinneadh a dhearbhú, a athrú nó a neamhniú. Eiseofar toradh i scríbhinn maidir le d'athbhreithniú a chuirfidh an cinneadh, an chúis atá leis an gcinneadh agus comhairle maidir le do cheart achomhairc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin laistigh de mhí amháin ón dáta a fuarthas an t-iarratas ar an athbhreithniú.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (CEI). Caithfidh tú achomharc a dhéanamh laistigh de mhí tar éis duit an cinneadh maidir leis an athbhreithniú inmheánach a fháil ón údarás poiblí. Féadfaidh an Coimisinéir an teorainn ama seo a fhadú i gcásanna aonair, áfach. Is féidir sonraí teagmhála an CEI a fháil ag Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis ar an gComhshaol

Iarratas ar Shaoráil Faisnéise chuig Iarnród Éireann

San tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014, cosnaítear ceart an phobail chun faisnéis a fháil sa mhéid agus is féidir atá ar aon dul le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachais, faisnéis atá i seilbh na gcomhlachtaí poiblí, comhlachtaí eile a fhaigheann maoiniú ón Stát agus comhlachtaí áirithe eile nach ndéanann na heagraíochtaí sin a chur ar fáil go rialta.

Barr