Taifid Iarratas ar Shaoráil Faisnéise Iarnród Éireann
Sula ndéanann tú cinneadh iarraidh ar fhaisnéis faoi Shaoráil Faisnéise (SF) ó Iarnród Éireann, cén fáth nach mbreathnaíonn tú ar ár suíomh gréasáin ní ar ár dtaifid thíos d'iarratais ar Shaoráil Faisnéise? B'fhéidir go bhfuil an fhaisnéis atá uait ar fáil cheana féin agus is féidir teacht uirthi trí cheann de na ceannteidil seo a leanas a roghnú;
Taifid Iarratas ar SF
Safety and Security Reports
Conas iarratas SF a dhéanamh chuig Iarnród Éireann?
Agus iarratas SF á dhéanamh agat, comhlánaigh an fhoirm iarratais agus seol ar aghaidh chuig
an Oifigeach SF, Iarnród Éireann, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1, nó
seol ríomhphost chuig foi@irishrail.ie.
Cliceáil anseo chun Scéim Foilseacháin Iarnród Éireann a íoslódáil
Má theastaíonn cúnamh breise uait le hiarratas SF a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil le foi@irishrail.ie nó (01) 7034293.
Inrochtaineacht Doiciméid PDF
Tabhair faoi deara le do thoil gur doiciméid scanta iad cuid de na hiarratais SF thuas agus nach bhfuil rochtain ag úsáideoirí teicneolaíochta cúnta orthu faoi láthair. Féadfar rogha mhalartach inrochtana dhigiteach a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le foi@irishrail.ie nó (01) 7034293.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi inrochtaineacht suímh gréasáin agus doiciméid, tabhair cuairt le do thoil ar ár rannán inrochtaineachta suímh gréasáin.

