Iarratas ar Shaoráil Faisnéise chuig Iarnród Éireann

Cad é an tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014?

San tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014, cosnaítear ceart an phobail chun faisnéis a fháil sa mhéid agus is féidir atá ar aon dul le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachais, faisnéis atá i seilbh na gcomhlachtaí poiblí, comhlachtaí eile a fhaigheann maoiniú ón Stát agus comhlachtaí áirithe eile nach ndéanann na heagraíochtaí sin a chur ar fáil go rialta. Tá rochtain ar fhaisnéis faoin Acht faoi réir díolúintí áirithe agus bíonn nósanna imeachta agus teorainneacha ama sonracha i gceist leis.

Cad iad na cearta atá agat faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014?

Bunaítear trí cheart reachtúla leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014:

  • An ceart chun taifid a leasú maidir le faisnéis phearsanta i gcás go bhfuil sí mícheart, neamhiomlán nó míthreorach
  • Ceart an duine aonair rochtain a fháil ar chúiseanna le cinntí a théann i bhfeidhm go díreach ar an duine sin
  • An ceart chun rochtana ar thaifid atá i seilbh Ranna Rialtais agus aonán poiblí eile a thagann faoi shainchúram an ghnímh

Is é cuspóir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 a chinntiú go bhfeidhmíonn an pobal an trí cheart reachtúla thuasluaite maidir le rochtain a fháil ar thaifid. Is féidir le duine aonair iarraidh ar Iarnród Éireann:

  • Aon taifid a bhaineann leo go pearsanta, is cuma cén uair a cruthaíodh iad
  • Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis 21 Aibreán 2008

Cad is taifead ann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014?

Is féidir taifead a shainmhíniú mar:

  • leabhar nó ábhar scríofa nó clóite eile i bhfoirm ar bith (lena n-áirítear in aon ghléas leictreonach nó i bhfoirm inléite meaisín),
  • léarscáil, plean nó líníocht,
  • diosca, téip nó gléas meicniúil nó leictreonach eile ina bhfuil sonraí seachas íomhánna amhairc corpraithe ionas go mbeidís in ann, le cabhair nó gan í trealaimh mheicniúil nó leictreonach éigin eile, iad a atáirgeadh ón diosca, ón téip nó ó ghléas eile
  • scannán, téip nó gléas meicniúil nó leictreonach eile ina bhfuil sonraí seachas íomhánna amhairc corpraithe ionas go mbeidís in ann, le cabhair nó gan í trealaimh mheicniúil nó leictreonach éigin eile, iad a atáirgeadh ón scannán, ón diosca, ón téip nó ó ghléas eile,
  • measfar, chun críocha an Achta seo, go ndearnadh cóip nó cuid d'aon rud a thagann faoi réim mhír (a), (b), (c) nó (d), agus , cóip, in aon fhoirm, de thaifead, a chruthú ag an am céanna leis an taifead.

Sula ndéanann tú cinneadh iarraidh ar fhaisnéis faoi Shaoráil Faisnéise (SF)?

Sula ndéanann tú cinneadh iarraidh ar fhaisnéis faoi Shaoráil Faisnéise (SF) ó Iarnród Éireann, cén fáth nach mbreathnaíonn tú ar ár dtaifid d'iarratais ar Shaoráil Faisnéise? B'fhéidir go bhfuil an fhaisnéis atá uait ar fáil cheana féin.

Conas iarratas SF a dhéanamh chuig Iarnród Éireann?

Agus iarratas SF á dhéanamh agat, comhlánaigh an fhoirm iarratais agus seol ar aghaidh chuig
an Oifigeach SF, Iarnród Éireann, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1, nó
seol ríomhphost chuig  foi@irishrail.ie.

Cliceáil anseo chun Scéim Foilseacháin Iarnród Éireann a íoslódáil

Má theastaíonn cúnamh breise uait le hiarratas SF a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil le foi@irishrail.ie(01) 7034293.

Taifid Iarratas ar SF

Sula gcinneann tú iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoi Shaoráil Faisnéise ó Iarnród Éireann, cén fáth nach ndéanann tú iniúchadh ar ár dtaifid iarratais maidir le Shaoráil Faisnéise?

Top