Crosairí Comhréidhe Iarnróid

Sábháilteacht ag Crosairí Comhréidhe Gan Duine ina mBun

Tá níos mó ná 900 Crosaire Comhréidh Gan Duine ina mBun ar Líonra Iarnród Éireann. Is crosairí comhréidh iad seo ina mbeidh ar bhall den phobal, an t-úsáideoir, na geataí a oscailt agus a dhúnadh. Faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005, dlighfear fíneáil os cionn €1000 ar dhaoine a dteipeann orthu geataí a dhúnadh tar éis iad a úsáid

  • Bí ag súil i gcónaí le traein!
  • Stop, Féach an dá bhealach, éist
  • Nuair a bhíonn an tIarnród glan, trasnaigh go gasta é
  • Dún agus cur an geata faoi ghlas tar éis duit, is é an dlí é!

Cuimhnigh, ná stad riamh ar an líne iarnróid agus bí ag súil i gcónaí le traein

Ag na crosairí seo tá sé de dhualgas ar an úsáideoir a chinntiú go bhfuil sé sábháilte e a thrasnú agus nach bhfuil traenacha agus a bpaisinéirí curtha i mbaol.

Tá Faisnéis Mhionsonraithe ar Chrosairí Comhréidhe ar fáil in dhá fhormáid leabhráin áisiúla ónhe RSA agus Iarnród Éireann Irish Rail nó ar ár Léarscáil Bheo anseo.

Farmers and Farming Contractors (Agricultural Users)

Cars, Cyclists and Pedestrians (Familiar / Unfamiliar Users)

Service and Emergency Vehicles (State and Voluntary Users)

Trucks, Vans, Lorries and Coaches {Professional Drivers)

Train Detection Warning System at selected level crossings

Le DéanamhNach bhfuil le Déanamh
Bí ag súil i gcónaí le traeinNá bí ag smaoineamh riamh go bhfuil sé sábháilte a thuar cén uair a thiocfaidh an chéad traein eile
Bain úsáid as an gCód Sábhála Iarnróid i gcónaí ag crosairí
iarnróid gan duine ina mbun
Ná tiomáin thar an iarnród go dtí go bhfeiceann tú go bhfuil i ndóthain spáis ann chun dul go dtí an taobh eile
Cloí le comharthaí agus le marcanna
bóthair i gcónaí
Ná lean feithicil trasna an chrosaire iarnróid gan féachaint thart
Cas as córais cheoil i gcónaí agus
fág fóin phóca i leataobh
Ná stop ar an gcrosaire iarnróid
Bíodh smacht agat i gcónaí ar leanaí
agus ar ainmhithe atá faoi do chúram
Ná páirceáil agus ná fág d'fheithicil gar don
chrosaire iarnróid
Tuirling i gcónaí más rothaí nó
marcach capaill thú
Ná scoith feithicil eile ar an gcrosaire
iarnróid nó nuair atá tú ag teacht gar dó
Dún agus cuir na geataí faoi ghlas i
gcónaí tar éis dul trasna an iarnróid
Ná bí ag súgradh, nó ná caith cochaill nó cluasáin, ar na rianta iarnróid nó in aice leo

Córas Rabhaidh Braite Traenach ag crosairí comhréidhe roghnaithe

Tá an DSS deartha chun faisnéis níos fearr a sholáthar don úsáideoir crosaire comhréidh maidir le traenacha ag teacht agus chun cabhrú leo measúnú a dhéanamh nuair nach bhfuil sé sábháilte dul trasna. Tá an córas seo comhdhéanta de shoilse dearga agus oráiste le rabhadh inchloiste.

Nuair a thagann traein chomh fada le úsáideoir, feicfidh an t-úsáideoir solas dearg agus cloisfidh sé rabhadh inchloiste. Nuair a thagann an solas oráiste in ionad an tsolais dheirg agus nuair a chríochnaíonn an rabhadh inchloiste tá sé sábháilte ansin dul trasna, agus an duine ar a airdeall. Ní mór duit geata crosaire comhréidh taobh thiar duit a dhúnadh i gcónaí.

Top