Bí i do Thiománaí Traenach
Bí i do Thiománaí Traenach - Oscailte le haghaidh iarratas - DART
Tá áthas orainn ár bhFeachtas nua Tiománaithe a sheoladh don DART - Bré & Fionnradharc. Is am spreagúil é a bheith i do bhall d'fhoireann Iarnród Éireann Irish Rail. Tá fáilte curtha againn roimh níos mó ná 300 Tiománaí faoi Oiliúint san eagraíocht le roinnt blianta anuas. Is mian linn leanúint leis an bhfás seo trí dheis a thabhairt DUITSE a bheith mar chuid dár dtodhchaí.
Is ceannaire dinimiciúil bródúil é Iarnród Éireann sa ghréasán iompair. Ag teacht le fís na heagraíochta, is é sin, fás agus feabhsú go leanúnach, táimid ag lorg daoine uaillmhianacha le bheith linn in ‘Aon Fhoireann Amháin’ agus go bhfásfaidh siad linn.
Mar Thiománaí Traenach beidh de dhualgas ort turais shábháilte, dírithe ar an gcustaiméir a sheachadadh, le scóip chun leanúint ar aghaidh go róil amach anseo i bpoist mhaoirseachta agus bhainistíochta.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith toilteanach a bheith ag obair i bpatrúin éagsúla seala lena n-áirítear obair ag an deireadh seachtaine. Déanaimid freagracht an róil seo atá ríthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de a mheaitseáil le scála tuarastail a fhéadfaidh uasmhéid de €69k in aghaidh na bliana a bhaint amach. Mar chuid den chlár Oiliúna do Thiománaithe Traenach, forbróidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo eolas oibríochta iomlán sula gcáileofar iad.
Is eagraíocht muid a bhfuil meas mór againn ar ár bhfoireann agus a cuid comhaltaí. Oibrímid go dian lena chinntiú go bhfuil gach duine bródúil as a bheith mar chuid dár dtodhchaí.
Seo a leanas cuid de bhuntáistí iontacha na cuideachta atá againn DUITSE!
- Deiseanna iomaíocha i leith tuarastail agus conair ghairme
- Deis chun dul ag obair le Soláthróir Náisiúnta Iarnróid na hÉireann
- Ag cur lenár dtiomantas chun a chinntiú go mbeidh iarnród ar an modh taistil baile intíre is glaise
- Pinsean Cuideachta & Scéimeanna Leasa
- Rochtain ar Chláir Sláinte agus Folláine
- Táillí laghdaithe ar fud an ghréasáin
- Rochtain ar Chláir Forbartha Tallainne
- Tacaíocht Breisoideachais
- Tionscnaimh Chothromaíochta Oibre is Saoil
*Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil teacht ar chuid de na buntáistí thuasluaite i gcás fostaíocht bhuan.
Tá iarratais á lorg againn don DART – Bré & Fionnradharc
Íosriachtanais iarratasóra:
Ní mór d’iarratasóirí riachtanais Eorpacha um Cheadúnú Tiománaithe Traenach a chomhlíonadh le hoideachas lánaimseartha 9 mbliana ar a laghad agus ní mór dóibh a bheith os cionn 20 bliain d’aois.
Ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo a léiriú go bhfuil na scileanna seo a leanas acu:
- Sárscileanna Cumarsáide
- Ciall i gcás éigeandála
- Go leanfaidh siad Rialacha agus Nósanna Imeachta
- Dícheallacht
- Go bhfuil siad dírithe ar an gcustaiméir
- Luí Éachta
Beidh iliomad céimeanna sa phróiseas roghnúcháin. Áireofar leis seo iarratais agus measúnuithe tosaigh ar líne, ionaid measúnaithe duine le duine, agallaimh bunaithe ar inniúlachtaí, diansheiceáil tagartha leighis agus sábháilteachta.
Má tá suim agat san fheachtas seo, le do thoil, cuir d’iarratas isteach ag an nasc seo a leanas:
URL: https://extranet.theopc.co.uk/irishrail19/
CÓD ROCHTANA: IR2026IND
Dúnfar an córas iarratasóra ar líne nuair a bheidh líon na n-iarratas atá riachtanach faighte – moltar iarratais a sheoladh go luath chun díomá a sheachaint.
In Iarnród Éireann Irish Rail táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú a leabú i ngach rud a dhéanaimid. Tosaíonn sé seo leis an gcaoi a n-earcaímid daoine. Tá sé tábhachtach dúinn go mbraitheann gach duine go bhfuil fáilte rompu a bheith san eagraíocht agus déanaimid cinnte chun cothrom na Féinne a chinntiú do chách. Déanfaimid ár ndícheall cóiríocht réasúnta a chur ar fáil do gach iarrthóir nuair is gá agus nuair a iarrtar sin. Is fostóir comhdheiseanna muidne agus ní dhéanaimid idirdhealú in aghaidh aon fhostaí ná iarratasóir ar fhostaíocht mar gheall ar chine, eitneachas, gnéas, aois, reiligiún, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú ná míchumas.
