How can we help?

Earráidí agus Cárta Leap á léamh


D’fhéadfadh sé tarlú ó am go ham nach mbeidh Geataí/Bailíochtóirí in ann an Tadhall-Ar/Tadhall-As a aithint. Is faoin gcustaiméir atá sé deimhin a dhéanamh de gur bailíochtaíodh an cárta i gceart. Seo iad an dhá phríomchúis nach féidir cártaí a léamh i gceart:

1. Tá an Cárta Cliste san Áit Mícheart:
Mura gcuirfear an Cárta Leap i gcoinne an léitheora/an ‘targaide’ ar an mbailíochtóir nó ar an ngeata, ní léifear é. Déan deimhin de go gcuirtear an cárta i gcoinne an ‘targaide’ léimh cártaí go socair ar feadh soicind amháin ar a laghad.
Ná déan an Cárta Cliste a chroitheadh thar an targaid léimh cártaí. Ná cuir an Cárta Cliste isteach sa sliotán le haghaidh ticéid pháipéir ar an ngeata. 

2. Bac ar an gCárta Cliste
Bain an Cárta Leap amach ó do sparán nó do mhála roimh duit é a úsáid. Féadfaidh Cártaí Cliste eile i do sparán nó mála cur isteach ar an gcárta seo agus ní bheifear in ann é a úsáid.

Barr