Irish Rail Journey Planner, Please fill this form and submit to find train times and tickets
Destination
From
Type
Use arrow keys on the keyboard to navigate through the type group
Date
Select an outbound date
Select a return date
Time
Passengers

Passengers

Preferences

wheelchair icon Wheelchair users

Select wheelchair users dialog
Wheelchair users

Please select the passenger(s) the wheelchair space is required for. Once selected we will only show services where wheelchair(s) spaces are available to book based on your journey requirement. For more information go to Tickets Explained section.

Seat only reservation dialog
Seat only reservation

Is an option for customers who are in possession of a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail and Free Travel pass holders to reserve a seat in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Railtours Ireland - First Class

Is iad traenacha an modh taistil is mó spáis agus is compordaí in Éirinn, is féidir leat a bheith i do
shuí ar do chompord, do scíth a ligean, agus taitneamh a bhaint as an taobh tíre atá de shíor ag athrú. Le neart spáis mórthimpeall ort, ní bheidh aon trioblóid ag baint le haistear traenach, is féidir leat glacadh leis an aistear mar chuid thaitneamhach de do shaoire

Táimid ag obair i gcomhpháirt le Railtours Ireland – First Class, an príomhthionscnóir turas
traenach in Éirinn, chun turais den scoth a chur ar fáil ag praghas iontach.

Railtours Ireland – First Class, an deis taisteal ó Bhaile Átha Cliath go dtí imeall na
hEorpa, deis féachaint ar thaobh tíre fíorálainn agus oidhreacht sheanda. Le Railtours Ireland –
First Class is féidir leat taitneamh a bhaint as radhairc iontacha feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin,
cosúil le Mórchuaird Chiarraí, Aillte an Mhothair, Conamara agus Oileáin Árann, áit a bhfuil an
tírdhreach creagach múnlaithe ag an Aigéan Atlantach leis na céadta bliain anuas.

Seiceáil an éagsúlacht turas atá ar fáil idir thurais lae agus thurais naoi lá, a thugann deis duit
spleáchadh a fháil ar Éirinn in aon lá amháin nó deis a thabhairt do Railtours Ireland – First Class aire a thabhairt duit ar feadh dhá lá nó níos mó, ionas go mbeidh deis agat taitneamh a bhaint as eispéireas sóúil Éireannach.

RailTours Ireland Logo

Seiceáil an éagsúlacht turas atá ar fáil thíos:

Turais Lae ó Bhaile Átha Cliath

Bain síneadh as do chosa le Railtours agus tabhair cuairt ar na cinn scríbe is mó tóir in Éirinn in aon lá amháin! D’fhéadfá turas a thabhairt ar Aillte an Mhothair, Mórchuaird Chiarraí, Caisleán na Blarnan, Cuan na Gaillimhe, Cathair Bhéal Feirste agus Clochán an Aifir. Chomh maith leis, tá turais traenach fíoráille á gcur ar fáil againn a áirítear iontu lóistín oíche in óstáin atá suite i suíomhanna lárnacha. Is é ceann de na turais is mó tóir Turas 2 Lá Game of Thrones; tugtar cuairt ar nithe is díol spéise i gCathair Bhéal Feirste, Clochán an Aifir agus an taobh tíre álainn atá le feiceáil sa tsraith teilifíse duaisbhuaiteach Game of Thrones.

Turais 2 - 3 Lá

Má tá níos mó ná lá amháin le spáráil agat agus más spéis leat níos mó d’Éirinn a fheiceáil, is féidir linn cabhrú leat! Tá go leor roghanna turais á gcur ar fáil againn a áirítear iontu lóistín oíche in óstáin atá suite i suíomhanna lárnacha. Is é ceann de na turais is mó tóir Game Of Thrones 2 Day Tour; áirítear sa turas seo cuairt ar nithe is díol spéise i gCathair Bhéal Feirste, Clochán an Aifir agus an taobh tíre álainn atá le feiceáil sa tsraith teilifíse duaisbhuaiteach, Game of Thrones.

Cuir Ticéad in Áirithe go Díreach chun Uasghrádú Saor in Aisce a Fháil!

Cuir aon turas fada díreach in áirithe linn agus gheobhaidh tú uasghrádú SAOR IN AISCE lena n-áirítear; Turas Cathrach Léim Ann, Léim Amach SAOR IN AISCE ar Bhus Bhaile Átha Cliath/Ticéad 2 Lá, Bricfeasta SAOR IN AISCE ar an traein ó Bhaile Átha Cliath go Corcaí (Dé Luain go dtí Dé hAoine amháin) agus Uasghrádú SAOR IN AISCE chuig Óstán Ceithre Réalta i gCill Airne.

Áirítear inár dturais níos faide ar fad suíochán in áirithe ar an traein, óstach Railtours Ireland, cead isteach chuig gach ceann de na nithe is díol spéise, agus cóiríocht in óstáin Trí Réalta agus Ceithre Réalta

Traein Oidhreachta agus Oíche i gCaisleán Cúig Réalta

An spéis leat turas speisialta agus uathúil? Tá turas eisiach traenach agus caisleáin á thairiscint ag Railtours trí Éirinn i do thraein oidhreachta speisialta príobháideach féin, agus deis oíche a chaitheamh i gCaisleán, Óstán Cathrach nó Tuaithe Cúig Réalta in Éirinn. Is turas ocht lá agus seacht n-oíche é seo a bhfuil gach rud san áireamh ann, atá teoranta do 50 aoi agus a áirítear ann gach béile, turas, aistriú agus tuilleadh!

Print

By using the Iarnród Éireann - IrishRail website, you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy.