Foláirimh d’Ardaitheoirí agus Staighrí Beo
Cuirfidh Iarnród Éireann Irish Rail an t-eolas is déanaí ar fáil ar na leathanaigh Eolas Stáisiúin , Pleanálaí Turais agus ár bhFeidhmchláir Fíor-Ama gach seachtain a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thuras custaiméirí. Déantar an t-eolas seo a chur in iúl don chustaiméir trí úsáid a bhaint as “Foláireamh Taistil" ar na bealaí éagsúla a liostaítear thíos;
- Foláireamh Taistil Stáisiúin
- Foláireamh Pleanálaí Turais
- Foláireamh Eolais Fíor-Ama
- Ardaitheoir a thuairisciú as seirbhís
- Séanadh
Foláireamh Taistil Stáisiúin
Úsáidfear Foláirimh Taistil Stáisiúin chun an méid seo a leanas a chur in iúl;
- Má bhíonn ardaitheoir(í) as ord
- Má bhíonn staighre/staighrí beo as ord
- Má rinneadh athruithe ar uaireanta oscailte stáisiúin
- Má tharla eachtraí timpeall ar stáisiún a imríonn tionchar ar rochtain ar stáisiún
Foláireamh Pleanálaí Turais
Úsáidfear Foláirimh Pleanálaí Turais chun an méid seo a leanas a chur in iúl;
- Má bhíonn ardaitheoir(í) as ord
- Má bhíonn staighre/staighrí beo as ord
- Má rinneadh athruithe ar sheirbhísí, mar shampla, Turas a Cuireadh Siar nó Aistrithe
Bus
Foláireamh Eolais Fíor-Ama
Úsáidfear Foláirimh Eolais Fíor-Ama don Láithreán Gréasáin agus do Ghutháin Phóca chun an méid seo a leanas a chur in iúl;
- Má bhíonn ardaitheoir(í) as ord
- Má bhíonn staighre/staighrí beo as ord
- Má rinneadh athruithe ar sheirbhísí, mar shampla, Turas a Cuireadh Siar nó Aistrithe
Bus
Ardaitheoir a thuairisciú as seirbhís
-
Ba cheart do chustaiméirí ar mian leo ardaitheoir nó staighre beo lasmuigh den tseirbhís a thuairisciú i stáisiún é a dhéanamh anseo.
Séanadh
- Nuashonraítear leathanaigh eolais stáisiúin Iarnród Éireann Irish Rail gach seachtain leis an eolas is déanaí a fhaightear
- Déantar foláirimh taistil a shocrú chun go ndéantar iad a chur ar siúl/ a mhúchadh ag amanna a shonraíonn ár n-innealtóirí
- Tá an t-eolas go léir ceart ag an tráth a foilsíodh é seo, agus is féidir é a athrú gan fógra a thabhairt
- Má bhíonn amhras ort, déan teagmháil, le do thoil, le do stáisiún áitiúil