Aip Fréamhshamhla Cúnaimh do Phaisinéirí
Tá fréamhshamhail d’Aip Cúnaimh do Phaisinéirí á forbairt agus á tástáil againn a chuirfidh ar chumas daoine aonair chun cúnamh a chur in áirithe agus a dturais a bhainistiú roimh ré. Tá fiosrú á dhéanamh againn ar cibé acu an féidir nó nach féidir le haip ar nós an chinn seo feabhas mór a chur ar an mbealach a thagann daoine aonair a bhfuil laguithe gluaiseachta agus amhairc orthu ar ár seirbhísí. Mar gheall gur fréamhshamhail é seo, níl ach tástáil á déanamh air faoi láthair ar líne an DART ach ba mhaith linn é a thabhairt isteach ar fud ár seirbhíse iomláine ar deireadh thiar.
Tá úsáideoirí rialta an DART ar a bhfuil lagú gluaiseachta agus amhairc á lorg againn faoi láthair chun bheith mar bhall de phainéal taighde a dhéanfaidh rudaí áirithe, cosúil le tástáil bheo ar aip fréamhshamhla.
Chun páirt a ghlacadh, caithfidh rannpháirtithe na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- Caithfidh siad a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine
- Caithfidh siad a iPhone féin a bheith acu (iPhone 5s/6 nó leagan níos déanaí)
- Caithfidh go bhfuil siad sásta chun turais rialta a dhéanamh ar an DART
- Caithfidh siad comhaontú le téarmaí chéim na tástála
Scóip chéim na tástála
Roghnóimid grúpa paisinéirí ón bpainéal taighde arb úsáideoirí rialta an DART iad, a thaistealóidh ar an DART, faoi mar a dhéanfaidís de ghnáth, thar thréimhse 8 seachtaine, ach go n-úsáidfidís an aip fréamhshamhla Cúnaimh do Phaisinéirí chun cúnamh a chur in áirithe dá dturais. D’iarrfaimis ar phaisinéirí, chomh maith, chun aiseolas a sheoladh ar ais ansin faoi gach turas a rinne siad a cuireadh in áirithe tríd an bhfeidhmchlár.
Más mian leat páirt a ghlacadh sa tionscadal seo nó má tá aithne agat ar dhuine ar mhaith leo páirt a ghlacadh ann, déan teagmháil linn trí cheann de na roghanna seo a leanas thíos agus déanfaidh ball dár bhfoireann teagmháil leat.
Iarratas a dhéanamh ar thriail
Mar rogha air sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn le d’ainm agus sonraí teagmhála go díreach chuig accesspilot@irishrail.ie nó is féidir leat glao gutháin a chur orainn a (01) 703 4837