Ticéad do Leanbh
Cé atá incháilithe don ticéad seo?
- Leanaí (idir 5 agus 18 bliana d’aois)
Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?
Nuair a bhíonn amhras ort maidir leis an aois a cháilíonn do thicéad, is ar an bpaisinéir nó a gcaomhnóir nó a dtuismitheoir a bhíonn an fhreagracht fianaise shásúil a sholáthar maidir le haois nuair a iarrann aon bhall foirne de chuid Iarnród Éireann air. Is féidir leasuithe agus cealuithe a dhéanamh ag brath ar an táille a ceannaíodh, ie Táille Íseal, Táille Leath-sholúbtha, Táille Sholúbtha, Táille den Chéad Ghrád.
Is féidir le leanaí faoi 5 bliana d’aois taisteal saor in aisce ar an ngnáthghrád ar aon seirbhís Iarnród Éireann nuair a bhíonn siad i gcuideachta paisinéara a bhfuil ticéad bailí acu, a fhad agus nach mbíonn leanaí ina suí i suíocháin a theastaíonn ó phaisinéirí a d’íoc as ticéad.
Tabhair faoi deara, le do thoil, cé nach mbíonn ticéad ag teastáil ó leanaí faoi 5 bliana d’aois chun taisteal, caithfear áirithint suíocháin amháin a cheannach lena chinntiú go mbeidh suíochán ar fáil.
Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?
- Is féidir leat an ticéad a cheannach trí 'Ceannaigh Anois' thíos a chliceáil.
- Ní féidir leo siúd, ar mian leo suíochán a chur in áirithe do leanbh faoi bhun cúig bliana d'aois, ar thraenacha ar féidir spásanna a chur in áirithe orthu, a dhéanamh ach amháin tríd an rogha "Pas Saorthaistil nó Ticéad Bailí' a roghnú ar an bpleanálaí turais.
Cá mbailíonn mé an ticéad?
- Collect at Ticket Machine - customers must collect their ticket(s) before boarding from a Ticket Vending Machine at any Iarnród Éireann station (within the Republic of Ireland)
- Download QR Ticket(s) - customers can download the PDF (which includes their QR code ticket) to their mobile device, or print the PDF ticket at home in advance of travel