How can we help?

Conas is féidir liom rothar a chur in áirithe ar líne?


Mar gheall ar athruithe sealadacha ar ár bPleanálaí Turais, ba chóir do chustaiméirí gur mian leo rothar a chur in áirithe ar líne na céimeanna thíos a leanúint:

1. Bain úsáid, le do thoil as ár bPleanalaí Turais eile
2. Iontráil do phointe tosaigh agus ceann scríbe, líon paisinéirí agus dátaí taistil
3. Cliceáil an ticbhosca ‘Taispeáin infhaighteacht rothar’
4. Rognaigh ‘téigh’ chun do chuardach Pleanalaí Turais a chríochnú
5. Ní thaispeánfar ach seirbhísí le spásanna ar fáil do rothar
6. Roghnaigh an turas agus an cineál ticéid a theastaíonn uait
7. Nuair is mian leat dul ar aghaidh roghnaigh, le do thoil ‘Cuir Ticéid in Áirithe’
8. Ar an leathanach ‘Gnéithe Breise’ roghnaigh an rothar/na rothair a theastaíonn uait agus roghnaigh ‘Na Chéad Chéimeanna eile’
9. Nuair a bheidh d’áirithint déanta beidh na roghanna rothar/ rothair deimhnithe

 

Rothair ar Thraenacha InterCity

Fáiltíonn Iarnród Éireann roimh rothair ar gach ceann dár seirbhísí ach cuirtear srianta áirithe i bhfeidhm i rith na n-amanna taistil is gnóthaí. Ní ghearrtar aon táille ar shuíochán a chur in áirithe ná ar thaisteal le rothair ar bord aon chinn dár seirbhísí. Is féidir rothair atá fillte agus clúdaithe a iompar ar bord na seirbhísí go léir saor in aisce

Tá áiseanna iompair rothar ar na traenacha InterCity go léir.  TTá stóráil ar fhormhór na seirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh agus ar gach traein ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste atá suite i limistéar ar leith amach ó limistéar paisinéirí na traenach.

Ar gach bealach InterCity eile, tá na spásanna rothair laistigh de limistéar na bpaisinéirí. Ní cheadaítear rothair a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí mura bhfuil spás dóibh sa raca rothar ar bord. Ní gá rothair 'Fillte” a fhágáil sa raca rothar. Ní cheadaítear a leithéidí ‘Trírothach’ a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí.

Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Intercity a chur in áirithe roimh ré, ar líne ag bPleanálaí Turas.

Seirbhísí a thaistealaíonn isteach i Stáisiún Heuston (seirbhísí Intercity agus comaitéirí Phort Laoise)

Tá ár gcuid seirbhísí faoi lánacmhainneacht ag buaic‐am taistil, dá réir sin, ní cheadaítear
rothair ag na hamanna sonraithe idir an Luan – an Aoine mura bhfuil an rothar curtha in áirithe
ar sheirbhís Idirchathrach roimh ré. Taispeánfar na seirbhísí ar féidir iad a chur in áirithe ar ár
bPleanálaí Turas.

  • Seirbhísí a bhaineann Stáisiún Heuston amach idir 07.00 uair agus 09.30 uair
  • Seirbhísí a fhágann Stáisiún Heuston idir 16.00 uair agus 19.00 uair

Áirithintí Rothair

Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Intercity a chur in áirithe roimh ré tríd an bPleanálaí Turais thuas

Barr