How can we help?

Conas ar féidir liom ticéad den Chéad Ghrád / CityGold a cheannach ar sheirbhísí i Luimneach nó i dTrá Lí?


Níl ticéid den Chéad Ghrád ar fáil ach ar sheirbhísí i gCorcaigh agus ní ar sheirbhísí díreach go dtí Luimneach nó go dtí Trá Lí.

Más ag taistil go dtí/ó Luimneach atá tú, féadfaidh tú leas a bhaint as an gCéad Ghrád idir Gabhal Luimnigh agus Baile Átha Cliath Heuston ar sheirbhísí a bhfuil athrú go dtí traein eile i gceist leo. 

Más ag taisteal go dtí/ó Thrá Lí atá tú, féadfaidh tú leas a bhaint as an gCéad Ghrád idir Mala agus Baile Átha Cliath Heuston ar sheirbhísí a bhfuil athrú go dtí traein eile i gceist leo. 

Agus ticéad á cheannach, moltar do chustaiméirí gnáth-thicéad a cheannach ó Luimneach nó Trá Lí go dtí/ó Bhaile Átha Cliath Heuston, chun deimhin a dhéanamh de go roghnófar seirbhís a mbeidh aistriú go dtí traein eile i gceist leis. Ansin féadfaidh tú ‘Uasghrádú go dtí an Chéad Ghrád’ a cheannach ag an Stáisiún nó Ar Líne ar phraghas €12.50, chun taisteal sa Chéad Ghrád idir Gabhal Luimnigh nó Mala go dtí/ó Bhaile Átha Cliath Heuston.

Chun an tUasghrádú go dtí an Chéad Ghrád a cheannach ní mór ach ‘Áirithint amháin' a roghnú,  agus ‘Lean ar Aghaidh’ a chliceáil. Nuair a bheidh na torthaí críochnaithe ag lódáil, beidh an ‘Uasghrádú Chéad Ghrád’ le feiceáil. Déan deimhin de go roghnaíonn tú an tseirbhís cheanna ó Luimneach nó Trá Lí go dtí/ó Bhaile Átha Cliath Heuston mar a roghnaigh tú i gcéaduair
Barr