How can we help?

An féidir Fógra Íocaíochta Socraithe a eisiúint i gcomhair cionta eile?


Is féidir Fógra Íocaíochta Socraithe a eisiúint mura dtugtar ainm nó seoladh nó má dhiúltaítear ainm nó seoladh a thabhairt d’oifigeach údaraithe nó má thugtar ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach.  Is féidir Fógraí Íocaíochta Socraithe a eisiúint freisin má dhéantar treaspás ar iarnród, má úsáidtear corda éigeandála nó córas cumarsáide eile idir paisinéirí agus tiománaithe traenach ar bhealach mídhleathach nó mura ndúnfar nó mura ndaingneofar na geataí ar chrosaire comhréidh no pasáiste.  Is féidir sáraithe ar fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann a ionchúiseamh os comhair na Cúirte Dúiche. Tá liosta iomlán d’fhodhlíthe CIÉ mar a leagtar amach san Ordú um Fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann (Dearbhú) iad, ar fáil ag irishrail.ie.

Barr