Clúdaigh Aghaidhe
26 Meitheamh 2020
Caith clúdach aghaidhe ar iompar poiblí agus cuidigh le forleathadh Covid-19 a chosc
De réir threoir an Rialtais, tá sé riachtanach clúdach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí ón Luan 29 Meitheamh. Nuair a chaitear cumhdaigh aghaidhe, tá níos lú seans go scaipfidh daoine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil an víreas acu ar dhaoine eile. Cuidíonn sé le scaipeadh braoiníní riospráide a laghdú ó dhaoine atá ionfhabhtaithe le COVID-19 (Coróinvíreas). Má tá COVID-19 agat nó má tá comharthaí an víris ort, caithfidh tú féin a fhéinleithlisiú.
Agus tú ag caitheamh clúdach aghaidhe, ba cheart duit na rudaí tábhachtacha a dhéanamh atá riachtanach chun forleathadh an víris a chosc.
Áirítear orthu seo:
- do lámha a ní i gceart agus go minic
- do bhéal agus do shrón a chlúdach le ciarsúr páipéir nó le do mhuinchille agus tú ag casacht agus ag sraothartach
- gan teagmháil a dhéanamh le do shúile, do shrón ná do bhéal mura bhfuil do lámha glan
- scaradh sóisialta nuair is féidir (2 mhéadar ar a laghad a choinneáil ó dhaoine eile). Tabhair faoi deara, áfach, go n-oibreoidh iompar poiblí ag toilleadh suas le 50%, agus mar thoradh air sin ní bheifear in ann fad a choimeád i gcónaí
Cé nár chóir ceann a chaitheamh
Níl clúdaigh aghaidhe oiriúnach do leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois agus d’aon duine:
- a bhfuil trioblóid análaithe aige nó aici
- atá gan aithne nó ar éagumas
- nach bhfuil ábalta é a bhaint gan chabhair
- a bhfuil riachtanais speisialta aige agus a d’fhéadfadh a bheith trína chéile nó an-míchompordach ag caitheamh an chlúdaigh aghaidhe
Ná cáineadh ná breithiúnas a thabhairt ar dhaoine nach bhfuil in ann clúdach aghaidhe a chaitheamh.
Conas ceann a chaitheamh
Ba chóir go gclúdódh clúdach aghaidhe an srón agus a bheith faoin smig agus:
- ba chóir go mbeadh sé ina suí go teann ach go compordach ar thaobh na haghaidhe
- ba chóir go mbeadh sé daingnithe le ceangail nó lúb cluaise
- 2 shraith fabraice ar a laghad a bheith ann
- ba chóir go bhféadtar análú gan srian
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le conas agus cathain úsáid a bhaint as clúdach aghaidhe a fháil ar shuíomh gréasáin Gov.ie.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi nuashonruithe iompair phoiblí COVID-19 téigh chuig TFI
An Chéad Alt Eile
03 Iúil 2020