Taisteal Iarnróid Gnó agus Corparáideach
Is í an traein an rogha is fearr nuair a bhíonn tú ag taisteal chun gnó a dhéanamh.
Nuair a bhíonn tú ag taisteal don obair, bíonn i bhfad níos mó i gceist le taisteal ar an traein ná díreach iompar. Ní hé amháin an compord a chuireann carráiste ar fáil, is spás oibre é. Áit atá ann inar féidir leat casadh le comhghleacaithe agus le cliaint. Áit atá ann inar féidir straitéisí réamhchruinnithe a phlé agus inar féidir eolas a thabhairt i ndiaidh cruinniú. Nó is féidir leat díreach suí siar agus do scíth a ligean, taitneamh a bhaint as sneaic nó as béile te agus tú breá bríomhar nuair a bhainfidh tú do cheann scríbe amach agus go hiomlán réidh chun difríocht a dhéanamh. Beidh tú ar do lánchumas nuair a fhágann tú an traein - ar do shuaimhneas, ullamh agus ag súil leis an turas abhaile.
*Tabhair le fios le do thoil go bhfuil seirbhísí lónadóireachta ar fionraí faoi láthair mar gheall ar COVID-19.
A bhuíochas le hidirlíon gan sreang saor in aisce, soicéid leictreacha agus táblaí leathana, cuirtear idir chompord agus atmaisféar suaimhneach ar fáil duit nuair a thaistealaíonn tú ar thraenacha InterCity.
Tá roinnt roghanna táillí ar líne ar fáil a oireann do do riachtanais agus cuireann taisteal ar an iarnród luach iontach ar airgead ar fáil don chustaiméir gnó.
Dóibh siúd a dteastaíonn solúbthacht uathu, tá an ticéad Solúbtha foirfe! Leis an ticéad seo is féidir leat d’áirithint a athrú nó a chur ar ceal suas le 60 nóiméad roimh imeacht, fad is nach bhfuil do thicéad clóite fós.
Mar sin féin, más féidir go dtiocfadh athrú ar d’am, tá ár dticéad Leath-Sholúbtha fíoroiriúnach. Leis seo, is féidir leat áirithint a athrú nó a chur ar ceal suas le 24 uair an chloig roimh imeacht, fad is nach bhfuil do thicéad clóite fós, faoi réir táille 20 faoin gcéad.
Má tá a fhios agat go díreach cén tseirbhís atá ag teastáil uait, tá ár dticéad Íseal Táille foirfe duit! Níl ort ach an tseirbhís is fearr leat a chur in áirithe ar líne agus airgead a shábháil! Leis seo is féidir leat d’áirithint a athrú nó a chur ar ceal suas le 48 uair an chloig roimh imeacht, fad is nach bhfuil do thicéad clóite fós, faoi réir táille 50 faoin gcéad.
Má thaistealaíonn do chuideachta ar thraenacha InterCity go minic, is fiú an áisiúlacht agus na táillí níos ísle a fhiosrú atá ar fáil ónár Cuntas Corparáideach. Ní gá duit ach cuntas cuideachta ilúsáideora a chlárú, ina bhfuil tairseach phríobháideach gnólacht le gnólacht (B2B) chun leas a bhaint as roghanna solúbtha íocaíochta.
Níl le déanamh agat ach an fhoirm ghearr thíos a líonadh agus déanfaidh duine dár bhfoireann díolachán teagmháil leat go luath chun do chuntas a shocrú.
Lónadóireacht ar bord ár Seirbhísí
Soláthraíonn ár gcomhpháirtithe Rail Gourmet agus Corporate Catering seirbhísí lónadóireachta iomlána ar bord d’Iarnród Éireann. Tá réimse leathan tairiscintí táirgí acu ó bhia te agus sneaiceanna go deochanna agus pastries. *Tabhair le fios le do thoil go bhfuil seirbhísí lónadóireachta ar fionraí faoi láthair mar gheall ar COVID-19.
Taisteal Iarnróid sa Chéad Ghrád
Bain taitneamh as pléisiúir an tsaoil - taisteal sa chéad ghrád agus bain taitneamh as an saol. Is cuma más ag iarraidh obair a dhéanamh ar do ríomhaire glúine atá tú, do scíth a ligean agus leabhar a léamh, nó súil a chaitheamh ar an saol lasmuigh den fhuinneog nuair atá tú ag taisteal. Tabhair le fios le do thoil go bhfuil laghdú againn ar sheirbhísí a thairgeann An Chéad Ghrád/City Gold/Premier.