Laethanta Sona - Spraoi don Teaghlach ar an Traein!
Téigh ar thuras traenach agus bainfidh tú taitneamh as an
eispéireas taistil teaghlaigh is fearr
Tabhair deis do do leanaí taithí a fháil ar chuimhní na hóige ar an taisteal agus ar na sceitimíní a bhaineann le rudaí nua a fheiceáil, dul chomh fada le háiteanna nua, agus am a chaitheamh taobh leat. Bíonn an teaghlach ar fad lán fuinnimh agus ar a suaimhneas agus réidh le leanúint lena n-aistear nuair a bhaineann siad a gceann scríbe amach. Lean ort, tabhair do theaghlach ar thuras traenach, ní hionann é agus turas sa charr.

Cé le haghaidh na dticéad traenach teaghlaigh?
Tá gach ticéad teaghlaigh bailí le haghaidh turas fillte do 1 nó 2 dhuine fásta agus suas le 4 leanbh idir 5 agus 15 bliana d’aois. Is féidir le leanaí faoi 5 bliana d’aois taisteal saor in aisce ar sheirbhísí Idirchathracha.
Cá bhfuil ticéid teaghlaigh don traein le ceannach?
Is féidir ticéid a cheannach ag Oifig na dTicéad nó ag Meaisíní Díola Ticéad i stáisiúin
Táillí Teaghlaigh go dtí/ ó Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath go / ó | Ticéad Fillte Lae | Ticéad Oscailte |
---|---|---|
Béal Feirste | €72.80 | €112 |
Corcaigh | €80 | €112 |
Gaillimh | €59 | €106 |
Ciarraí | €84 | €114 |
Luimneach | €66 | €106 |
Ros Láir | €54 | €88 |
Sligeach | €60 | €110 |
Phort Láirge | €55.50 | €98 |
Cathair na Mart | €63 | €112 |
*Open return fare iTá táille fillte oscailte bailí le haon turas fillte amháin atá le húsáid laistigh de 30 lá den turas amach.
*Ní mór go mbeadh duine fásta amháin agus leanbh amháin ag taisteal chun tairbhe a bhaint as na táillí seo.
DART agus Taisteal Teaghlaigh Bhaile Átha Cliath
Is bealach iontach é an DART chun taisteal mórthimpeall ar chuan Bhaile Átha Cliath. Níl an ticéad Traenach €16 Teaghlaigh 1 Lá le fáil ach ó mheaisíní ticéad stáisiúin agus ó oifigí na dticéad. Ceadaíonn sé do theaghlach de 2 dhuine fásta agus suas le 4 leanbh an méid taistil is mian leo a dhéanamh ar an DART agus ar thraenacha comaitéireachta sa chrios turas gairid mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath don lá sin.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le taisteal le do theaghlach Tvuíteáil @irishrail
Má theastaíonn eolas uait faoi tháillí teaghlaigh déan teagmháil lenár nIonad Eolais do Chustaiméirí (Luan - Aoine 09:00am - 17:00pm) ag (01) 83 66 222 nó ríomhphost info@irishrail.ie agus beidh ár bhfoireann sásta cabhrú leat an táille is fearr a roghnú duit féin agus do do theaghlach.
Cárta Leap
Is féidir le custaiméirí suas le 18% a shábháil ar thurais ar an Dart agus sa chrios turas gairid i gceantar Bhaile Átha Cliath nuair a bhíonn an cárta Leap in úsáid seachas ticéad singil nó ticéid fillte. Féach ar tháillí reatha an Chárta Leap agus ar an méid airgid is féidir leat a shábháil.
Sábháil am agus airgead (suas go dtí 24%) nuair a úsáideann tú Cárta Leap chun do tháillí a íoc.
Téarmaí agus Coinníollacha
- D’fhéadfadh go mbeadh srianta i bhfeidhm i ndáil le díolacháin ticéad ar laethanta nó ar bhealaí sonracha
- Caithfidh 1 dhuine fásta agus 1 leanbh taisteal nuair a cheannaítear Ticéid Traenach Teaghlaigh
- Ní mór go mbeadh leanaí idir 5 – 18 bliana d’aois chun Ticéid Idirchathracha a cheannach
- Níl Ticéid Fillte Lae Teaghlaigh bailí chun taisteal ach ar an dáta a thaispeántar ar an ticéad
- Caithfear an chuid don turas amach de Thicéad Fillte Oscailte Teaghlaigh a úsáid ar an dáta a thaispeántar ar an ticéad agus ní féidir an chuid don turas fillte a úsáid ach le haghaidh suas le 30 lá ón dáta seo
Cuir do Thicéad in Áirithe ar Líne chun ár dTáillí is Ísle a Fháil
An cuimhin leat an traein a fheiceáil nuair a bhí tú i do leanbh? Bheifeá ar bís nuair a chonaic tú é ag gluaiseacht i dtreo an ardáin agus nuair a chuaigh tú ar bord agus nuair a shuigh tú isteach sna suíocháin ollmhóra sin! Cheapfá go bhféadfadh sé thú a thabhairt áit ar bith ar domhan.
Amchláir
Féach ar amchláir in-íoslódáilte agus inphriontáilte dár seirbhísí go léir.