Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin

Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin
Áirithintí Suíocháin Amháin

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád. Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go ticéad sa Chéad Ghrád an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Téigh go Béal Feirste ar sheirbhís Enterprise.

Is é an traein an bealach is fearr chun taisteal go Béal Feirste, go háirithe agus na táillí gréasáin iontacha atá curtha ar fáil againn, ó €17.99* gach bealach

Is féidir an oiread bagáiste is ar mian leat a thabhairt leat. Déan tú féin a shíneadh amach agus bí ar do chompord. Déan do ghléas a phlugáil isteach, chas air agus cuir i gceangail le Wi-Fi saor in aisce é. 
 
Nó suigh siar, lig do scíth agus bain taitneamh as saol na bhfuíoll ar Enterprise Plus.
 
Is cuma más taistealaí gnó nó an fóillíochta tú, leanann an saol ar aghaidh fad is atá tú ar bord na traenach. Bain an leas is fearr is féidir, mar sin, as do thuras go Béal Feirste le Enterprise. 

Déan do thuras a phleanáil agus bain taitneamh as na táillí ar líne iontacha atá ar fáil, ó €17.99 gach treo, agus tabhair leat na páistí ó €10 gach treo. Roghnaigh an tseirbhís áisiúil seo chun dul go Béal Feirste, nach thógann ach dhá uair an chloig ar bord na traenach, agus a mbíonn seans agat an t-am sin a chur ar leataobh chun féachaint siar ar ríomhphoist nó caidreamh a bheith agat, agus cupán caife chomh maith.

Enterprise Plus

Déan tú féin a mhilleadh agus tú ag taisteal ar Enterprise Plus agus bain tairbhe as an rogha níos fearr. Cibé ar mhaith leat obair ar do ríomhaire glúine, do scíth a ligean ag léamh nó fiú féachaint amach an fhuinneog ar an saol mór ag leanúint ar aghaidh lasmuigh. 

Táillí Enterprise Plus ó Chonghaile Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste;

  • Duine fásta aonair - €39.99
  • Uasghrádú Enterprise ar bord ó Chonghaile Bhaile Átha Cliath - €15 

Sochair Enterprise Plus:

  • Carráiste tiomnaithe “Enterprise Plus” agus óstach ar bord ann
  • Seirbhís bialainne le suíocháin ar fáil
  • Suite in aice leis an bProinncharr
  • Nuachtán saor in aisce ar na seirbhísí go luath ar maidin
  • Sú Oráiste Saor in Aisce ar gach uile sheirbhís
  • Wi-Fi Saor in Aisce
  • Tacaíocht bhreá lumbach agus suíochán iomlán inchoigeartaithe
  • Spás breise do do chosa
  • Closáin “suíocháin”
  • Dallóga inchoigeartaithe
  • Socruithe 4 shuíochán agus 2 shuíochán le bord, is é 47 an acmhainneacht suíocháin iomlán
  • Freastalaítear ar chathaoireacha rothaí

Conas Dul Isteach go Lár na Cathrach

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad iarnróid bailí acu taisteal idir Stáisiún Plás Lanyon agus lár na cathrach saor in aisce ar aon seirbhísí de chuid Metro Bus, Bus Uladh 500 agus an Glider G1. Is féidir le custaiméirí leas a bhaint as an saorthaisteal go dtí Stáisiún Cheantar an Titanic ar an traein.

An Lónadóireacht Chorparáideach

Tá seirbhís Lónadóireachta Corparáidí ar bord seirbhísí Enterprise agus seirbhísí lónadóireachta curtha ar fáil acu. Tá rogha leathan curtha ar fáil, idir seirbhísí tralaí in-suíocháin agus carranna itheacháin ina bhfuil bia ardchaighdeáin ar luach ar airgead ar fáil.

An Taisteal ar Ghnó

Tá Ticéid Ghnó Iarnród Éireann Iarnród Éireann foirfe do ghnólachtaí, tá siad ar fáil i leabhráin de 10 dticéad aonair, tá na ticéid seo bailí ar gach uile sheirbhís i ngach treo. Tá siad solúbtha agus níl aon áirithint i gceist leo, mar sin má thagann rud éigin tábhachtach chun cinn go tobann, is féidir leat ticéad a thógáil agus bailiú leat. Sa tslí chéanna, má théann chruinniú níos déanaí, nó má chríochnaíonn sé níos luaithe, ná mar a bhí beartaithe, beidh tú in ann dul ar an gcéad seirbhís tar éis duit an stáisiún a shroicheadh.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, nó chun teagmháil a dhéanamh lenár bhFoireann Díolacháin, féach Taisteal Iarnróid ar Ghnó agus Corparáideach.

Ticéid Teaghlaigh

Téigh ar scairt traenach lae leis an gclann chun an Titanic nó an W5 a fheiceáil i mBéal Feirste leis an ticéad teaghlaigh iontach atá againn chun dul ó Chonghaile Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, €91 le haghaidh turas fillte lae €140 le haghaidh ticéid fillte oscailte, bailí do 1 nó 2 dhuine fásta agus suas le 4 leanbh idir 5-15 bliana d’aois.

Priontáil