Gaeltacht Specials 2026

Cuir do thicéad traenach in áirithe le gabháil chun na Gaeltachta an samhradh seo

Coláistí Samhraidh  - Connemara 2026

á ticéid ar fáil anois do dhaltaí a bheidh ag freastal ar Choláistí Samhraidh (Coláiste Chiaráin agus Coláiste Chonnacht) agus gur mhaith leo spásanna ar sheirbhísí go Gaillimh a chur in áirithe.

Le do thoil, léigh na téarmaí agus coinníollacha thíos sula ndéanann tú áirithint agus bí cinnte go gcloíonn tú leis na socruithe do dhaltaí a bheidh ag taisteal go Gaillimh.

Chun ticéid a chur in áirithe, cliceáil ar an gcnaipe ‘Cuir ticéid in áirithe’ thíos.

23e6d526-99b9-4568-a61e-362ffa0ae501.jpg

Téarmaí agus Coinníollacha

  • €35.00 an táille is airde a ghearrfar ar Mhic Léinn a bhainfidh leas as na socruithe taistil go Gaillimh. Beidh feidhm leis an táille seo maidir le Mic Léinn suas le 18 mbliana d'aois. 
  • Baineann an táille a íoctar le turais fillte (.i. amach agus ar ais) amháin. Ba cheart do scoláirí ar mian leo taisteal ar an tseirbhís fillte amháin teagmháil a dhéanamh lena gColáiste. Ba cheart ticéid aonair don turas fillte ó Ghaillimh a cheannach ó Oifig Áirithinte Stáisiúin na Gaillimhe.
  • Ní mór do gach Mac Léinn a thógfaidh traein ó Stáisiún Heuston a bheith sa stáisiún UAIR AN CHLOIG sula n-imíonn an traein de réir mar a chuirfidh do Choláiste in iúl duit.
  • Beidh socruithe ar leithligh i bhfeidhm maidir le haistrithe bus idir Stáisiún na Gaillimhe agus na Coláistí Samhraidh. Cuirfidh do Choláiste féin ar an eolas tú maidir leis na socruithe sin.
  • Ní cheadaítear bagáiste trom nó téagartha. Píosa amháin bagáiste atá ceadaithe do gach paisinéir, ar uasmheáchan 25kg. Ní mór lipéad soiléir a bheith ar gach píosa bagáiste agus diúltófar d'aon phíosa bagáiste nach féidir a stóráil sa raca bagáiste nó taobh thiar de na suíocháin sa charráiste.

Colaiste Chiarain Gaeltacht

Cursa A1

Amach - 31 Bealtaine 2026

TimeStation
12:10Stáisiún Heuston
12:36Cill Dara
12:50Cúil an tSúdaire
13:05Tulach Mhór
13:45Baile Átha Luain
14:45Gaillimh

Fillte (turas) -  13 Meitheamh 2026

TimeStation
08:25Gaillimh
09:45Baile Átha Luain
10:10Tulach Mhór
10:36Cúil an tSúdaire
10:52Cill Dara
11:26Stáisiún Heuston 

Colaiste Chonnacht  Gaeltacht

Cursa A1

Amach - 31 Bealtaine 2026

TimeStation
10:55Stáisiún Heuston
11:20Cill Dara
11:34Cúil an tSúdaire
11:50Tulach Mhór
12:24Baile Átha Luain
13:21Gaillimh

Fillte (turas) -  21 Meitheamh 2026

TimeStation
08:55Gaillimh
10:00Baile Átha Luain
10:24Tulach Mhór
10:44Cúil an tSúdaire
10:58Cill Dara
11:31Stáisiún Heuston 


Top