Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Grúpa Comhairleach Úsáideoirí Iompair Le Bunú Ag An Údarás Náisiúnta Iompair

22 Samhain 2021

Tabharfaidh an grúpa comhairle agus moltaí don Údarás ó thaobh úsáideoirí iompair de agus ó thaobh na ndaoine sin a ghabhann don taisteal gníomhach de araon

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag glacadh le hiarratais anois ó dhaoine aonair atá cáilithe go cuí do Ghrúpa Comhairleach nuabhunaithe Úsáideoirí Iompair.

Beidh an Grúpa comhdhéanta de dhaoine a úsáideann an t-iompar poiblí go rialta agus a idirghníomhaíonn leis na modhanna éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí traenach, tram, bus agus tacsaí, mar aon le rothaithe agus le coisithe.

Tá sé beartaithe go gcuirfeadh na comhaltaí raon eolais agus taithí leis an nGrúpa agus go dtabharfadh siad don Údarás léargas luachmhar is féidir a úsáid nuair a bheidh beartais á bhforbairt agus cláir á gcur chun feidhme amach anseo.

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:
“Tríd an gcainéal díospóireachta seo a oscailt le daoine a úsáideann an t-iompar poiblí agus an taisteal gníomhach go rialta, creidimid go gcabhrófar go mór linn forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar straitéisí lena soláthrófar iompar inbhuanaithe inrochtana ardchaighdeáin ar fud na hÉireann”.

Tabharfaidh sé deis uathúil do dhaoine ar fud na n-earnálacha éagsúla sinn a chur ar an eolas faoi na riachtanais atá ag paisinéirí faoi láthair agus faoi na riachtanais a bheidh acu amach anseo. Beidh sé ina acmhainn an-luachmhar don Údarás.”

“Breithniúchán príomha don Údarás Náisiúnta Iompair i gcónaí is ea comhairliúchán, agus tá trí chomhairliúchán mhóra ar bun againn i láthair na huaire, mar atá: Gréasán BusConnects Chorcaí; Éire a Nascadh; agus an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Beidh an Grúpa Comhairleach Úsáideoirí Iompair ina mhodh eile trína mbeimid in ann tuiscint níos fearr a ghnóthú ar conas is féidir linn an t-iompar poiblí a dhéanamh níos úsáidí do níos mó daoine.”

Tá cúig áit déag ar fáil ar an nGrúpa Comhairleach Úsáideoirí Iompair agus tarraingeofar na comhaltaí ó na réimsí earnála seo a leanas:

  • Ceathrar a dhéanann ionadaíocht do na modhanna éagsúla iompair atá ann ar fud na tíre,
  • Duine amháin atá mar chuid de ghrúpa a dhéanann ionadaíocht do leasanna rothaithe,
  • Duine amháin atá mar chuid de ghrúpa a dhéanann ionadaíocht do leasanna coisithe,
  • Triúr ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do leasanna daoine faoi mhíchumas,
  • Duine amháin ó eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do leasanna daoine scothaosta,
  • Duine amháin a dhéanann ionadaíocht do leasanna gnó,
  • Duine amháin a dhéanann ionadaíocht do leasanna turasóireachta,
  • Duine amháin a dhéanann ionadaíocht do leasanna mac léinn,
  • Duine amháin a úsáideann Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (tacsaithe, fruilcharranna, limisíní) go rialta,
  • Duine amháin a bhfuil saineolas aige/aici ar nithe a bhaineann le Nasc Áitiúil.

Tá sé beartaithe téarma dhá bhliain a thabhairt do chomhaltaí den ghrúpa, agus iarrthóirí á roghnú bunaithe ar phróiseas roghnúcháin a sheolfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Is é Dé hAoine an 17 Nollaig an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais. Tá sé beartaithe an chéad chruinniú de chuid an ghrúpa a thionól go luath sa bhliain 2022.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpróiseas earcaíochta, téigh chuig www.nationaltransport.ie.

Barr