Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Comhairliúchán poiblí le haghaidh uasghrádú mór ar an líne iarnróid idir an Gleanntán agus Mainistir na Corann seolta

26 Iúil 2022

Cuirfear fáilte roimh phobail uile, a bhfuil ina gcónaí ar feadh an bhealaigh iarnróid, a gcuid aiseolais a thabhairt ar na pleananna seo a bheas ag méadú minicíocht na seirbhíse ar an líne faoi thrí

D’fhoilsigh Iarnród Éireann sonraí inniu dírithe ar stráice na líne iarnróid sin idir an Gleanntán agus Mainistir na Corann, Contae Chorcaí, ina bhfuil rian dúbailte 10 gciliméadar beartaithe.

Mar chuid de phacáiste feabhsúcháin iontach arna sholáthar ag Clár an Chórais Iarnróid do Chomaitéirí Chorcaí, faoi Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí (SILCC) 2040, beidh na feabhsuithe seo ag cur leis an fhéidearthacht ó thaobh minicíocht na seirbhíse a mhéadú faoi thrí de, chomh maith le hiontaofacht agus líon na bpaisinéirí d’úsáideoirí iarnróid Chorcaí a fheabhsú ag an am céanna.

Éascóidh soláthar an tionscadail seo, mar aon leis an ardán taoibh nua críochnaithe ag Stáisiún an Cheanntaigh, leis na feabhsuithe beartaithe ar chomharthaí agus ar chúrsaí cumarsáide, agus le soláthar breise na gcarranna iarnróid an méid seo a leanas:

  • Feidhmíocht na minicíochta seirbhíse a ardú ar an tseirbhís ó 30 nóiméad mar atá anois go dtí gach 10 nóiméad
  • Beidh sé thraein ag feidhmiú ar an dá threo gach uair (in áit dá thraein gach uair), cuirfear feabhas ar líon na bpaisinéirí, cothófar ceangail níos fearr agus feabhsófar iontaofacht an ghréasáin iarnróid bhruachbhailtigh

Bhuail Cathaoirleach Iarnród Éireann Frank Allen agus Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann Jim Meade le John O’Flynn (Ceannasaí Feabhais na gCustaiméirí ón ÚDI), Danny Collins (Comhairleoir Méara Contae Chorcaí), Tim Lucey (Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí) agus David Stanton (TD do Chorcaigh Thoir) go léir inniu ag Stáisiún Mhainistir na Corann a fhad is go raibh siad in ann an comhairliúchán poiblí maidir leis an Rian Dúbailte beartaithe idir an Gleanntán agus Mainistir na Corann a sheoladh.

Tar éis seirbhísí seachbhuaice ó Chorcaigh go dtí an Cóbh/Mainistir na Corann a mhéadú faoi dhó, glactar leis go seasann an dul chun cinn seo - maidir le tionscadal na rianta dúbailte ón Ghleanntán go Mainistir na Corann sin agus é anois ina chomhairliúchán poiblí - mar chéad chéim eile ó thaobh an Clár an Chórais Iarnróid do Chomaitéirí Chorcaí de agus fíorú an SILCC.

De réir an Chreata Pleanála Náisiúnta (CPN), 2040, beidh cathair Chorcaí ar an réigiún cathracha is mó fás in Éirinn, agus méadú daonra réamh-mheasta de mhéid 50-60% le bheith ann faoin bhliain 2040. Cé go mbeidh gréasán iarnróid feabhsaithe ina chuidiú maith ó thaobh fás an daonra áitiúla agus fás eacnamaíoch de, ach mar aon le sin, beidh tionchar an ghréasáin i bhfeidhm ar spriocanna uaillmhianacha na hÉireann maidir le hathrú aeráide agus sochaí níos acmhainní i dtaca le haeráid a chruthú chomh maith.

“Cuirfear buntáistí as cuimse ar fáil do chustaiméirí fud fad Limistéar Cathrach Chorcaí mar thoradh ar an mholadh seo, agus feabhsófar an tseirbhís iompair do phobail ar feadh an bhealaigh iarnróid agus minicíocht a mhéadú faoi thrí acu a fhad is go dtiocfadh sé thraein dul suas agus síos an bhealaigh gach uair. San am atá amach romhainn, ardófar úsáid an iompair phoiblí freisin, de thoradh feabhsúcháin ar líon na bpaisinéirí, ceangail agus iontaobhas mar a chéile, go háirithe i gceantar a bhfuil méadú daonra réamh-mheasta de bhreis agus caoga faoin gcéad i gceist faoin 2040”, a dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan TD.

Dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompar an méid seo a leanas: Is breá an rud é go bhfuil an tionscadal seo ag dul ó chéim go céim agus feabhsófar leibhéil seirbhíse a dheich n-oiread mar gheall ar na pleananna seo. Beidh sé níos fusa dul ó áit go háit toisc ar an mhinicíocht mhéadaithe, agus beidh muintir na háite agus cuairteoirí araon in ann an chuid seo de Chorcaigh Thoir a thaisteal.”

Bhí infheistíocht iarnróid ina ghné thábhachtach ar fad bainte leis an straitéis SILCC, agus é foilsithe i 2019. Is léiriú intinne nach beag é seo ón ÚNI agus ó Iarnród Éireann, gur tosaíocht amach is amach é an Straitéis a chur i bhfeidhm chun soláthar a dhéanamh ar mhuintir Chorcaí.”

Dúirt Jim Meade, Príomhfheidhmeannach Iarnróid Éireann an méid seo chomh maith: “Beidh an rian dúbailte idir an Gleanntán agus Mainistir na Corann, mar aon leis an phacáiste feabhsúcháin iomlán, ina chuidiú ollmhór roimh an bhonneagar iarnróid reatha agus tabharfar deis d’úsáideoirí na háite seirbhís iarnróid níos éifeachtaí agus níos iontaofa a fháil. Is garsprioc shuntasach é seo ó thaobh soláthar an ghréasáin iarnróid Chorcaí de agus molaim ar gach duine sa cheantar na moltaí a mheas agus aighneacht a dhéanamh orthu.”

Comhairliúchán Poiblí

Tá an Comhairliúchán Poiblí ar an Tionscadal Rian Dúbailte idir an Gleanntán agus Mainistir na Corann le bheith beo ó 26ú Iúil go dtí an 16ú Lúnasa 2022. Le linn na tréimhse seo, cuirfear fáilte roimh mhuintir an phobail agus páirtithe leasmhara araon a gcuid tuairimí a dhéanamh ar na pleananna beartaithe.

Beidh dá lá eolais phoiblí ag titim amach agus thiocfadh le daoine tuiscint níos fearr a fháil ar an tionscadal chomh maith le haithne a chur ar bhaill an tionscadail.

  1. Seisiún Eolais Mhainistir na Corann - Céadaoin an 3 Lúnasa, 13:00 – 20:00
    Suíomh: MyPlace Príomh-halla Mhainistir na Corann, Bóthar an Mhuilinn, Mainistir na Corann
  2. Seisiún Eolais an Ghleanntáin - Déardaoin an 4 Lúnasa, 13:00 – 20:00
    Suíomh: Ionad Pobail an Ghleanntáin, An Gleanntán

Tá eolas an tionscadail ar fad, lena n-áirítear an dóigh chun aighneacht a chur isteach, leabhrán eolais éigin agus líníochtaí an tionscadail ar fáil ar an  leathanach gréasáin tionscadail.

An tAlt Roimhe Seo

12 Aibreán 2024

Iarnród Éireann at TRA 2024

Barr