Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Cearta Trasteorann

Do Chearta agus tú ag taisteal trasteorann agus conas mar is féidir linn cabhrú

Agus tú ag taisteal trasteorann ar bord traenach, tá do chearta leagtha amach faoin gcairt
Enterprise. Leagtar amach cearta sonracha le haghaidh custaiméirí traenach idirnáisiúnta i
Rialachán (CE) Uimh.1371/2007 o Pharlaimint na hEorpa freisin, na cinn seo a leanas ina
measc:

Faisnéis

Déanfaimid gach iarracht réasúnach custaiméirí a chur ar an eolas maidir le táillí, seirbhísí
traenach agus tairiscintí speisialta. Déanfaimid iarrachtaí speisialta tú a choinneáil ar an eolas
maidir le moilleanna a d’d’fhéadfadh tarlú.

Cainéil díolacháin

Tá ticéid ar fáil ó stáisiúin a bhfuil foireann ar fáil iontu, ó mheaisíní ticéad, ar an idirlíon agus ó
ghníomhairí taistil.

Má shroicheann do thraein do cheann scríbe go déanach

I ndiaidh moille nach lú 60 nóiméad, féadfaidh tú a bheith i dteideal 25% de phraghas an ticéid a
d’íoc tú le haghaidh turais aontreo, agus 50% de phraghas an ticéid i gcás moille 120 nóiméad.
Ní íocfar cúiteamh atá níos lú ná €4 ná a chomhionann.

Do thraein a bheith curtha ar ceal, moill sula thosaíonn tú do thuras, nó lena linn - Má chealaítear
do thraein nó má tá sí 60 nóiméad nó níos mó déanach, tá na roghanna seo a leanas ar fáil duit:

  • Is féidir scor de do thuras sula thosaíonn tú amach agus sa chás sin, aisíocfar do
    tháille iomlán
  •  Is féidir scor de thuras atá tosaithe cheana féin agus aisíocaíocht a fháil i ndáil leis an
    gcuid sin den turas nach bhfuil déanta fós.
  •  Más saothar in aisce é an turas ag pointe ar bith, is féidir filleadh láithreach ar an
    traein go dtí an áit a thosaigh tú amach agus aisíocaíocht iomlán a fháil.

Nasc deireanach an lae caillte

Mura bhfuil tú in ann do cheann scríbe a bhaint amach ós rud é gur chaill tú nasc, féadfaidh tú a
bheith i dteideal cúiteamh a fháil i leith costais réasúnach cóiríochta óstáin agus fógra a chur
chuig gaolta nó chuig daoine eile a bhí ag súil leat. Ní bhaineann sé sin ach amháin má bhí an
mhoill laistigh de rialú an iarnróid.

Cúnamh

Má táthar ag súil go mbeidh moill níos faide ná 60 nóiméad i gceist, glacfar gach gníomhaíocht
réasúnach agus comhréireach chun an mhoill a dhéanamh níos infhulaingthe, mar shampla, trí
shólaistí a thabhairt amach saor in aisce.

Cúnamh le haghaidh daoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe - Cabhróimid leat sa stáisiún agus tú ag dul ar bord na traenach. Ba cheart duit fógra 24 uair an chloig ar a laghad a thabhairt dúinn
01 8366222 maidir le do thuras beartaithe. Socróimid freisin go dtugtar cúnamh duit en route
agus i stáisiún do chinn scríbe. I gcás mórmhoille, tabharfaimid aird ar leith ar do riachtanais

Dliteanas i leith díobhála pearsanta

Tá tú i dteideal cúitimh ar choinníoll go raibh an eachtra ba chúis leis an mbás nó leis an díobháil
laistigh de rialú an iarnróid. Is féidir réamhíocaíocht suas go €21,000 ná a chomhionann a íoc;
cuirfear réamhíocaíochtaí ar bith a íoctar san áireamh sa socrú deireanach

Éilimh

De ghnáth, ba cheart éilimh a dhéanamh ar oifig ticéad an iarnróid ónar eisíodh do thicéad;
seachas sin, is féidir éileamh a dhéanamh ar ár rannóg lárnach um sheirbhísí do chustaiméirí. Is
féidir d’éileamh a thabhairt isteach in’iarnród ar bith atá luaite ar do thicéad. Bíonn rialacha
speisialta i bhfeidhm i gcás díobhála pearsanta, áfach.

Foinsí - Tá do chearta bunaithe ar na Rialacha Comhionanna maidir leis an gConradh le
haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí d’Iarnród (CIV), Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 23 Deireadh Fómhair 2007, maidir le cearta agus
oibleagáidí paisinéirí iarnróid, na Coinníollacha Ginearálta Iompair (CIV)/PRR agus ár
gCoinníollacha Speisialta Iompair

Cóip Iomlán de Rialachán 1371 Cearta agus Oibleagáidí Paisinéirí

Barr