Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Comhairleoirí ceaptha chun dearadh DART+ an Chósta a thosú

01 Aibreán 2021

Feabhsóidh DART+ an cumas iarnróid idir Dhroichead Átha agus Na Clocha Liatha Gach garsprioc den gClár DART+ idir lámha anois.

Tá Arup ceapaithe ag Iarnród Éireann mar chomhairleoirí ildisciplíneacha do bhealach DART+ an Chósta, ó Dhroichead Átha go dtí Na Clocha Liatha (tuairim is 86km), mar chuid den gClár DART+ arma maoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair faoi Thionscadal Éireann, 2040.

Méadóidh DART+ an Chósa an líne iarnróid idir Mhullach Íde agus Droichead Átha a leictriú, agus déanfar feabhsúcháin ar an líne DART ó Mhullach Íde/Binn Éadair go dtí Na Clocha Liatha atá ann cheana chun cumas iompair paisinéirí ar Chonair Chomaitéaracha an Oirthear a mhéadú ó 17,980 go 26,680 san uair ar an dá bhealach, is é sin méadú de thart ar 50%.

 

I measc na bhfeabhsaithe a tharlóidh de bharr DART+ an Chósta tá:

  • An líne iarnróid idir Mhullach Íde agus Droichead Átha a leictriú (tuairim is 37km)
  • Bonneagar idir Dhroichead Átha agus Na Clocha Liatha a uasghrádú chun minicíocht na seirbhísí traenach a chumasú, ina n-áiritear na bearta seo a leanas:
    • Gabhail agus áiseanna aisfhillte stáisiúin a uasghrádú.
    • Teacht ar réitigh chun crosairí comhréidh a bhaint chun srianta tráchta iarnróid agus bóthair a laghdú
    • Mionathraithe a dhéanamh ar dhroichid agus ar strucutúir.
    • Spásanna stórála do na traenacha a sholáthar.
    • Comharthaíocht, teileachumarsáid agus soláthairtí leictreachais a uasghrádú.
  • Mionathruithe a dhéanamh ar na hiostaí atá ann cheana i nDroichead Átha agus i bhFionnradharc chun tacú leis an bhflít nua.

San áireamh ‘sna buntáistí a thabharfaidh DART+ an Chósta tá:

  • Cumas iompair paisinéirí a mhéadú ó 17,980 paisinéir go 26,680 san uair, an dá bhealach, agus minicíocht na seirbhísí traenach a mhéadú (ag brath ar éileamh) thar Chonair Chomaitéaracha an Oirthir - chun iompar tapaidh agus iontaofa a éascú do chomhphobail a chonaíonn taobh na línte a fhreastlaíonn DART+ an Chósta orthu.
  • Deiseanna taistil atá níos fusa chun na críche oibre, oideachasúla agus fóillíochta a bhaint amach.
  • Forbairt agus fás sa todhchaí de na comhphobail nua agus iad sid atá ann cheana féin a bhainfidh leas as an nascacht a sholáthróidh DART+ ar an líne sin, a éascú.
  • Réigiún Cathrach atá inbhuanaithe agus cónasctha a thógáil.
  • Tacú leis an aistriú go sochaí ísealcharbóin agus seasmhach ó thaobh na haeráide de.
  • Daoine a éascú chun roghanna inbhuanaithe taistil a dhéanamh trí bhogadh ó ghluaisteáin phríobháideacha go líonra iompair phoiblí iontaofa, éifeachtúil, agus níos sábhailte a spreagadh.
  • Iontaofacht maidir le fad turais a fheabhsú


Beidh Arup ag obair go dtlúth le Foireann Seachadta DART+ de chuid Iarnród Éireann chun dearadh don mhéadú leictriúcháin agus do na hoibreacha bainteach leis a chruthú, chomh maith le mionathruithe ar an líne DART atá ann cheana a dhearadh, chun an méadú riachtanach ar leibhéil na seirbhísí a bhaint amach. Cuirfidh an tionscadal seo deireadh le crosairí comhréidh idir lár na cathrach agus Geataí Mhuirfean chun pleananna bainistíochta tráchta agus bonneagair a fhorbairt chun teorannú do choisithe agus rothaithe.


Beidh ceada do na hoibreacha riachtanacha faoi réir fhaomhadh ordú iarnróid. San áireamh ‘sna próisis ordaithe iarnróid beidh comhairliúchán forleathan poiblí le comhphobail agus daoine taobh leis an mbealach. Faoi réir dheonadh an ordaithe iarnróid, táthar ag súil go gcuirfear tús le tógáil DART+ an Chósta ó thús 2024 le hoibreacha le bheith curtha i gcrích in 2027.
Le tosú DART+ an Chósta a shaindhearadh, ciallaíonn sé sin go bhfuil gach ghné den gClár DART+ beo anois. San áireamh tá na hoibreacha seo a leanas:

  • Cuirfear tús leis an dara bhabhta de chomhairliúchán poiblí maidir le DART+ an Iarthair (líne Mhaigh Nuad / Pháircbhealach an M3 agus an t-iosta nua DART atá molta thiar de Mhaigh Nuad) sa dara cheathrú den bhliain seo. 
  • Cuirfear tús leis an gcéad bhabhta de chomhairliúchán poiblí maidir le DART + Thiar Theas (Heuston go Collchoill) sa dara cheathrú den bhliain seo chomh maith.
  • Tá obair ar siúl go leanúnach ar thairiscint maidir le carráistí DART do na bhealaí nua agus táthar ag súil go n-ordófar roimh dheireadh na bliana iad.

Téigh go Clár DART+

 

Dúirt An tAire Iompair, Éamon Ryan, T.D.: ‘Is céim thábhachtach eile í seo le linn clár iomlán DART+ a sholáthar, clár a bheas mar an infheistíocht aonair is mó ariamh sa líonra iarnróid. Is cuid tábhachtach den gclár bunathraitheach infheistíochta san iarnród i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA) é an bonneagar iarnróid idir Droichead Átha agus Na Clocha Liatha a fheabhsú. Tacaíonn DART+ le haistriú go hiompar atá níos glaise agus níos glaine agus is féidir ról tábhachtach a bheas ag an tionscadal chun forbairt iompair threoraithe a chumasú thar an líonra.

Dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach ar an Údarás Náisiunta Iompair : ‘Cuirim an-fháilte roimh ceapacháin na conraitheoirí dearaidh do DART+ an Chósta agus is comhartha soiléir é seo go bhfuil fíor-dhul chun cinn á dhéanamh i ngach ghné den gClár DART+.  De bharr DART+ feabhsófar cumas paisinéirí a iompar agus minicíocht na seirbhísí go mór do dhaoine ar an líonra iarnróid i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA) ‘sna blianta atá amach romhainn.  Tabharfaidh DART+ deis do dhaoine roghanna taistil atá inbhuanaithe a dhéanamh, agus cuirfidh sé go mór le hastaíochtaí a laghdú trí rogha iontaofa ón ngluaisteán príobháideach a chur ar fáil.  Tá an NTA ag súil go mór le leanúint ar aghaidh le bheith ag obair le hIarnród Éireann chun DART+ a chur if bhfeidhm.

Dúirt Jim Meade, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Iarnród Éireann: ‘Is sprioc thábhachtach d’ár n-eagraíocht í thosú DART+ an Chósta . Cialaíonn sé seo go bhfuil gach gné den gClár DART + a n-athróidh  iompar poiblí go suntasach i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA) idir lámha anois. Éascófar aistriú córa iompair go seirbhís iarnróid inbhuanaithe, iontaofa agus níos minice do comhphobail nua agus iad siud atá ann cheana, taobh na bealaí DART atá molta agus na bealaí atá ann cheana.’

Dúirt Peter Adam, Ceannaire ar Ireland Rail le Arup: ‘Cuireann an méadú le DART+ an Chósta an cumas bunathraitheach atá ag iarnród ar fáil; córas iarnród comhtháite go hiomlán a chruthú, córas a fheabhsóidh eispearas an phaisinéara agus a chuirfear ar chumas Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA) bheith faoi bhláth. Tá an fhoireann ildisciplínach bródúil as bheith ag obair i gcomhar le hIarnród Éireann chun líonra iompair phoiblí níos láidre a chruthú, líonra a thacóidh le h-aistriú na hÉireann go soghluaisteacht inbhuanaithe.

Barr