Clár DART+

Cad é an Clár DART +

Is clár claochlaitheach tionscadal é DART + a bhfuil sé mar aidhm aige na seirbhísí iarnróid atá ann cheana i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA) a nuachóiriú agus a fheabhsú. Cuirfidh sé seirbhís iarnróid inbhuanaithe, leictrithe, iontaofa agus níos minice ar fáil, lena gcuirfear feabhas ar an gcumas ar chonairí iarnróid a fhreastalaíonn ar Bhaile Átha Cliath.  

Tá an líonra DART reatha 50km ar fhad, ag síneadh ó Mullach Íde / Binn Éadair go dtí na Clocha Liatha. Leis an gclár DART + méadóidh an fad den líonra DART go 150km de chonair iarnróid trí leictriú agus uasghrádú na línte atá ann cheana, lena mbunathrófar taisteal traenach comaitéireachta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (GDA). Áirítear sa Chlár DART + ceannach cabhlach traenach nua freisin. 

Seachadfaidh an Clár DART + seirbhísí leictrithe minice, nua-aimseartha ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath (Uí Chonghaile & Duga Spencer) chuig

  • Maigh Nuad & M3 Bealach na Páirce;  
  • Collchoill & Cill Droichid; 
  • Droichead Átha; agus  
  • Na Clocha Liatha  

Léarscáil de Bhealach DART+ an Iarthair

Grafaic lena dtaispeántar léaráid scéimeach den Chlár DART + 
Cliceáil an íomhá chun í a mhéadú

Amlínte Chlár DART+

Grafaic ina dtaispeántar léaráid scéimreach de Chlár DART+
Cliceáil an íomhá chun í a mhéadú

Ar an ngrafaic fhaisnéise taispeántar na garspriocanna tábhachtacha do phríomhghnéithe Chlár DART + idir foirne Dearaidh a cheapadh, Ordú Iarnróid a thaisceadh agus conradh a bhronnadh. Taispeántar gurb é an t-ordú ná líne Mhaigh Nuad, líne Chill Dara, agus DART an Chósta ina dhiaidh sin. Cuirtear éadáil an fhlít nua i láthair freisin. 

Príomhthairbhí Chlár DART+

Taispeántar sa ghrafaic an 5 phríomhchúis a bhfuil gá le clár DART +: Ró-spleáchas ar ghluaisteáin phríobháideacha, chun pleanáil úsáide talún a fheabhsú, comhtháthú le modhanna eile iompair a fheabhsú, chun tacú le fás eacnamaíoch agus daonra, chun spriocanna athraithe aeráide a bhaint amach. 

Cliceáil an íomhá chun í a mhéadú

DART+ an Iarthair 

Is é tionscadal DART + Líne Mhaigh Nuad an chéad cheann de na tionscadail bhonneagair den chlár a chuirfear ar fáil.

1b4defc0-2e98-4fb1-bcca-b45223500cba.jpg

DART+ Programme Brochure

For more information on the DART+ Progromme, please download the brochure. 

37daaed2-1f70-44ea-a28e-4df698fc31be.JPG
Coming Soon

This feature is currently under development.

Coming Soon

This feature is currently under development.

Coming Soon

This feature is currently under development.

Coming Soon

This feature is currently under development.

Coming Soon

This feature is currently under development.

Barr