Comhairliúchán Poiblí Líne DART+ an Iarthair
Is é tionscadal DART+ an Iarthair an chéad cheann de na tionscadail bhonneagair den chlár a chuirfear ar fáil.
.
Fáilte
Fáilte chuig tionscadal DART + Líne Mhaigh Nuad. Leis an tionscadal seo, cuirfear seirbhís iarnróid inbhuanaithe, leictrithe, iontaofa agus níos minice ar fáil, rud a chuirfidh feabhas ar an acmhainn ar an líne Mhaigh Nuad agus M3 Bealach na Páirc go conairí iarnróid i lár na cathrach.
Táimid ag tabhairt faoi Chomhairliúchán Poiblí ar an Rogha is Dealraithí a Roghnófar do thionscadal DART + Líne Mhaigh Nuad. Is éard atá sa comhairliúchán seo ná ár gcuireadh duit do thuairimí ar ár bpleananna a inis dúinn, mar úsáideoir ionchasach na seirbhíse nó duine a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an bhforbairt air.
Bainfear an méid seo amach leis an tionscadal:
- Féachfaidh DART + le hacmhainn a mhéadú ón minicíocht atá ann cheana de 7 dtraein san uair in aghaidh na treorach a mhéadú suas go dtí 15 traenach san uair in aghaidh na treorach faoi réir éilimh.
- Méadóidh acmhainn paisinéirí ó 4,500 in 2019 go 13,750 paisinéir in 2025.
Laghdú ar astaíochtaí carbóin agus tacú le pobail atá ag fás, gnó agus forbairt sa todhchaí le seirbhís chomhtháite iompair phoiblí ar ardchaighdeán de réir bheartas an Rialtais lena n-áirítear an Creat Pleanála Náisiúnta agus an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Úsáidfear d’eolas áitiúil don dearadh, cuideoidh sé linn an tionscadal a fheabhsú agus cinnteoidh sé go dea-rud a bheidh sa tionscadal duit féin agus do na pobail a bhfreastalóidh an tionscadal orthu.
Tá DART + Líne Mhaigh Nuad ag iarraidh an acmhainn iarnróid ar Líne Mhaigh Nuad a mhéadú go suntasach. Is féidir é seo a bhaint amach trí athrú go traenacha DART leictrithe, ardchumais agus minicíocht na dtraenacha a mhéadú de réir éilimh.
Grafaic ina dtaispeántar léaráid scéimreach de Chlár DART+
Cliceáil an íomhá chun í a mhéadú
Le seachadadh an tionscadail seo, tabharfar tacaíocht do na pobail atá gar don líne iarnróid agus tacóidh sé le forbairt inbhuanaithe sa todhchaí, chomh maith. Freastalóidh sé ar gach stáisiún atá ar an gconair iarnróid idir Stáisiún Mhaigh Nuad agus Stáisiún Bhealach na Páirce M3 go Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Duga Spencer ag baint úsáide as cumhacht leictreach a bhfuil lorg carbóin níos ísle aici ná na traenacha díosail atá ann faoi láthair. Le minicíocht agus cáilíocht na seirbhíse a chuirfear ar fáil, tabharfar rogha eile inmharthana iompair do phobail atá ar an mbealach agus cuideoidh sé le daoine a spreagadh gan gluaisteán príobháideach a úsáid. Cuideoidh sé seo le hÉirinn astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar a laghdú agus cuideoidh sé le dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Den chuid is mó, leanfaidh leictriú na líne iarnróid an chonair iarnróid atá ann cheana. Beidh gá le hidirghabhálacha lasmuigh de thailte Iarnród Éireann ag roinnt áiteanna le haghaidh roinnt d’eilimintí na scéime ar nós:
- Athsholáthar crosaire comhréidh;
- Stáisiún lasta beartaithe;
- Tógáil d’fhostáisiúin (chun soláthar cumhachta don líne a éascú), agus;
- Oibreacha coimhdeacha atá riachtanach don tionscadal.....

Príomhghnéithe bonneagracha
Lorgaíonn DART+ Mhaigh Nuad leis an iarnród reatha a nuachóiriú agus a bharrfheabhsú idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Duga Spencer agus idir Maigh Nuad agus Bealach na Páirce M3. Is éard a bhainfidh leis seo ná leictriú an bhealaigh iomláin agus idirghabháil scoite a dhéanamh chun bacainní a bhaint.
Féach ar Phríomhghnéithe Bonneagracha
Léarscáil de Bhealach DART+ an Iarthair
Síneann an tionscadal ar feadh thart ar 40 ciliméadar ó Stáisiún Uí Chonghaile agus Duga Spencer go dtí Maigh Nuad agus Bealach na Páirce M3. Tá 13 stáisiún feadh an bhealaigh faoi láthair, agus tá stáisiún breise á thógáil faoi láthair ag Baile Pheiléid, a dhéanfaidh paisinéirí a iompar isteach agus amach ó lár na cathrach. Déanfaidh Líne Mhaigh Nuad DART+ ceangal freisin leis an MetroLink a bheartaítear ag Stáisiún Acomhal Ghlas Naíon.
Féach ar an Léarscáil den Bhealach
Tairbhí Líne DART+ an Iarthair
Beidh éifeachtaí forleathana dearfacha iompair ag an tionscadal seo trí chóras iompair inbhuanaithe a sholáthar a bhfuil acmhainn mhéadaithe phaisinéirí aige. Cruthóidh seo tairbhí do phobail reatha agus amach anseo feadh chonair an iarnróid agus cabhróidh sé le brath ar ghluaisteáin a laghdú.
Féach ar Thairbhí
An Rogha is Dealraithí a Roghnófar
Sainaithníodh na Roghanna is Dealraithí a Roghnófar mar thoradh ar na staidéir mheasúnaithe a rinneadh ar na réamhroghanna Roghanna faoi mar a cuireadh i láthair iad.
Féach ar na Roghanna is Dealraithí a Roghnófar
Próiseas comhairliúcháin phoiblí
Tá rannpháirtíocht an phobail ina príomhghné de sheachadadh mórthionscadal bonneagair ar nós DART+ Líne Mhaigh Nuad.
Féach ar Eolas faoin gComhairliúchán Poiblí
Na Chéad Chéimeanna Eile
Tiocfaidh tú ar eolas anseo faoi roghnú na roghanna agus faoi fhorbairt dearaidh, faoi phróiseas an Ordaithe Iarnróid agus faoi réadmhaoin a fháil.
Féach ar na Chéad Chéimeanna Eile
Acmhainní agus Earraí Áisiúla le hÍoslódáil
Tiocfaidh tú anseo ar ábhar áisiúil a bhaineann le Líne DART+ an Iarthairar féidir leat iad a íoslódáil.
Féach ar Íoslódálacha
Conas a bheith páirteach / Contact Us
Tá d'aiseolas tábhachtach dúinn. Má bhíonn aon cheist agat nó bhíonn aon imní ort, déan teagmháil linn le do thoil:
Téigh i dteagmháil linn trí na bealaí seo a leanas:
- Fónlíne: (01) 823 5127
- Ríomhphost: DARTMaynooth@irishrail.ie
- Seoladh Poist:
Oifigeach Idirchaidrimh Pobail
DART + Maigh Nuad
Iarnród Éireann
Oibreacha Inse Chór
Paráid Inse Chór
Baile Átha Cliath 8
D08 K6Y3