Beidh Feabhsuithe Móra mar thoradh ar The Big Lift

Tá 22 stáisiún eile ann ina bhfuiltear chun áiseanna ardaitheora a athnuachan nó a uasghrádú i 2021, le cuid d'infheistíocht €5.8 milliún

In Iarnród Éireann táimid ag infheistiú inár stáisiúin trí uasghrádú The Big Lift. As seo go ceann bliana, beidh athruithe móra á ndéanamh againn trínár n‐ardaitheoirí a ionadú agus a uasghrádú.

Beidh feabhsuithe móra do dhaoine ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta mar thoradh ar The Big Lift. B'fhéidir go mbeidh orainn cur isteach ar sheirbhísí áirithe anois, ach beidh rochtain bhreise iontaofa ar stáisiúin do gach duine amach anseo mar thoradh ar an obair seo.

Déanfar uasghrádú ar dó stáisiún dhéag ar fud an líonra faoi dheireadh 2024. Ach tá athruithe móra beartaithe againn, tá 52 stáisiún ar fud an ghréasáin iarnróid a bhfuil sé beartaithe infheistíocht shuntasach a dhéanamh iontu idir 2020 agus 2024.

c3ebbd63-5bce-4f71-b8ce-bd8526a40921.jpg

Fad is atá an obair uasghrádaithe ar bun againn, déanfar socruithe chun freastal ar chustaiméirí ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta lena chinntiú go mbeidh rochtain ar stáisiúin ar fáil ar bhonn leanúnach.

Tá dátaí, suíomhanna agus mionsonraí inrochtaineachta do gach stáisiún Big Lift 2021 le fáil thíos:

StáisiúnTús na hOibreCríoch na hOibre
Dún Búinne06/08/202402/09/2024
Collchoill & Cill Droichid (Platform 1)07/08/202406/09/2024
An Ros & Lusca12/08/202406/09/2024
Stáisiún Cheannt, Corcaigh12/08/202425/09/2024
Ollpháirc M326/08/202427/09/2024
Collchoill & Cill Droichid (Platform 5 / Island)02/09/202427/09/2024
Domhnach Bat02/09/202427/09/2024
Páirc Hans16/09/202411/10/2024
An Pháirc Thiar & Gort na Silíní (Platform 5 / platform 1)23/09/202418/10/2024
Sráid na Teamhrach23/09/202418/10/2024
Cois Bá30/09/202425/10/2024
An Pháirc Thiar & Gort na Silíní (Island)14/10/202408/11/2024
An Droichead Nua14/10/202408/11/2024
Ráth Eanaigh21/10/202415/11/2024
Cluain Dolcáin Cnoc an Fhuaráin29/10/202423/11/2024
Ollpháirc Bhóthar na hUaimhe27/11/202420/12/2024
Baile Adaim18/11/202420/12/2024
Cluain Ghrífín25/11/202420/12/2024
Cluain Saileach29/10/202423/11/2024
Mullach Íde22/07/202416/08/2024
An Ros & Lusca12/08/202406/09/2024
Top