Stáisiúin Nua

Coille Móire
Tá sé beartaithe ag Iarnród Éireann stáisiún iarnróid nua a fhorbairt i gceantar na Coille Móire i mBaile Átha Cliath, ar phríomhlíne Chorcaí atá ann faoi láthair, tuairim is ceithre chiliméadar ó Stáisiún Heuston san oirthear agus tuairim is dhá chiliméadar go leith ó stáisiún na Páirce Thiar agus Ghort na Silíní ar an taobh thiar.

Cabraí
Forbraíodh an plean do stáisiún nua sa Chabrach i bpáirt mar thoradh ar aiseolas ó chomhairliúchán poiblí ar an gClár DART+, agus i gcomhréir le Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath de chuid an NTA.

Mhaigh Rois
Tá sé beartaithe ag Iarnród Éireann stáisiún iarnróid nua a thógáil i gceantar Mhaigh Rois i Luimneach, ar an líne idir Luimneach agus Gaillimh atá ann cheana féin. Cuirfidh stáisiún nua Mhaigh Rois naisc iompair phoiblí níos fearr ar fáil don daonra atá ag fás sa cheantar seo, le nascacht le lár chathair Luimnigh, Gaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus níos faide i gcéin.