Stáisiúin na Coille Móire

Forléargas Tionscadail

Tá sé beartaithe ag Iarnród Éireann stáisiún iarnróid nua a fhorbairt i gceantar na Coille Móire i mBaile Átha Cliath, ar phríomhlíne Chorcaí atá ann faoi láthair, tuairim is ceithre chiliméadar ó Stáisiún Heuston san oirthear agus tuairim is dhá chiliméadar go leith ó stáisiún na Páirce Thiar agus Ghort na Silíní ar an taobh thiar.

Tá pleananna ann don tionscadal 'Imeall na Cathrach' a thabharfaidh suas le 40,000 teach nua agus suas le 75,000 post chuig an gceantar sna blianta amach romhainn. Bheadh stáisiún nua na Coille Móire mar chuid de 'mhol' iompair phoiblí don cheantar amach anseo de réir mar a thiocfaidh an fhorbairt chun críche. (foinse: Creat Straitéiseach Imeall na Cathrach).

Tá ceantar cónaithe, Baile Formaid lastuaidh den iarnród agus is ceantar tionsclaíoch éadrom go príomha atá sa cheantar ó dheas faoi láthair.

I bhfianaise na leibhéal fáis a bhfuiltear ag súil leo go háitiúil agus ar fud chathair Bhaile Átha Cliath ina hiomláine, is dócha go mbeidh gá le réitigh iompair ilmhódacha (lena n-áirítear an stáisiún iarnróid nua sa Choill Mhóir) chun freastal ar an éileamh ar iompar sa cheantar sa mheántéarma agus san fhadtéarma.  Moladh an stáisiún ag Coill Mhóir i Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath mar bhealach chun rochtain nua a sholáthar ar an líonra iarnróid sa cheantar seo atá dlúthdhaonra agus atá ag fás.

Is é an suíomh is dealraithí a roghnófar don stáisiún nua siar ó Dhroichead Bhóthar na Coille Móire. Beidh bealach isteach an stáisiúin ar an taobh thuaidh (Baile Formaid) den iarnród. Ritheann an líne iarnróid i ngearradh domhain sa cheantar seo, dá bhrí sin is dócha go mbeidh an stáisiún nua i bhfolach ó radharc ó na maoine cónaithe ó thuaidh agus comhtháthóidh sé isteach sa tírdhreach uirbeach atá ann cheana.

Leagan Amach Coincheap Stáisiúin na Coille Móire

Le haghaidh leagan ardtaifigh, cliceáil anseo le do thoil.

Beidh plás bhealaigh isteach an stáisiúin ar an taobh thuaidh den iarnród as a dtiocfaidh bealach isteach an stáisiúin. Beidh an ceantar seo in aice do na réadmhaoine cónaithe ar Bhóthar na Coille Móire agus beidh meaisíní díola ticéad agus scáthláin rothair clúdaithe ann agus soláthróidh sé spás sábháilte don fhearann poiblí d'úsáideoirí iarnróid. Déanfar soláthar freisin do chlúdach soilsithe agus TCI sa limistéar seo agus cuirfidh geataí inghlasáilte ar chumas an limistéir seo a dhúnadh le linn uaireanta neamhoibríochta.

Cad Iad na hOibreacha atá ag Teastáil?

Beidh an stáisiún nua comhdhéanta de dhá ardán, ceann amháin soir agus ceann siar ar phríomhlíne Chorcaí mar atá. Beidh na hardáin nua thart ar 174 mhéadar ar fhad, chun freastal ar na traenacha nua DART. Ina theannta sin beidh gach ardán 3.5 méadar ar leithead. Beidh ceamaraí TCI, córais faisnéise poiblí agus fógartha poiblí, agus scáthláin do phaisinéirí ar an dá ardán.

Beidh rochtain ar na hardáin trí staighrí agus droichead coisithe clúdaithe ina mbeidh ardaitheoirí lán-inrochtana freisin. Beidh bealach isteach an stáisiúin ag an leibhéal céanna leis an droichead coisithe iarnróid.

Cad Iad na Buntáistí?

  • Soláthraíonn sé rochtain nua ar an líonra iarnróid do suas le 16,000 cónaitheoir áitiúil agus go leor gnólachtaí laistigh de chiliméadar amháin den stáisiún nua.
  • Feabhsaíonn sé nascacht iompair phoiblí do chónaitheoirí na Coille Móire / Bhaile Fhormaid le suas le 11 thraein in aghaidh na huaire in aghaidh an treo nuair a chuirtear an clár DART + i bhfeidhm (faoi réir éilimh).
  • Feabhsaíonn sé rochtain ar sheirbhísí, ar fhostaíocht agus ar dheiseanna oideachais do chónaitheoirí áitiúla trí nascacht fheabhsaithe le Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
  • Deiseanna idirmhalartaithe ag stáisiún Uí Chonghaile reatha agus ag stáisiún nua Heuston Thiar le haghaidh seirbhísí fad-achair.
  • Comhtháthú agus idirmhalartú níos fearr le modhanna iompair reatha amhail bealach fithbhealach BusConnects S4, na bealaí uimhir 60 agus G, agus níl an stad bus is gaire ach 110 méadar ar shiúl, ag soláthar roghanna idirmhalartaithe ilmhódacha do chónaitheoirí.
  • Tá an stáisiún suite go maith chun comhtháthú a dhéanamh le naisc Luas a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus le líonraí taistil gníomhacha pleanáilte.
  • Spreagann sé roghanna taistil níos inbhuanaithe, trí rogha mhalartach ar thurais i gcarranna príobháideacha a chur ar fáil, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí CO2 a bhaineann le hiompar a laghdú chomh maith le cuidiú le plódú tráchta i limistéir ghnóthacha a mhaolú.
  • Tacaíonn sé le forbairt dhlúth inbhuanaithe sa cheantar, lena n-áirítear Tionscadal Imeall na Cathrach, a bhfuil an poitéinseal ann do suas le 40,000 teach nua agus suas le 75,000 post nua.

Faisnéis Phoiblí

Céad Chéimeanna Eile

Cé gur tionscadal é Stáisiún na Coille Móire atá neamhspleách ar an gClár DART+, tá Iarnród Éireann, CIÉ, agus an NTA ag obair le chéile chun seachadadh an dá thionscadal a chomhordú.

Tá tuilleadh eolais faoi Chlár DART+ le fáil ag: www.dartplus.ie.

Maoiniú Tionscadail

Maoineoidh an Roinn Iompair an stáisiún nua tríd an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA).

Ceisteanna Coitianta

Top