Cláir Chosanta Bhonneagar Iarnróid an Chósta Thoir ECRIPP

ECRIPP Achoimre

Oibríonn agus Iarnród Éireann (IÉ) gréasán iarnróid sábháilte ar chósta thoir na hÉireann agus déanann sé cothabháil air. Is cuid ríthábhachtach den ghréasán iarnróid í an chuid seo idir Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin agus tá seirbhísí DART ó dheas, seirbhísí comaitéireachta Ghuaire agus Idirchathrach Eoraphort Ros Láir ag feidhmiú feadh bhealach seo na radharc.

Is léir do IÉ go bhfuil minicíocht na stoirmeacha ag méadú le blianta beaga anuas mar gheall ar an athrú aeráide. Éilíonn sé seo go ndéanfar níos mó agus níos mó oibreacha cothabhála chun freagra a thabhairt ar thorthaí creimthe cósta, scaileogú (tonnta ag réabadh thar constaicí) agus tuile cósta ar an líne iarnróid agus ar an mbonneagar tacaíochta. Cuirtear isteach níos mó ná riamh ar na seirbhísí reatha mar gheall ar na hoibreacha seo.

Cuireadh tús le Cláir Chosanta Bhonneagar Iarnród an Chósta Thoir (ECRIPP) chun cosaint fheabhsaithe riachtanach cois cósta a thabhairt don bhonneagar iarnróid atá ann cheana

ECRIPP Cúlra

Tá codanna áirithe d'iarnród an chósta atá ó dheas de Bhaile Átha Cliath i dtreo Chill Mhantáin a bhfuil an baol ann go dtarlóidh creimeadh cósta, tuile cósta, scaileogú agus éagobhsaíocht aille agus meastar go dtiocfaidh méadú ar na tionchair sin ó thaobh minicíochta agus déine de sna blianta amach anseo mar gheall ar an athrú aeráide. Tá tuilleadh eolais faoi thionchar an athraithe aeráide in Éirinn ar fáil ag www.climateireland.ie.

Tá tionchair an chreimthe cósta ar chósta thoir na hÉireann, idir Baile Átha Cliath agus Contae Chill Mhantáin, le feiceáil níos mó ná riamh agus tránna agus aillte á gcreimeadh ann gach bliain. Tá taithí phearsanta ag Iarnród Éireann (IÉ) ar na tionchair seo. Méadóidh an ráta caillteanais seo ar aon dul le hardú leibhéil na mara agus méaduithe ar mhinicíocht/dhéine stoirmeacha mar gheall ar an athrú aeráide. Chonacthas cúngú i roinnt áiteanna de líne iarnróid an Chósta Thoir toisc gur scuab an fharraige suas le 20-30 méadar den chósta chun siúil le 10 mbliana anuas. Is é an toradh a bhí air seo ná gur cailleadh go leor talún agus gnáthóg, agus go ndearna an fharraige ionraí sa chaoi go bhfuil an baol ann go gcaillfear tuilleadh codanna den líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin de bharr chreimeadh an chósta.

Tá líne iarnróid reatha an chósta thoir go hiomlán oibríochtúil. Maolóidh ECRIPP an creimeadh cósta, adhaimsir agus tuile cósta chun a chinntiú go gcoinnítear nascacht iarnróid. Leanfaidh IÉ ar aghaidh ag tabhairt faoi oibreacha cothabhála agus leasúcháin i limistéir thábhachtacha feadh líne iarnróid an chósta thoir.

Príomhchuspóirí ECRIPP 

Is é príomhfhócas ECRIPP aghaidh a thabhairt ar an mbonneagar iarnróid agus cósta atá ann cheana agus cosaint a chur i bhfeidhm ina leith ar éifeachtaí an chreimthe cósta mar gheall ar an athrú aeráide i gcúig limistéar tábhachtach ar an líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin.

Tá na nithe seo a leanas san áireamh i bpríomhchuspóirí ECRIPP?

  • tacaíocht a thabhairt d'oibriú sábháilte leanúnach na seirbhísí iarnróid; 
  • athléimneacht an bhonneagair iarnróid i leith an athraithe aeráide amach anseo a mhéadú;
  • oibreacha cosanta cósta inbhuanaithe agus feabhsaithe a chur ar fáil in aghaidh éifeachtaí tuartha an athraithe aeráide amhail ardú leibhéal na mara, creimeadh cósta, borrthaí stoirme ar chonair iarnróid an chósta thoir;
  • an líne iarnróid a chosaint do na glúnta atá le teacht;
  • bainistiú agus cothabháil éifeachtach fhadtéarmach ar chonair an iarnróid a cheadú; 
  • tacaíocht a thabhairt do nascacht inbhuanaithe ísealcharbóin áitiúil, réigiúnach agus idirnáisiúnta chun sochaí ísealcharbóin agus athléimneach ó thaobh na haeráide de a chothú.

Príomhlimistéir

Rinneadh measúnú ar chúig shuíomh lárnach agus meastar go bhfuil cosaint de dhíth orthu chun athléimneacht i leith an chreimthe cósta mar gheall ar an athrú aeráide a mhéadú. Rinneadh measúnú ar na cúig limistéar sin toisc go raibh ionraí orthu a bhí chomh dona go bhfuil an bonneagar atá ann cheana i mbaol de dheasca an chreimthe cósta. Tá gach suíomh á sheachadadh mar thionscadal neamhspleách trí dhearadh, pleanáil agus tógáil.

Is iad seo a leanas na cúig shuíomh;                                                                        

  • Geataí Mhuirfean go Trá Rinn na Mara
  • Trá na Carraige Báine go Cill Aighne Theas
  • Ceann Bhré go Trá Thuaidh na gCloch Liath
  • Cill Chomhghaill go dtí an Caisleán Nua
  • An Caisleán Nua go Muiríoch Chill Mhantáin

Cliceáil anseo chun leagan Inrochtana de léarscáil na Limistéar Cille Cósta ECRIPP a fháil

Cad é an staid reatha?

Táimid ag Céim 3, an Réamhdhearadh, faoi láthair. Déanfar athbhreithniú ar an aiseolas go léir nuair a bheidh Comhairliúchán Poiblí 2 thart agus beidh an t-aiseolas sin ina chuidiú leis an Scéim Roghnaithe a thabhairt chun críche. Foilseofar Tuarascáil ar Thorthaí an Chomhairliúcháin chun an t-aiseolas a fuarthas a dhoiciméadú.


Tá na sonraí go léir faoi gach Scéim Roghnaithe, léarscáileanna, líníochtaí agus Tuarascálacha Dearaidh Chéim 3 san áireamh, ar fáil le féachaint orthu agus le híoslódáil thíos trí gach suíomh gréasáin tionscadail thíos.


Rinneamar roinnt suirbhéanna chun na scéimeanna a threorú. Chlúdaigh na suirbhéanna seo suirbhéanna éiceolaíochta neamhsháiteacha, suirbhéanna topagrafacha agus suirbhéanna aerfheithicle gan foireann (UAV). Rinneamar suirbhé imscrúdaithe talún freisin chun an dearadh gar don líne iarnróid a threorú.


Féach an nasc leis an Dearbhú Scagtha MC a bhaineann leis an suirbhé imscrúdaithe talún.

An Scéim Roghnaithe

Conas a bheith Rannpháirteach

Cuid riachtanach den dearadh agus den phróiseas measúnaithe is ea go nglacfaidh tú páirt agus go seolfaidh tú aiseolas chugainn. Cuirfidh do chuid eolais ar an gceantar bonn eolais faoin dearadh, lena gcinnteofar go mbeidh sé tairbheach duitse agus do na pobail áitiúla agus lena soláthrófar an chosaint riachtanach fheabhsaithe cois cósta don bhonneagar iarnróid atá ann cheana féin.

Téigh i dteagmháil linn trí na modhanna seo a leanas:

R-phost: ecrippenquiries@irishrail.ie

Líne ghutháin: 01 202 7900

Más fearr leat scríobh chugainn, seol litir nó aon chomhfhreagras eile chuig:

ECRIPP
Foirgneamh Innealtóireachta agus Oibreacha Nua,
Iarnród Éireann,
Oibreacha Inse Chór
Baile Átha Cliath 8,
D08 K6Y3

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tar éis measúnú iomlán a dhéanamh ar an aiseolas, déanfar Tuarascáil ar Thorthaí Comhairliúcháin maidir le Comhairliúchán Poiblí 2 a ullmhú agus a fhoilsiú.

Bainfear úsáid as an bhfaisnéis uile arna bailiú ag an bhfoireann tionscadail chun forbairt dearaidh na scéime roghnaithe a thabhairt i gcrích maidir le gach tionscadal. Beidh an scéim a roghnófar ina hábhar ansin de Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT) agus de Mheasúnacht Chuí (MC) mar chuid den iarratas ar phleanáil.  Beidh tréimhse chomhairliúcháin reachtúil á rith ag an gCoimisiún Pleanála ina dtabharfar cuireadh don phobal, trí fhógraí poiblí, aighneachtaí a dhéanamh, go díreach chuig an gCoimisiún Pleanála, rudaí a bhreithneoidh an Coimisiún ina phróiseas cinnteoireachta.

ECRIPP - FAQs

Maoiniú an Tionscadail

Tá Iarnród Éireann tiomanta don tionscadal seo chun a chinntiú go gcosnaítear bonneagar ríthábhachtach, go mbainfimid amach na spriocanna náisiúnta um athrú aeráide atá fadtéarmach agus uaillmhianach agus go gcomhlíonfaimid an gealltanas a thugamar chun iompar poiblí a chosaint agus a fheabhsú i gcomhréir le Straitéis Iarnród Éireann.

Tá ECRIPP maoinithe ag an Roinn Iompair, tríd an Údarás Náisiúnta Iompair faoi Thionscadal Éireann 2040 agus tá sé comh-mhaoinithe ag ciste Shaoráid um Chónascadh na hEorpa de chuid an AE.. Tá Iarnród Éireann tiomanta don tionscadal seo agus déantar foráil dó sa Chlár Rialtais agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta.

Braitheann gach tionscadal ar chistiúchán an Státchiste don mhaoiniú ar deireadh thiar thall. Leanfar ar aghaidh leis an tionscadal faoi réir fhaomhadh cead pleanála agus faomhadh an Cháis Ghnó ón Rialtas a fháil.

Urraí an Tionscadail

Tá ECRIPP á chur i bhfeidhm ag Iarnród Éireann mar chuid de Thionscadal Éireann 2040 agus den Chlár Forbartha Náisiúnta.

I measc Urraí an Tionscadail, tá:

Déan Teagmháil Linn

Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann an tionscadail ach ríomhphost a sheoladh chuig;

Uimhir Theileafóin: 01 202 7900

R-phost: ecrippenquiries@irishrail.ie  

Post:
ECRIPP
Foirgneamh Innealtóireachta agus Oibreacha Nua,
Iarnród Éireann,
Oibreacha Inse Chór
Baile Átha Cliath 8, D08 K6Y3

Top