Cláir Chosanta Bhonneagar Iarnróid an Chósta Thoir (ECRIPP): Comhairliúchán Poiblí 1 – An Scéim is Dealraithí a Roghnófar
- Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí
- Stádas Reatha an Deartha
- Comhairliúchán Poiblí 1
- Conas a bheith Rannpháirteach
- Na Chéad Chéimeanna Eile
- An Scéim is Dealraithí a Roghnófar
Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí
Bhí Comhairliúchán Poiblí 1 maidir leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar ar siúl i Samhain 2024. Tá deireadh tagtha leis an gcomhairliúchán sin anois. Déanfar an t-aiseolas uile a fuarthas a mheas ag Comhairliúchán Poiblí 1, chun an dearadh a chur ar aghaidh chuig Comhairliúchán Poiblí 2 in 2025, nuair a chuirfimid an Scéim a Roghnófar i láthair.
Stádas Reatha an Deartha
Táimid i gCéim 3, an Réamhdhearadh, faoi láthair. Tar éis a thuilleadh staidéar, measúnuithe, forbartha dearaidh agus comhairliúcháin agus tar éis dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar d'aiseolas, déanfar an Scéim a Roghnófar a leagan amach do gach Limistéar Cille Cósta. Soláthrófar sonraí breise leis an Scéim a Roghnófar maidir le conas a bhaineamar úsáid as do chuid aiseolais chun gnéithe ar leith den dearadh a bheachtú ag gach Limistéar Cille Cósta.
Comhairliúchán Poiblí 1
Maidir le Comhairliúchán Poiblí 1, tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara tuairimí a thabhairt agus aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar.
Tá gach eolas faoi gach Scéim is Dealraithí a Roghnófar, lena n-áirítear léarscáileanna, líníochtaí agus na Tuarascálacha faoi Roghnú Réamhroghanna ar fáil lena bhfeiceáil agus lena n-íoslódáil ar an suíomh gréasáin tionscadail seo. Tá gach eolas faoin bpróiseas roghnachais ar fáil sna Tuarascálacha faoi Roghnú na Réamhroghanna.
An Scéim is Dealraithí a Roghnófar
Geataí Mhuirfean go Trá an Phointe
Trá na Carraige Báine go Cill Aighne Theas
Ceann Bhré go Trá Thuaidh na gCloch Liath
Cill Chomhghaill go dtí an Caisleán Nua
An Caisleán Nua go Muiríoch Chill Mhantáin
Conas a bheith Rannpháirteach
Cuid riachtanach den dearadh agus den phróiseas measúnaithe is ea go nglacfaidh tú páirt agus go seolfaidh tú aiseolas chugainn. Beidh do chuid eolais ar an gceantar an-úsáideach maidir le bonn eolais a chur faoin dearadh atá á fhorbairt, cinnteofar leis go rachaidh an dearadh sin chun tairbhe duitse agus do mhuintir na háite agus go soláthrófar cosaint riachtanach fheabhsaithe cois cósta don bhonneagar iarnróid atá ann cheana féin.
Tá an tréimhse chomhairliúcháin ar oscailt faoi láthair agus dúnfar í an 6 Nollaig.
Téigh i dteagmháil linn trí na modhanna seo a leanas:
R-phost: ecrippenquiries@irishrail.ie
Líne ghutháin : 01 202 7900
Más fearr leat scríobh chugainn, seol litir nó aon chomhfhreagras eile chuig:
ECRIPP
Foirgneamh Innealtóireachta agus Oibreacha Nua,
Iarnród Éireann,
Oibreacha Inse Chór
Baile Átha Cliath 8, D08 K6Y3
Imeachtaí ar an Láthair
Mar chuid de Chomhairliúchán Poiblí 1, reáchtáladh imeachtaí le pearsanra ar an láthair i nDún Laoghaire, i mBré, i gClocha Liatha agus i gCill Mhantáin i Samhain 2024 chun an Scéim is Dealraithí a Roghnófar a chur i láthair maidir le gach Limistéar Cille Cósta.
Reáchtálfar imeachtaí eile le pearsanra ar an láthair mar chuid de Chomhairliúchán Poiblí 2 níos déanaí i mbliana.
Na Chéad Chéimeanna Eile
Is mar thoradh ar an bpróiseas um roghnú roghanna agus ar an bhforbairt dearaidh atá déanta go dtí seo a forbraíodh an Scéim is Dealraithí a Roghnófar do gach limistéar cille cósta, ábhar a raibh Comhairliúchán Poiblí 1 dírithe air.
Déanfar athbhreithniú agus measúnú ar gach aiseolas agus aighneacht a fuarthas ag Comhairliúchán Poiblí 1 mar chuid den fhorbairt dearaidh ar an Scéim a Roghnófar do Chomhairliúchán Poiblí 2.