CCA2-3 Tollán Dheilginse go hIonad Cóireála Fuíolluisce Sheangánaí-Bhré

Is é CCA2/3 an chuid den chósta a shíneann ó Thollán Dheilginse go díreach ó dheas de Thúr Martello Chill Iníon Léinín (gar d'Ionad Cóireála Fuíolluisce Sheangánaí-Bhré). Tá an t-éadanas seo neamh-uirbeach den chuid is mó agus is iad na haillte nádúrtha ann chomh maith le struchtúir shaorga in áiteanna atá mar thaca faoin gconair iarnróid.

Déanfar an Scéim is Dealraithí a Roghnófar do CCA2/3 a chur i láthair ag an gcomhairliúchán poiblí.  Sraodbhallaí carraige agus ballaí coincréite mar aon le siúlbhealach atá sa scéim sin.

Is iad seo a leanas na príomhbhuntáistí a aithníodh leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar:

  • Tógáil neamhchasta agus ar chostas measartha íseal;
  • Ní bheidh gá le mórán cothabhála a dhéanamh ná le mórán airgid a chaitheamh ar chothabháil;
  • Réiteach láidir;
  • Ní úsáidfear mórán ábhar agus ní tháirgfear mórán fuíollábhair;
  • An rogha is fearr maidir le bainistiú carbóin; agus
  • Tionchar íseal ó thaobh torainn, tonnchreatha agus caighdeán aeir de.

Sraodbhalla carraige

  • Déanfar sraodbhalla carraige a thógáil ar an trá ag bun na haille os comhair struchtúir atá ann cheana féin ag an gCarraig Bhán (laisteas de Thrá na Carraige Báine).  Beidh dhá shraith ar a laghad de chlocha móra nádúrtha sa sraodbhalla carraige.  Roghnaíodh méid na carraige ar mhaithe le seasmhacht fadtéarmach chomh maith leis an athrú aeráide a bheith san áireamh.  Beidh an charraig seo ar ard-chaighdeán chun a chinntiú go mairfidh sí ar feadh i bhfad.
  • Déanfaidh an sraodbhalla carraige seo fuinneamh na dtonnta a ionsú, déanfaidh sé rith na dtonnta agus scaileogú a laghdú agus déanfaidh sé an líne chladaigh a chobhsú.
  • Ardófar, in aon áit a bhfuil gá leis, airde na mballaí atá ann cheana féin taobh thiar de na sraodbhallaí seo chun dul i ngleic leis an mbaol scaileogaithe.

Siúlbhealaí

  • Tá siúlbhealaí ann cheana féin ar chúl roinnt stráicí trá ag Trá Chill Iníon Léinín.  Cuirfear fad leis na siúlbhealaí seo ó dheas agus ar an gcaoi sin, beidh bealach leanúnach feadh chúl na trá agus beifear in ann dul síos ar an trá ó áiteanna éagsúla feadh an bhealaigh.  Cuirfidh na struchtúir nua seo bac ar na tonnta creimeadh a dhéanamh ar na fánaí atá faoin gconair iarnróid ag an suíomh seo.  
  • Cuirfear carraig faoi talamh ag bun na struchtúr nua seo le bac a chur ar aon tolladh faoi má íslíonn leibhéil na trá amach anseo.

Ábhar Úsáideach agus Ábhar is féidir a Íoslódáil

Appendices

To make a submission please visit the How to Engage section.

Top