Ag teacht lenár mbeartas GDPR má tá cuntas neamhghníomhach ar feadh 13 mhí, scriostar do chuntas Iarnród Éireann.
Is féidir leat cuntas nua a chur ar bun an chéad uair eile atá tú ag cur in áirithe. Nuair a thagann an rogha chun sonraí do chuntais a chur isteach nó dul ar aghaidh mar chuairteoir, cliceáil ar aghaidh mar chuairteoir agus cuir isteach do chuid sonraí mar is gnách.
Chun cuntas a chur ar bun níl le déanamh ach tic a chur sa bhosca a deir ‘Sea, is mian liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú. Is féidir an bosca tic a fháil i ‘Sonraí Pearsanta’ agus faoi ‘shonraí an Chustaiméara’ mar a fheictear sa ghabháil scáileáin thíos. Nuair a bheidh d’áirithint deimhnithe gheobhaidh tú ríomhphost le sonraí do chuntais.
