Ceisteanna Coitianta
-
Tá an t-iarratas ar Ordú Iarnróid cosúil leis an bpróiseas iarratais phleanála, go bunúsach. Tá an tionscadal aicmithe mar Fhorbairt Straitéiseach Bonneagair (SID) agus déanann Iarnród Éireann iarratas díreach ar an mBord Pleanála ar chead ina leith. Tá an próiseas iarratais ar Ordú Iarnróid leagtha amach san Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú leis an Acht um Bonneagar Straitéiseach 2006. Cuirfimid an t-iarratas ar Ordú Iarnróid isteach nuair atá an chéad dhá chéim den chomhairliúchán poiblí tugtha chun críche. Féadfar d’aon duine nó aon chomhlacht aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord Pleanála maidir leis an iarratas agus/nó an Tuarascáil um Mheasúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol. Cuimseofar leis an iarratas ar Ordú Iarnróid roinnt cáipéisí teicniúla agus líníochtaí tionscadail agus Tuarascáil um Mheasúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol. Déanfaidh an Bord Pleanála athbhreithniú agus breithniú ar na cáipéisí agus na líníochtaí seo go léir mar aon le haon aiseolas / aighneachtaí a gheofar ón bpobal mar chuid den phróiseas reachtúil comhairliúcháin phoiblí sula ndéanfar cinneadh ar an iarratas. Táimid ag súil go ndéanfaidh an Bord Pleanála Éisteacht Bhéil sula ndéanfaidh siad cinneadh. Ag Éisteacht Bhéil tabharfaidh údair na dtuarascálacha agus na saineolaithe ábhartha fianaise ar na haighneachtaí a fuarthas agus beidh siad ar fáil lena gceistiú. Tá tuilleadh faisnéise faoi conas haighneacht/breathnóireacht i scríbhinn chur isteach leis an mBord agus nósanna imeachta um Éisteachtaí Béil ar fáil ó shuíomh gréasáin an Bhoird
-
Faoi réir go ndéanann an Bord Pleanála an tOrdú Iarnróid a dheonú, táthar ag súil go gcuirfear tús le hoibreacha chéim tógála i 2022 agus go mbeidh sé críochnaithe/ag feidhmiú i 2025.
-
Mar gheall ar athruithe sealadacha ar ár bPleanálaí Turais, ba chóir do chustaiméirí gur mian leo rothar a chur in áirithe ar líne na céimeanna thíos a leanúint:
1. Bain úsáid, le do thoil as ár bPleanalaí Turais eile
2. Iontráil do phointe tosaigh agus ceann scríbe, líon paisinéirí agus dátaí taistil
3. Cliceáil an ticbhosca ‘Taispeáin infhaighteacht rothar’
4. Rognaigh ‘téigh’ chun do chuardach Pleanalaí Turais a chríochnú
5. Ní thaispeánfar ach seirbhísí le spásanna ar fáil do rothar
6. Roghnaigh an turas agus an cineál ticéid a theastaíonn uait
7. Nuair is mian leat dul ar aghaidh roghnaigh, le do thoil ‘Cuir Ticéid in Áirithe’
8. Ar an leathanach ‘Gnéithe Breise’ roghnaigh an rothar/na rothair a theastaíonn uait agus roghnaigh ‘Na Chéad Chéimeanna eile’
9. Nuair a bheidh d’áirithint déanta beidh na roghanna rothar/ rothair deimhnithe
Rothair ar Thraenacha InterCity
Fáiltíonn Iarnród Éireann roimh rothair ar gach ceann dár seirbhísí ach cuirtear srianta áirithe i bhfeidhm i rith na n-amanna taistil is gnóthaí. Ní ghearrtar aon táille ar shuíochán a chur in áirithe ná ar thaisteal le rothair ar bord aon chinn dár seirbhísí. Is féidir rothair atá fillte agus clúdaithe a iompar ar bord na seirbhísí go léir saor in aisce
Tá áiseanna iompair rothar ar na traenacha InterCity go léir. TTá stóráil ar fhormhór na seirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh agus ar gach traein ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste atá suite i limistéar ar leith amach ó limistéar paisinéirí na traenach.
Ar gach bealach InterCity eile, tá na spásanna rothair laistigh de limistéar na bpaisinéirí. Ní cheadaítear rothair a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí mura bhfuil spás dóibh sa raca rothar ar bord. Ní gá rothair 'Fillte” a fhágáil sa raca rothar. Ní cheadaítear a leithéidí ‘Trírothach’ a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí.
Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Intercity a chur in áirithe roimh ré, ar líne ag bPleanálaí Turas.
Seirbhísí a thaistealaíonn isteach i Stáisiún Heuston (seirbhísí Intercity agus comaitéirí Phort Laoise)
Tá ár gcuid seirbhísí faoi lánacmhainneacht ag buaic‐am taistil, dá réir sin, ní cheadaítear
rothair ag na hamanna sonraithe idir an Luan – an Aoine mura bhfuil an rothar curtha in áirithe
ar sheirbhís Idirchathrach roimh ré. Taispeánfar na seirbhísí ar féidir iad a chur in áirithe ar ár
bPleanálaí Turas.- Seirbhísí a bhaineann Stáisiún Heuston amach idir 07.00 uair agus 09.30 uair
- Seirbhísí a fhágann Stáisiún Heuston idir 16.00 uair agus 19.00 uair
Áirithintí Rothair
Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Intercity a chur in áirithe roimh ré tríd an bPleanálaí Turais thuas
-
Fanfaidh aon idirbhearta páirceála bailí Parkbytext a shíneann thar 26 Feabhra 2018 (m.sh. TaxSaver nó sealbhóirí pasanna bliantúla), bailí i gcórais APCOA. Más mian leat aon athruithe a dhéanamh ar na sonraí seo tar éis an 26 Feabhra 2018 beidh APCOA in ann cabhrú leat.
-
Trí aontú páirt a ghlacadh, tuigeann tú agus aontaíonn tú gur féidir linne (Iarnród Éireann agus ár gcomhpháirtí cruthaitheach Publicis Dublin) do shonraí a stóráil agus a phróiseáil ar an mbealach seo a leanas:
Sonraí
D’ainm, do sheoladh, do ríomhphost, d’uimhir fóin, eolas turais (dáta, uair agus stáisiúin an turais san áireamh) agus stádas an turais (i bhfoirm nuashonrúcháin GPS, an chaoi a úsáideann tú an aip, agus aon aiseolas a chuireann tú ar fáil faoi thurais ar leith nó faoi d’eispéireas ar an iomlán.
Cén fáth?
Chun an triail a chomhordú, cumarsáid a dhéanamh leat le linn na trialach, cinntigh go bhfuilimid ar an eolas faoi cá bhfuil na paisinéirí le linn na trialach, deimhnigh go bhfuil gach stáisiún DART á thástáil againn sa triail, seiceáil a dhéanamh ar na leibhéil seirbhíse i ngach am den lá/seachtain, creidmheas taistil a sholáthar duit (más gá) agus tú a chur ar an eolas faoi dheiseanna tástála/trialach breise don aip seo.
Cé mhéad ama?
Suas le bliain tar éis dheireadh na trialach tosaigh.
Cá háit?
Ar fhreastalaithe slána in Éirinn. Bainfidh an córas úsáid as na caighdeáin criptithe is déanaí agus beidh an tionscadal ar fad i gcomhréir le GDPR. Ní roinnfear na sonraí le tríú páirtithe.
Beidh ar Iarnród Éireann agus Publicis Dublin do shonraí a stóráil agus a phróiseáil chun rochtain ar an aip don triail a éascú, agus chun torthaí an tionscadail a chinneadh. Iarrfaimid ort do chead a dheimhniú le téarmaí uile na trialach (lena n-áirítear an chaoi a bpróiseálfar do shonraí) sula mbeidh rochtain agat ar an aip. .
-
Ní bhainfidh. Ní roinnfidh Iarnród Éireann do shonraí pearsanta le tríú páirtithe ach amháin nuair is gá é chun aghaidh a thabhairt ar an eolas atá i do theachtaireacht téacs tríd an tSeirbhís Train Text agus mar a leagtar amach sna Téarmaí agus Ceisteanna Coitianta agus inár bPolasaí Príobháideachta.
Ní bhainfear úsáid as an eolas a chuireann tú ar fáil tríd an tseirbhís téacs Iarnróid Éireann chun margaíocht a chur chugat.
Mar a leagtar amach sna Téarmaí agus Ceisteanna Coitianta seo, tá conradh ag Iarnród Éireann le soláthraithe seirbhíse tríú páirtithe chun cabhrú leis an Seirbhís Téacs.
Our service providers are required to keep confidential the information received on behalf of Iarnród Éireann and may not use it for any purpose other than to carry out the services they are performing for Iarnród Éireann. These service providers may change or we may contract with additional service providers to better accommodate our customers.
-
On-board catering resumes on the Cork to Dublin route from the 24th April. A limited service will operate initially with more services being added over the following weeks. From the 15th May a full trolley service will be in place on all Dublin to Cork and Cork to Dublin services.
Customers please note, all catering services are cashless and cash will not be accepted on board.
On-board catering is available on the Dublin - Belfast Enterprise services.Retail / catering facilities are available at many of our stations.
Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil téigh chuig An Lónadóireacht Ar Bord Traenacha.
-
Gheobhaidh ár soláthraí seirbhíse téacs, Sendmode, do shonraí chun cabhrú linn Seirbhís Téacs Iarnróid Éireann a chur ar fáil.
Ag brath ar nádúr na heachtra, tá seans ann go n-iarrfaí ar Iarnród Éireann do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig na Gardaí, go háirithe más rud é go bhfuil na Gardaí ag fiosrú gníomhaíochta choiriúla ar an DART, nó ag aon stáisiún DART agus más finné thú ar choir.
Mar aon leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh orainn do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig ár n-árachóirí nó chuig ár gcomhairleoirí dlí mar pháirt de haon éileamh a bhaineann leis an eachtra a tuairiscíodh.
I gcás ina roinntear sonraí beidh sé á rialú ag conradh i gcomhréir le Beartas Cosanta Sonraí Iarnróid Éireann, Bealtaine 2018. -
Tá an próiseas fíordheimhnithe 3D Secure comhtháite gan stró isteach inár bpróiseas cuntair amach ar líne agus de ghnáth ní chuirfidh sé ach cúpla soicind leis an ngnáth-am idirbhirt. Creidimid gur praghas beag é seo le híoc as cosaint mhéadaithe dár gcustaiméirí.
-
Má tá uimhir theileafóin neamh-Éireannach á cur isteach agat, déan cinnte, le do thoil, go gcuireann tú do chód diailithe idirnáisiúnta léi - m.sh. as na Stáit Aontaithe cuirtear 001 nó +1 roimh an uimhir fóin.